YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 57

57
1Téann an fíréan in éag
agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí é.
Tógtar lucht na caoindúthrachta ar shiúl
gan duine ar bith a thabhairt aird air.
2Is ea, de bharr na hurchóide tógtar an fíréan ar shiúl
ach isteach sa tsíocháin a théann sé.
Tá siad ag ligean a scíthe ar a leaba dheireanach,
iad siúd a shiúil bealach na córa.
3Ach tagaigí sibhse i leith anseo, a chlann na caillí feasa,
a phór an adhaltranaigh agus na striapaí.
4Cé faoi atá sibh ag fonóid, cé faoi an clab sin oraibh,
agus cé chuige a shánn sibh amach bhur dteanga?
Síol an pheaca atá ionaibh
agus pór na mbréag!
5Sibhse a dhéanann drúis faoi na crainn teiribinte,
faoi gach crann glas
ag íobairt páistí sna haltáin sléibhe,
i scealpacha na gcarraig!
Tairngire in aghaidh na nÍol
6Clocha snoite na n‑altán, sin iad do chuibhreann,
is iad, is iad do chuid.
Ar a son siúd a dhoirteann tú deochanna ofrála,
chucusan a thugann tú ofrálacha bia.
An bhfuil sásamh le fáil agam ina leithéid?
7Ar shliabh mór ard
atá do leaba cóirithe agat.
Is ann freisin a chuaigh tú suas
a dhéanamh do chuid íobairtí.
8Ar chúl an dorais agus na hursan
is ea a chuir tú do chloch chuimhne in airde.
D'imigh tú uaim agus bhain tú díot,
chuaigh tú ar an leaba fhairsing a bhí cóirithe agat.
Tá conradh déanta agat leo siúd
ar mhór leat a leaba,
ag síorstriapachas leo
agus do shúile ar an dia bréige.
9Chuir tú maise ort féin le hola ar son Mhoilic,
ag stealladh cumhrán ort féin;
chuir tú do theachtairí i bhfad i gcéin,
chuir tú iad síos go Seól fiú.
10Tuirseach is mar bhí tú leis an bhfánaíocht ar fad,
níor dhúirt tú: “Tá mé ag éirí as.”
Fuair tú neart agus urra as an nua,
mar sin níl tú tuirseach fós.
11Cé a chuir an eagla agus an t‑uamhan ort
gur shéan tú mé,
go ndearna tú dearmad orm
agus nár choinnigh tú áit i do chroí dom?
Ach mise, an ea nár fhan mé i mo thost, nár dhún mé mo shúile?
Mar sin níl eagla ort romhamsa.
12Ach anois tá mé chun an fhíréantacht seo agat a léiriú go hoscailte,
agus do ghnóthaí gan rath.
13Nuair a screadann tú, sábháladh do dhéithe bréige gránna thú!
Cartfar ar shiúl leis an ngaoth an t‑iomlán acu,
siabfaidh anáil ar shiúl iad.
Ach an té a chuireann a iontaoibh ionamsa, gheabhaidh sé an tír mar oidhreacht,
agus beidh seilbh aige ar mo shliabh beannaithe.
Dán Sóláis
14Agus cloisfear glór á rá:
Tógaigí suas tóchar agus réitigí an bealach,
glanaigí gach constaic as cosán mo mhuintire
15Óir is mar seo a deir an Té is airde,
a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht
agus a bhfuil a ainm naofa:
“Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa,
agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad,
chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle,
chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.
16Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí,
agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh;
mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féin
agus gach dúil bheo dá ndearna mé.
17Coiriúlacht agus bradaíl Iosrael a chuir fearg orm seal;
cheil mé mo ghnúis air agus bhuail mé le teann feirge.
D'imigh sé leis fiáin sna bealaí a b'áil lena chroí;
18chonaic mé féin iad na bealaí céanna.
Ach leigheasfaidh mé é agus tabharfaidh mé sólás dó;
líonfaidh mé le suaimhneas é,
é féin agus lucht a chaointe,
19á dhéanamh sin le briathra mo bheola:
Síocháin! Síocháin don uile dhuine, i bhfad agus i ngar!
a deir an Tiarna. Sea go deimhin, tá mé chun tú a leigheas.”
20Ach tá lucht na hurchóide ar nós farraige suaite,
farraige nach féidir di bheith ciúin,
a mbíonn a tonnta ag caitheamh suas salachair agus láibe.
21“Níl síocháin i ndán,” a deir mo Dhia, “do lucht na hurchóide.”

Currently Selected:

Íseáia 57: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in