YouVersion Logo
Search Icon

Breithiúna 9

9
Réimeas Aibímeilic
1Chuaigh Aibímeilic mac Iarubál go Seicim, go bráithre a mháthar, agus dúirt leosan agus le fine uile theaghlach a mháthar: 2“Cuirigí an cheist seo, le bhur dtoil, chun ceannairí Sheicim: ‘Cé acu is fearr daoibh, deichniúr agus trí fichid, clann Iarubál ar fad, a bheith i gceannas oraibh nó aon duine amháin?’ Cuimhnigí leis gur cnámh de bhur gcnámh agus feoil de bhur bhfeoil mise.” 3Labhair bráithre a mháthar mar sin faoi le ceannairí uile Sheicim, agus tháinig lé acu le hAibímeilic, “Mar,” a dúradar leo féin, “is bráthair dúinn é.” 4Thugadar seachtó seicil airgid dó as teampall Bhál Bheirít, agus bhain Aibímeilic feidhm as sin mar thuarastal do scraistí gan mhaith a lean é. 5D'imigh sé leis ansin go teach a athar in Ofrá, agus mharaigh a bhráithre, clann mhac Iarubál, deichniúr agus trí fichid díobh ar an aon leac. Ach d'éalaigh Iótám an mac a ba óige le Iarubál, mar bhí sé imithe i bhfolach.
6Chruinnigh ceannairí uile Sheicim agus Bhéit Mileo i gceann a chéile agus cheapadar Aibímeilic ina rí taobh le dair an cholúin i Seicim. 7Nuair a insíodh é sin do Iótám, ghabh sé suas ar Shliabh Girizím agus sheas ar a mhullach, gur ghlaoigh sé os ard orthu á rá:
“Éistigí liomsa, a cheannairí Sheicim,
i dtreo go n‑éistfidh Dia libhse.
8Chuaigh na crainn amach tráth
Chun rí a ungadh dóibh féin
Agus dúradar leis an gcrann olóige:
‘Bíse i do rí orainn!’
9Dúirt an crann olóige leo, ámh:
‘An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhéathras,
Lena dtugtar onóir do Dhia agus do dhaoine
Chun a bheith i réim ar na crainn?’
10Agus dúirt na crainn leis an gcrann figí:
‘Tar thusa, agus bí i do rí orainn.’
11Dúirt an crann figí leo, ámh:
‘An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhilseacht
Agus mo dhea-thoradh
Chun a bheith i réim ar na crainn?’
12Agus dúirt na crainn leis an bhfiniúin:
‘Tar thusa agus bí i do rí orainn.’
13Ach d'fhreagair an fhiniúin iad:
‘An amhlaidh a thréigfidh mise m'fhíon
A chuireann áthas croí ar Dhia agus ar dhaoine
D'fhonn bheith i réim ar na crainn?’
14Ansin dúirt na crainn go léir leis an dris:
‘Tar thusa agus bí i do rí orainn.’
15Ach dúirt an dris leis na crainn:
‘Más mian libh dáiríre mise a ungadh i mo rí oraibh féin,
Tagaigí ar scáth mo ghéag;
É sin nó tagadh tine as an dris
Agus loisceadh sí céadrais na Liobáine.’
16“Dá réir sin, más le dea-intinn agus le hionracas a rinne sibh rí d'Aibímeilic, agus má bhí sibh go cóir cothrom le Iarubál agus lena theaghlach, agus má chúitigh sibh leis de réir mar a thuill a bheartasan - 17throid m'athair ar bhur son, chuir sé a anam i bhfiontar, agus d'fhuascail sé sibh ó láimh Mhidián; 18ach seo sibhse inniu agus ceannairc déanta agaibh in aghaidh theaghlach m'athar, a sheachtó mac básaithe agaibh ar an aon leac, agus Aibímeilic, mac a dhaoirsí, ceaptha mar rí agaibh ar cheannairí Sheicim mar gur gaol daoibh féin é - 19más le dea-intinn agus le hionracas a phléigh sibh inniu le Iarubál, agus lena chlann, a deirim, gur chúis lúcháire agaibh é Aibímeilic, agus sibhse aigesean. 20Ach mura ndearna sibh, go dtaga tine as Aibímeilic amach, agus go n‑ídí sí muintir Sheicim agus Bhéit Mileo; agus go dtaga tine as ceannairí Sheicim agus Bhéit Mileo agus go n‑ídí sí Aibímeilic.” 21Theith Iótám leis ansin, agus d'éalaigh go Béar agus chuir faoi ansiúd le heagla roimh Aibímeilic a bhráthair.
