YouVersion Logo
Search Icon

Galataigh 5

5
An tSaoirse Chríostaí
1D'fhonn is go mbeimis saor is ea a d'fhuascail Críost sinn. Seasaigí go daingean dá bhrí sin agus ná cuirtear sibh faoi chuing na daoirse athuair. 2Seo mise Pól á rá libh nach ndéanfaidh Críost aon mhaitheas daoibh má dhéantar timpeallghearradh oraibh. 3Dearbhaím arís don uile dhuine a ndéantar timpeallghearradh air, go bhfuil sé de dhualgas air an dlí a choimeád ina iomláine. 4Agus sibhse a bhíonn ag lorg na fíréantachta sa dlí tá sibh dealaithe ó Chríost agus tá gnaoi Dé caillte agaibh. 5Is ón gcreideamh, áfach, atáimidne ag súil leis an bhfíréantacht a fháil faoi luí an Spioraid. 6Mar in Íosa Críost is cuma an timpeallghearradh ann nó as, ach an creideamh a oibríonn trí ghrá.
7Bhí sibh ag dul chun cinn go hálainn. Cé a chuir bac oraibh géilleadh don fhírinne? 8Ní ón té úd a ghlaoigh oraibh a tháinig an t‑áiteamh sin! 9“Déanann pinse gabháile an taos ar fad a ghabháileadh.” 10Tá muinín agam asaibh sa Tiarna nach é a mhalairt de thuairim a bheidh agaibhse. An duine seo atá do bhur suaitheadh, cibé ar bith é féin, íocfaidh sé as a choir. 11I dtaca liomsa de, a bhráithre, más fíor go mbím fós ag fógairt timpeallghearrtha, cén fáth a bhfuilim fós do mo ghéarleanúint? Dá mbeinn ag déanamh amhlaidh bheadh scannal na croise ar neamhní. 12Iad siúd atá ag cur mearbhaill oraibh is é mo thrua nach ndéanann siad iad féin a choilleadh chomh maith!
13Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhráithre. Ach ná bíodh an tsaoirse sin ina leithscéal agaibh chun na collaíochta; ní hea, ach bígí ag déanamh seirbhíse dá chéile le teann grá. 14Mar is féidir an dlí ar fad a chur in aon abairt amháin: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.” 15Ach má leanann sibh ag ithe agus ag gearradh a chéile, bígí aireach, ar eagla go millfeadh sibh a chéile ar fad.
Maireachtáil faoi luí an Spioraid
16Is é a mheasaim a rá: mairigí faoi luí an Spioraid, agus níl aon bhaol go ngéillfidh sibh d'ainmhianta na colainne. 17Tá mianta na colainne bunoscionn le mianta an Spioraid agus tá mianta an Spioraid bunoscionn le mianta na colainne. Téann siad glan in éadan a chéile agus sin é an fáth nach ndéanann sibhse na nithe is áil libh a dhéanamh. 18Más é an Spiorad atá do bhur stiúradh níl sibh faoi smacht ag an dlí.
19Is follas iad gníomhartha na colainne, mar atá drúis gáirsiúlacht agus graostacht; 20íoladhradh agus asarlaíocht; eascairdeas, achrann, agus formad; fearg, bruíonta, clampar agus faicsin, 21éad, (murdail,) meisce, ragairne, agus a leithéid eile. Táim ag tabhairt foláirimh anois daoibh faoi mar a thug mé cheana: an mhuintir a dhéanann nithe den sórt sin ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht.
22Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht, 23láchas agus measarthacht. Agus níl aon reacht in aghaidh a leithéidí sin! 24Agus iad siúd a bhaineann le Críost Íosa tá siad tar éis a gcolainn agus a cuid paisean agus mianta a chéasadh ar an gcrois. 25Ós é an Spiorad atá dar mbeoú, leanaimis a threoir. 26Agus ná bímis mórchúiseach ná ag saighdeadh a chéile ná ag éad le chéile.

Currently Selected:

Galataigh 5: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in