YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 46

46
Turnamh Bhéil
1Tá Béil ar a ghlúine! Tá Neabó tar éis cúbadh chuige féin!
Tá a n‑íola ar dhroim ainmhithe agus beithígh iompair,
ina n‑ualach anuas ar bheithígh thraochta.
2Cúbann siad agus cromann siad uile;
gan ar a n‑acmhainn a lucht iompair féin a shábháil,
ag imeacht mar aon leo i mbraighdeanas iad féin.
3“Éistigí liom, a theaghlach Iacóib,
a iarmhair uile de theaghlach Iosrael!
sibhse a bhí ar iompar agam ó saolaíodh sibh,
a bhí mar chúram agam ó bhroinn na máthar i leith.
4Go dtí bhur seanaois beidh mise mar atá mé,
agus go liatha bhur gceann beidh mise i mo thaca agaibh.
Is é a rinne mé cheana nuair a d'iompair mé sibh;
beidh mé mar thaca agaibh agus mar fhuascailt.”
Níl leithéid an Tiarna ann
5Cé leis a gcuirfidh sibh i gcomparáid agus i gcóimheas mé,
cé leis a gcuirfidh sibh mé i gcomórtas agus i gcosúlacht?
6Tá dream ann a dhoirteann ór go fial as a sparán
agus meánn siad airgead ar an ainsiléad.
Fostaíonn siad orcheard chun dia a dhéanamh dóibh
sléachtann siad síos agus tugann adhradh dó!
7Tógann siad suas ar a nguaillí agus iompraíonn siad é,
cuireann siad é san ionad ar dual dó seasamh ann.
As an ionad ina bhfuil sé ní féidir leis bogadh.
An té a ghlaonn air, ní thugann sé freagra dó,
óna thrioblóid ní fhéadann sé a shábháil.
Tá an Tiarna ina Mháistir ar a bhfuil Romhainn
8Meabhraígí sin, a lucht an éirí in airde,
déanaigí machnamh air agus tagaigí ar bhur gciall;
9cuimhnigí ar rudaí atá thart le fada an lá.
Is mise Dia agus níl m'athrach ann
is mise Dia agus níl mo leithéid eile ar fáil!
10Foilsím ón tús an deireadh a bheidh ann,
foilsím riamh anall rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill!
Deirim: Déanfar mar a bheartaím
agus gach is áil liom cuirfidh mé i gcrích.
11Scairtim ar éan creiche anoir,
ar fhear na cinniúna as tír i gcéin.
Ní luaithe ráite ná déanta é!
Ní luaithe beartaithe ná curtha i gcrích!
12Éistigí liom, sibhse atá ag cailleadh misnigh
agus ar fada libh an bua gan teacht.
13Tá mo bhua á thabhairt i ngar agam, ní fada uaibh é,
ní bheidh moill ar mo shlánú.
Deonóidh mé an slánú i Síón,
ar mhaithe le hIosrael mo ghlóir!

Currently Selected:

Íseáia 46: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in