Íseáia 41:19-20
Íseáia 41:19-20 ABN
San fhásach cuirfidh mé crainn chéadrais, crainn acáise agus crainn mhiortail agus crainn olóige. Sa díthreabh cuirfidh mé an t‑aiteal, crann plána agus cufróg le hais a chéile. Chun go bhfeice daoine agus go n‑aithní siad, chun go meabhraí siad agus go dtuige siad le chéile gurb í lámh an Tiarna a rinne an méid sin, gurb é Neach Naofa Iosrael a chuir i gcrích.