Íseáia 40:12-14
Íseáia 40:12-14 ABN
Cé a thomhais i gcroí a bhoise uiscí na farraige agus a leag amach na spéartha lena réise? a chruinnigh cré na talún i miosúr, a rinne na sléibhte a mheá sna scálaí agus na cnocáin in ainsiléad? Cé a thabharfadh treoir do spiorad an Tiarna nó cén comhairleoir a thabharfadh teagasc dó? Cé air a d'iarrfadh sé comhairle chun breithiúnas, chun eolas a chur ar bhealach na córach, chun slí na tuisceana a aimsiú?