Irimia 15
15
Athnuachan Ghlaoch Irimia
1Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo! 2Agus má fhiafraíonn siad díot: ‘Cá rachaimid?’ inseoidh tú é seo dóibh: Is mar seo a deir an Tiarna:
‘An mhéid faoi choinne na plá, chun na plá;
an mhéid faoi choinne an chlaímh, chun an chlaímh;
an mhéid faoi choinne an ghorta, chun an ghorta;
an mhéid fáoí choinne an bhraighdeanais, chun an bhraighdeanais!’
3“Ceithre soirt oidhe a dháilim dóibh: an claíomh do mharú, na madraí do réabadh, éanlaith an aeir agus ainmhithe na talún do shlogadh agus do dhíothú. 4Déanfaidh mé díol uafáis díobh i radharc ríochtaí uile an domhain, mar gheall ar Mhanaise, mac Hiziciá, rí Iúdá, agus na míghníomhartha a rinne sé in Iarúsailéim.
5Cé ag a bhfuil trua duit, a Iarúsailéim, cé a dhéanann comhbhrón leat,
cé a sheasann le fiafraí cén chaoi bhfuil tú?
6Is tú féin a thréig mise - an Tiarna a labhraíonn.
Thug tú cúl liom;
mar sin sínim mo lámh amach i d'aghaidh
le go scriosfainn thú.
Tá mé tuirseach den aithreachas.
7Tá siad scagtha agam le gabhlán cáite
i mbailte a dtíre.
Bainim díobh a gclanna, díoscaim mo dhaoine
óir diúltaíonn siad filleadh óna mbealaí.
8Tá líon a mbaintreach arna mhéadú
os cionn ghaineamh na farraige.
Ar mháithreacha na n‑ógánach
tugaim an millteoir i lár na lae ghil.
Tugaim anuas orthu go tobann pianpháis agus scéin.
9Gabhann laige an mháthair a rug mórsheisear,
imíonn an spiorad aisti.
Chuaigh a grian faoi agus an lá fós ann,
fuair sí náire agus míchlú...
Tabharfaidh mé an fuílleach díobh do chlaíomh a naimhde
- an Tiarna a labhraíonn.”
10Is mairg domsa, a mháthair, gur rug tú mé
i m'fhear caismirte agus i m'fhear achrannach don tír ar fad.
Ní thugaim ar iasacht ná ní bhfaighim ar iasacht;
ina dhiaidh sin mallaíonn gach aon duine mé.
11Nach fíor é, a Thiarna, go ndearna mé mo dhícheall fónamh duit,
go ndearna idirghuí leat ar mo namhaid
12An féidir le fear iarann a bhriseadh,
iarann ón tír thuaidh, nó cré-umha?
13“Tabharfaidh mé do mhaoin
agus do chiste chun creiche,
mar íocaíocht ar do pheacaí uile ar fud do thíre.
14Tabharfaidh mé i ndaoirse thú do do naimhde
i dtír nach feasach duit,
óir d'fhadaigh m'fhearg tine
a loscfaidh thú go hiomlán,”
15ar uair a thubaiste agus a anó?
Is feasach duit go ndearna!
A Thiarna, cuimhnigh ormsa, coinnigh do shúil orm,
agus déan mise a dhíolt ar lucht mo ghéarleanúna.
Is mall í d'fhearg; ná lig i gcrích go sciobfaí chun siúil mé.
Bíodh a fhios agat gur ar do shonsa a fhulaingím masla.
16Nuair a tháinig do bhriathra, d'ith mise iad.
Bhí do bhriathar ina ghairdeachas
agus ina lúcháir do mo chroí;
óir gaireadh d'ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua.
17Níor bhain mé sult riamh as suí i gcomhluadar na scigirí;
mar gheall ar do láimhse orm, shuigh mé ar leithligh,
óir líon tú le fearg mé.
18Cad chuige a bhfuil mé ag síorfhulaingt,
a bhfuil mo chneá gan leigheas, agus í doleigheasta?
An mbeidh tú domsa amhail sruthán bréagach
a bhfuil a uisce neamhbhuan?
19Is mar seo a d'fhreagair an Tiarna:
“Má fhilleann tú, tabharfaidh mé liom arís thú ar aimsir;
agus má labhraíonn tú go huasal agus ní go suarach,
beidh tú amhail mo bhéal féin.
Fillfidh siadsan ortsa,
ach ná fillse orthusan.
20Déanfaidh mise díotsa
balla cumhdaigh práis in aghaidh an phobail seo.
Troidfidh siad leat, ach ní bhéarfaidh siad bua ort,
óir tá mise leat chun cuidiú leat
agus chun thú a shaoradh
- an Tiarna a labhraíonn.
21Saorfaidh mé thú as láimh an drochdhuine,
agus fuasclóidh mé thú as crúba an neamhthrócairigh.”
Currently Selected:
Irimia 15: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.