YouVersion Logo
Search Icon

Breithiúna 15

15
Gaisce Shamsón
1Tamaillín ina dhiaidh sin, i bhfómhar an arbhair, chuaigh Samsón ar ais ar thuairisc a mhná agus meannán aige di. “Rachaidh mé isteach ina seomra chun mo mhná,” ar sé. Ach ní ligfeadh a hathair isteach é. 2Agus dúirt sé: “Bhí mé deimhin de go raibh tú bréan ar fad di; thug mé í do do chomrádaí dá bhrí sin. Nach dathúla an deirfiúr is óige ná í? Tóg ise ina háit, le do thoil.” 3Dúirt Samsón leo: “Níl le déanamh agam anois chun sásamh a bhaint amach ó na Filistínigh ach díobháil a dhéanamh dóibh.” 4D'imigh Samsón leis dá bhrí sin agus rug ar thrí chéad sionnach; fuair sé lóchrainn, chuir na sionnaigh eireaball le heireaball agus chuir lóchrann idir gach dhá eireaball. 5Las sé na lóchrainn ansin agus scaoil leis na sionnaigh isteach i ngoirt arbhair na bhFilistíneach agus chuir idir phunanna agus arbhar gan baint trí thine, agus na fíniúna agus na crainn ológ chomh maith. 6“Cé rinne é seo?” arsa na Filistínigh. Sé freagra a fuaireadar: “Samsón, cliamhain fhear Thimneá, mar gur thóg seisean a bhean ar ais uaidh agus gur thug í dá chomrádaí ina ionad.” Tháinig na Filistínigh aníos agus loisceadar í féin agus a [teaghlach] le tine. 7Dúirt Samsón leo: “Más mar sin a dhéanann sibh sibh féin a iompar, ar mo leabhar nach scoirfidh mé nó go ndéanfaidh mé mé féin a agairt oraibh.” 8Ansin thug sé fúthu ó thalamh agus thug ár agus eirleach orthu; síos leis ansin chun na pluaise i gCarraig Éatám agus d'fhan ansiúd.
9Tháinig na Filistínigh aníos ansin agus shuíodar a longfort in Iúdá; rinneadar ionradh ar Leichí. 10Ansin dúirt muintir Iúdá leo: “Cad a ba áil libh ag tabhairt fogha fúinne?” “Thángamar aníos,” ar siad, “chun greim a fháil ar Shamsón, agus an cor céanna a thabhairt air agus a thug seisean orainne.” 11Ansin chuaigh trí mhíle d'fhir Iúdá síos go dtí an phluais i gCarraig Éatám, agus dúradar le Samsón: “Nach bhfuil fhios agat go bhfuil na Filistínigh i gceannas orainn? Cad é seo, más ea, atá déanta agat orainn?” Dúirt sé leo: “Thug mé an cor céanna orthu agus a thug siadsan ormsa.” 12Agus dúradar leis: “Thángamar anuas chun tú a chur i gcuibhreacha agus tú a thabhairt ar láimh do na Filistínigh.” Dúirt sé leo: “Tugaigí mionn nach maróidh sibh féin mé.” 13D'fhreagair siad: “Ní mharóimid; níl uainn ach thú a chur i gcuibhreacha agus a thabhairt suas dóibh; ní baol go maróimidne thú.” Cheanglaíodar é le dhá théad nua, agus thug siad aníos ón gCarraig é.
14Ag teacht i gcongar Leichí dó, rith na Filistínigh chuige agus na gártha maíte á gcur suas acu; ach tháinig spiorad an Tiarna go tréan airsean, agus rinne mar a bheadh snáithe dóite lín de na téada a bhí ar a ghéaga, agus leáigh na cuibhreacha dá lámha. 15Tharla cnámh géill úr asail ansiúd dó; shín sé a lámh agus rug greim air, agus leag míle fear ar lár leis. 16Ansin dúirt Samsón:
“Le cnámh géill asail rinne mé iad a phleancadh,
Le cnámh géill asail rinne mé míle fear a threascairt.”
17Nuair a bhí sin ráite aige, chaith sé uaidh an chnámh, agus sin é an fáth ar tugadh Rámat Leichí (Cnoc an Chnámh Géill) ar an áit. 18Bhí an-tart air, agus ghlaoigh sé ar an Tiarna agus dúirt leis: “Tusa féin a dheonaigh an fhuascailt iontach seo trí láimh do shearbhónta; an bás de thart atá i ndán dom anois agus titim isteach i lámha na muintire gan timpeallghearradh?” 19Ansin chuir an Tiarna scoilt sa log sa talamh ansiúd i Leichí, agus tháinig uisce as. D'ól Samsón, d'fhill a mhisneach air, agus tháinig neart arís ann. Tugadh Éan Hacórae ar an tobar sin dá bharrsan; tá sé ansiúd i Leichí go dtí an lá seo féin. 20Bhí Samsón ina bhreitheamh in Iosrael le linn na bhFilistíneach ar feadh fiche bliain.

Currently Selected:

Breithiúna 15: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in