YouVersion Logo
Search Icon

Íseáia 38

38
Galar agus leigheas Hiziciá
1Sna laethanta sin, buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé le bás. Tháinig an fáidh Íseáia mac Ámóz chuige agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna: Déan do thiomna le do theaghlach, mar tá an bás agat; níl téarnamh i ndán duit.” 2D'iompaigh Hiziciá a aghaidh ar an mballa agus chuir sé suas an phaidir seo chuig an Tiarna: 3“Uch, a Thiarna, cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin i d'fhianaise le dílseacht agus faoi chroí mór maith, agus an rud a bhí maith i do shúile á dhéanamh agam.” Agus chaoin sé uisce a chinn.
4Ansin ligeadh briathar an Tiarna le hÍseáia: 5“Gabh agus abair le Hiziciá: Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Tá d'urnaí cloiste agam agus do dheora feicthe agam. Tá mé chun tú a leigheas; faoi chionn trí lá, rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna. Cuirfidh mé cúig bliana déag le do shaol. 6Scaoilfidh mé saor thú as láimh rí na hAsaíre, agus déanfaidh mé an chathair seo a chumhdach.” 7D'fhreagair Íseáia: “Seo duit ón Tiarna an comhartha go ndéanfaidh sé an rud a dúirt sé. 8Bí ag coimhéad scáth na gréine ar chéimeanna Áchaz, tabharfaidh mé air filleadh deich gcéimeanna ar ais.” Agus d'fhill an ghrian ar ais na deich gcéimeanna a bhí sí tar éis a dhul síos.
Duan le Hiziciá
9Duan Hiziciá, rí, Iúdá, ar ócáid a leigheasta ón ngalar a bhí air.
10Bhí mé á rá: i mbláth mo mhaitheasa
ní foláir dom imeacht liom
go geataí Seól síos; is ann a choinneofar mé
ar feadh a bhfanann agam de bhlianta.
11Bhí mé á rá: Ní fheicfidh mé an Tiarna níos mó
i dtír na mbeo,
ní fheicfidh mé a thuilleadh
aon duine de mhuintir an tsaoil seo.
12Tá m'áit chónaithe bainte dhíom,
tá sí stoite ar nós an phubaill a bhíonn ag aoirí;
mar a dhéanfadh fíodóir, tá mo shaol cornta suas agat,
agus tú ar tí an uige a ghearradh.
Ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche,
13agus mé ag screadaíl ansin go teacht na maidine;
tá mo chnámha ina gconamar, mar bhrisfeadh leon iad,
ó mhaidin go faoithin tá tú do mo thabhairt chun críche.
14Mar a bheadh fáinleog ann, tá mé ag bíogarnach,
tá mé ag olagón ar nós colúir;
tá mo shúile á n‑iompú agam i dtreo na n‑ard,
amharc i mo dhiaidh agus bí i d'urra agam.
15Cad is féidir liom a rá, ná a chaitheamh suas leis an Tiarna,
ó tharla gurb é féin a rinne an beart seo;
beidh mé ag fánaíocht romham an dá lá a mhairfidh mé,
agus m'anam go goirt ionam istigh.
16Ach, a Thiarna, ina dhiaidh sin beidh m'anam beo i do chuideachta;
is tú a thabharfaidh suaimhneas do mo spiorad.
Beidh fáil ar théarnamh agam agus fadú saoil.
17Óir an donas seo, tá sé á chlaochlú ina shéan;
is tú a shábháil mé ar dhuibheagán an neamhní,
óir chaith tú ar do chúla mo pheacaí go léir.
18Ní thugann Seól moladh duit,
ní féidir don Bhás tú a cheiliúradh;
an dream a théann síos sa duibheagán,
níl dóchas acu as do dhílseacht níos mó.
19An beo, an beo amháin a cheiliúrann thú,
mar a dhéanaim féin inniu.
Athair mé ag meabhrú do dhílseachta dá chlann.
20Tá an Tiarna i ngar chun mé a shábháil;
mar sin seinnfimid ceol molta ar théada
laethanta uile ár saoil os comhair Theampall an Tiarna.
21Dúirt Íseáia: “Cuirigí ceirín figí ar an neascóid agus tiocfaidh biseach air.” 22Dúirt Hiziciá: “Cén comhartha a bheidh agam go rachaidh mé suas go Teampall an Tiarna?”

Currently Selected:

Íseáia 38: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in