22Bhí Aibímeilic i réim in Iosrael ar feadh trí bliana. 23Ansin sheol Dia drochspiorad aighnis idir Aibímeilic agus ceannairí Sheicim, agus rinne ceannairí Sheicim ceannairc in aghaidh Aibímeilic. 24Is mar sin a bhí d'fhonn go ndéanfaí an choir a rinneadh in aghaidh Iarubál agus a sheachtó mac a agairt, agus go bhfillfeadh a bhfuil sa mhullach ar a mbráthair Aibímeilic a chuir chun báis iad, agus ar cheannairí Sheicim a chabhraigh leis a bhráithre a mharú. 25Mar olc air, chuir ceannairí Sheicim dream in eadarnaí ar mhullach na sléibhte agus chreachaidís aon duine a ghabh an treo. Insíodh é sin d'Aibímeilic. 26Tháinig Gál mac Eibid agus a ghaolta isteach i Seicim agus thug ceannairí Sheicim a n‑iontaobh leis. 27Ghabhadar amach faoin tuath chun a bhfiniúna a chnuasach sna fíonghoirt; bhrúdar iad; rinneadar ceiliúradh agus chuadar isteach i dteach a ndé; d'itheadar, d'óladar agus chaitheadar mallacht le hAibímeilic. 28Dúirt Gál mac Eibid: “Cé he Aibímeilic, seachas sinne, muintir Sheicim, a rá is go ndéanfaimis fónamh dó? Nár chirte do mhac Iarubál agus Zabul, a leagáid, fónamh do mhuintir Hamór, athair Sheicim? Cén fáth go mbeimis inar ndaoir aige? 29Cé chuirfidh an pobal seo faoi mo cheannas? Ansin thiomáinfinn amach Aibímeilic agus déarfainn le hAibímeilic: ‘Méadaigh d'arm agus tar amach.’ ” 30Nuair a chuala Zabul rialtóir na cathrach focail Ghál mac Eibid d'adhain a fhearg. 31Chuir sé teachtairí go hAibímeilic in Arúmá á rá: “Féach, tá Gál mac Eibid agus a ghaolta tagtha go Seicim agus tá an chathair a griogadh acu i d'aghaidh. 32Tar féin agus do lucht leanúna dá bhrí sin i gcoim na hoíche agus téigh in eadarnaí orthu sna bánta. 33Ansin le héirí gréine ar maidin, éirigh amach go tapa agus tabhair faoin gcathair. Nuair a thiocfaidh Gál agus a chuid fear i d'aghaidh cuir an cluiche air de réir mar a oirfidh.” 34Chuir Aibímeilic agus a lucht leanúna go léir chun bealaigh dá bhrí sin i gcoim na hoíche, agus chuadar in eadarnaí ar Sheicim ina gceithre díormaí. 35Ghabh Gál mac Eibid amach agus mhoilligh ag béal gheata na cathrach; agus d'éirigh Aibímeilic agus a lucht leanúna as láithreacha eadarnaí. 36Nuair a chonaic Gál na fir dúirt sé le Zabul: “Féach, seo fir anuas ó mhullach na sléibhte.” “Is ann is dóigh leat,” arsa Zabul leis, “gur fir iad scáthanna na sléibhte.” 37“Seo fir,” arsa Gál arís, “ag teacht anuas ó Imleacán na Tíre, agus díorma eile ag teacht ó Dhair na nAsarlaithe.” 38“Cá bhfuil an béal mór sin agat anois?” arsa Zabul leis, “tusa, a dúirt, ‘Cé hé Aibímeilic a rá is go ndéanfaimis fónamh dó?’ Nach iad seo an mhuintir dá ndearna tú beagsea? Amach leat anois dá bhrí sin agus cuir cath orthu!” 39Ghabh Gál amach, dá bhrí sin, ar cheann slua cheannairí Sheicim agus chuir cath ar Aibímeilic. 40Chuir Aibímeilic an ruaig air, agus theith sé roimhe, agus maraíodh a lán a treascraíodh sular bhféidir dóibh geataí na cathrach a shroicheadh. 41D'fhill Aibímeilic ansin ar Arúmá agus dhíbir Zabul Gál agus a ghaolta agus choisc orthu maireachtáil i Seicim.
