YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 59

59
Salm
1Ní hé go bhfuil lámh an Tiarna chomh giorraithe sin
nach bhfuasclaíonn,
ná a chluas chomh mall nach gcloiseann.
2Ach is iad bhur gcionta atá ina nduibheagán
idir sibh agus bhur nDia.
Thug bhur bpeacaí air a aghaidh a chlúdach
ionas nach gcloiseann sé sibh.
3Óir tá bhur lámha truaillithe le fuil
agus bhur méara le cionta.
Tá an bhréag ar bhur mbeola
agus monabhar an éigirt ar bhur dteanga.
4Éileamh ar cheart ní dhéantar sa chúirt,
ná ní théitear chun dlí go hionraic.
Cuirtear muinín sa díomhaointeas agus cantar bréaga;
gabhtar an míghníomh sa bhroinn agus saolaítear buaireamh.
5Ar gor ar uibheacha nathrach atá siad,
agus ag fíodóireacht líonta damhán alla;
an té a itheann a n‑uibheacha, faigheann sé bás,
agus má bhristear ceann acu, nathair nimhe a thagann amach.
6Maidir lena líonta, ní dhéanfaidh siad gnó éadaigh,
ná ní dhéanfar clúdach dóibh as saothar a láimhe.
A saothar siúd, is é saothar an donais é
agus is réidh chucu an gníomh garbh.
7Ritheann a gcosa chun an oilc,
agus deifir orthu fuil neamhurchóideach a dhoirteadh.
Bearta coiriúla is ea a mbearta,
níl ach scrios agus slad ina ndiaidh aniar.
8Bealach na síochána ní eol dóibh,
ná níl ionracas ar bith i rian a n‑imeachta.
Cosáin chama atá réitithe amach acu;
an té a shiúlann iad, níl síocháin i ndán dó.
9Dá thairbhe sin is fada an ceart uainn
agus ní thagann an fhíréantacht suas linn.
Bímid ag dréim leis an solas, agus seo dorchadas,
le gealán gréine, agus tá muid ag siúl faoi ghruaim.
10Tá muid ag gliúmáil romhainn inár ndaill cois balla;
mar a dhéanfadh daoine gan súile atá ár ngliúmáil.
Tá muid ag tuisliú um nóin mar bheadh sa chlapsholas,
tá cónaí orainn sa dorchadas ar nós na marbh.
11Tá muid uile ag gnúsacht mar bheadh béir ionainn,
ag ochlán agus ag éagaoin ar nós colúr.
Tá ár súil leis an gceart - ach ní ann dó,
le fuascailt, ach is fada uainn í.
12Óir is líonmhar ár bpeacaí i do láthair,
agus tá ár gcionta ag tabhairt fianaise inár n‑aghaidh.
Mar is feasach sinn ar bpeacaí,
agus is eol dúinn go maith ár gcoireanna:
13an Tiarna a thréigean agus a shéanadh
agus imeacht ar shiúl ónár nDia,
a bheith ag beartú ansmachta agus ceannairce,
agus ag monabhar bréaga inár gcroí.
14Caitear an ceart i leataobh
agus seasann an fhíréantacht siar.
Mar baineadh leagan as an iontaoibh ar fhaiche na cathrach,
agus níl cead isteach ag an macántacht.
Blúire de Thaispeánadh
15Tá an t‑ionracas in easnamh
agus déantar slad ar fhear seachanta an oilc.
Chonaic an Tiarna sin agus níor thaitin sé leis
nach raibh ceart le fáil os a chomhair.
16Chonaic sé nach raibh aon duine ann,
agus b'iontach leis gan fear eadrána bheith le fáil.
Mar sin rinne a lámh féin slánú dó
agus ba í a fhíréantacht a chrann taca.
17Chuir sé an fhíréantacht air ina lúireach
agus clogad an tslánaithe ar a cheann.
Chuir sé éadach an díoltais uime ina léine
agus chlúdaigh é féin le díbheirg mar chlóca.
18Cúiteoidh sé cách mar is dleacht,
fearg dá naimhde agus díoltas dá eascairde.
19Beidh urraim d'ainm an Tiarna aniar
agus dá ghlóir ó éirí na gréine.
Óir tiocfaidh sé mar a bheadh tuile á cúnglú idir dhá bhruach
agus siorradh ón Tiarna á siabadh.
20Ach tiocfaidh sé go Síón mar fhuascailteoir,
chuig muintir Iacóib agus a bpeacaí tréigthe acu.
Briathar féin an Tiarna an méid sin!
21Maidir liom féin, is é seo mo chonradh leo, a deir an Tiarna: Mo spioradsa atá ag lonnú ort agus mo bhriathra atá curtha i do bhéal agam, ní imeoidh siad as do bhéal, ná as béal do shleachta, ná as béal shliocht do shleachta feasta go deo. Sin é a deir an Tiarna.

Currently Selected:

Íseáia 59: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in