Irimia 10
10
Íola agus an Dia Fíor
1Éistigí a theach Iosrael, leis an mbriathar a deir an Tiarna libh. 2Is mar seo a deir an Tiarna:
“Ná toghaigí bealaí na náisiún,
ná bíodh eagla oraibh roimh chomharthaí neimhe,
bíodh agus go mbíonn eagla ar na náisiúin rompu.
3Is neamhní é uafás na bpobal,
ní mó ná crann é a leagadh san fhoraois,
saothar lámh an oibrí leis an tua,
4maisíodh ansin é le hairgead agus le hór.
Daingníonn siad le tairní agus le casúr iad,
le nach dtitfeadh siad.
5Is taibhsí préachán iad i ngarraí mealbhacán,
agus balbh dá réir;
is éigean a n‑iompar, ó tharla gan siúl acu.
Ná bígí eaglach rompu: ní thig leo olc a dhéanamh
ná fós, an mhaith!”
6Níl aon duine cosúil leatsa, a Thiarna;
tá tú mór, agus is mór é d'ainm i gcumhacht.
7Cé hé an té nach dtabharfadh urraim duit,
ó a Rí na gciníocha?
Sea, is duitse is dual é seo.
De bhrí nach bhfuil i measc críonna uile na gciníocha,
agus ina ríochtaí uile, aon duine cosúil leatsa.
8Ta siad uile frí chéile brúideach agus amadánta:
is díomhaoin é teagasc na náideanna seo,
9- airgead spréite as Tairsís, agus ór as Óifír -
obair an tsnoíodóra agus saothar an cheardaí óir;
saothar ceardaí éigin iad go huile;
gléastar iad in éadach, corcra agus corcairghorm.
10Ach is é an Tiarna an Dia fíor, an Dia bithbheo.
Is é an Rí síoraí é.
Creathnaíonn an talamh nuair atá sé i bhfeirg,
ní fhéadann na ciníocha a fhraoch a fhulaingt.
11(Inis é seo dóibh: “Na déithe nach ndearna na spéartha ná an talamh, imeoidh siad ón talamh agus ó faoi na spéartha.”)
12Is é a rinne an talamh lena chumhacht,
is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna,
agus a spréigh amach na spéartha lena ghrinneas.
13Nuair a dhéanann sé toirneach
bíonn tormán uisce sna flaithis;
tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún,
déanann tintreach le haghaidh na fearthainne
agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.
14Ar an uair sin tagann ionadh agus alltacht ar gach aon duine,
deargann gach órcheard mar gheall ar íol a lámh,
óir is bréaga a chuid íol gan puth anála iontu.
15Is náideanna iad, is díol gáire;
nuair a thiocfaidh am a gcuarta,
rachaidh siad as.
16Ní cosúil leo siúd “Roinn Iacóib”,
óir is é cruthaitheoir an uile ní é,
agus is é Iosrael treibh a oidhreachta.
Tiarna na Slua is ainm dó.
17Bailígí bhur gcuid! Imígí libh amach,
sibhse atá faoi léigear!
18Óir is mar seo a deir an Tiarna:
“Teilgfidh mé amach anois muintir na tíre, an uair seo,
agus cuirfidh mé i sáinn iad,
féachaint an bhfaighidh siad ansin mé!”
19Mo thrua mise de bhrí mo chréachta!
Tá mo chneá gan leigheas!
Dúirt mé liom féin:
“Is doilíos é seo d'fhéadfaí a fhulaingt;
20ach anois tá mo bhoth scriosta,
mo rópaí uile briste,
d'imigh mo chlann mhac uaim agus níl siad ann;
níl duine fágtha agam a shínfidh mo bhoth an athuair,
ná a chrochfaidh na scáthéadaí taoibhe.”
21Is iad na tréadaithe a bhí dallaigeanta;
ní dheachaigh siad ar lorg an Tiarna. Ar an ábhar sin
ní raibh an rath orthu agus scaipeadh a dtréad ar fad.
22Scéala! Scéala chugainn!
Ruathar millteach ag teacht ón tuaisceart
le go ndéanfar bailte Iúdá ina bhfásach, ina n‑uamha seacál.
Urnaí
23Is maith atá a fhios agat, a Thiarna,
nach ann féin atá slí duine, ná ní sa duine
a shiúlann atá díriú a choiscéimeanna.
24Ceartaigh sinn, a Thiarna, go mín,
ní i bhfeirg, ar fhaitíos go ndéanfaí neamhní dínn.
25Doirt amach do dhíbheirg ar na náisiúin
nach dtugann aithne duit,
agus ar na ciníocha nach ngaireann ar d'ainm,
óir d'ith siad Iacób agus shlog siad é,
agus rinne siad a áitreabh uaigneach.
Currently Selected:
Irimia 10: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.