Scrios Sheicim agus Bás Aibímeilic
42Lá arna mhárach chuaigh na fir amach sna goirt, agus chuala Aibímeilic ina thaobhsan. 43Thug sé leis a chuid fear, roinn iad ina dtrí díormaí agus chuaigh in eadarnaí sna goirt. Nuair a chonaic sé na fir ag teacht as an gcathair, d'ionsaigh sé iad agus dhíothaigh iad. 44Ghabh Aibímeilic agus an díorma a bhí in éineacht leis ar aghaidh go láithreacha ag béal gheata na cathrach, ach d'ionsaigh an dá dhíorma eile na fir go léir sna goirt agus chuireadar a n‑ár. 45Chaith Aibímeilic an lá sin go léir ag ionsaí na cathrach; ghabh sé í de ruathar, mharaigh a raibh inti, scartáil an chathair ó bhonn agus chuir salann mar shíol inti. 46Nuair a chuala ceannairí Thúr Sheicim é sin, chuadar chun tearmainn i lusca theampall Éil Beirít. 47Nuair a chuala Aibímeilic go raibh ceannairí Thúr Sheicim go léir cruinnithe ansiúd, 48ghabh sé Sliabh Zalmón suas lena chuid fear go léir. Ansin rug sé greim ar thua, ghearr anuas gabháil bhrosna, d'ardaigh agus chuir ar a ghualainn é. Agus dúirt sé leis an muintir a bhí in éineacht leis: “Déanaigí aithris ar a bhfuil déanta agamsa, agus déanaigí sin go tapa.” 49Ghearr gach duine díobh a ghabháil bhrosna dá bhrí sin, agus lean Aibímeilic agus leag ar an lusca é, agus chuireadar an lusca trí thine ar a mullach. Díscíodh muintir Thúr Sheicim uile chomh maith, timpeall míle fear agus bean.
50Ansin chuaigh Aibímeilic in aghaidh Théibéiz agus chuir léigear air agus ghabh é de ruathar. 51Ach bhí túr daingean sa chathair agus theith muintir na cathrach go léir, idir fhir agus mhná, chun dídine ann; d'iadar an doras agus chuadar in airde ar dhíon an túir. 52Tháinig Aibímeilic chun an túir, agus d'ionsaigh é. Nuair a bhí sé ag déanamh ar dhoras an túir chun é a chur trí thine, 53chaith bean éigin bró uachtair mhuillinn anuas sa mhullach air agus bhris a bhlaosc. 54Ghlaoigh sé ar an toirt ar a ghiolla airm agus dúirt leis: “Tarraing do chlaíomh gan mhoill agus cuir chun báis mé, d'fhonn nach ndéarfaí fúm: ‘Mharaigh bean é!”’ Rop a ghiolla claíomh tríd dá bhrí sin agus fuair sé bás. 55Nuair a chonaic saighdiúirí Iosrael go raibh Aibímeilic ar lár, d'imíodar leo, gach duine chun a thí féin.
56Rinne Dia ar an gcuma sin an choir a rinne Aibímeilic in aghaidh a athar, nuair a mharaigh sé a sheachtó deartháir, a agairt air. 57Agus thug Dia coirpeacht uile mhuintir Sheicim ar ais sa mhullach orthu féin agus tháinig mallacht Iótám mac Iarubál orthu chomh maith.

Currently Selected:

Breithiúna 9: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in