YouVersion Logo
Search Icon

Eaxodus 33

33
Ordú Imeachta
1Dúirt an Tiarna le Maois: “Fág an áit seo; imigh leat, tú féin agus an pobal a thug tú amach as tír na hÉigipte, agus téigh chun na tíre a mhionnaigh mé d'Abrahám, d'Íosác agus do Iacób leis na focail: ‘Tabharfaidh mé do do shíol é.’ 2Agus seolfaidh mé aingeal romhat, agus tiomáinfidh mé amach na Canánaigh, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Hivigh, agus na Iabúsaigh. 3Ar aghaidh leat chun na tíre mar a bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Ní rachaidh mise féin in éineacht libh - óir is ceanndána an pobal sibh - le heagla go scriosfainn sibh ar an mbealach.” 4Ar chlos na cainte boirbe sin, rinne an pobal caoineadh, agus ní chaithfeadh aon duine a chuid ornáidí.
5Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Abair le clann Iosrael: ‘Is ceanndána an pobal sibh. Dá mbeinn ag dul in éineacht libh fiú nóiméad, scriosfainn sibh. Cuir uait d'ornáidí dá bhrí sin go bhfeice mé conas déileáil leat!’ ” 6Ó Shliabh Horaeb ar aghaidh dá bhrí sin, chuir clann Iosrael uathu a n‑ornáidí.
An Bhoth
7Bheireadh Maois an Bhoth leis agus chuireadh sé suas í taobh amuigh den champa, tamall maith ón gcampa. Thug sé Both na Teagmhála uirthi. An té a chaitheadh comhairle an Tiarna a fháil, théadh sé amach go Both na Teagmhála, lasmuigh den champa. 8Cibé uair a théadh Maois amach chun na Botha, d'éiríodh an pobal go léir, agus sheasadh gach fear ag béal a bhotha agus a shúile ar Mhaois go dtí go sroicheadh sé an Bhoth. 9Nuair a théadh Maois isteach sa Bhoth, thagadh an colún néil anuas agus sheasadh ag doras na Botha, agus labhraíodh an Tiarna le Maois. 10Nuair a d'fheiceadh an pobal an colún néil ina sheasamh ag doras na Botha, d'éiridís ina seasamh agus shléachtaidís go talamh, gach fear ag béal a bhotha féin. 11Labhraíodh an Tiarna le Maois aghaidh ar aghaidh, mar a dhéanann fear le cara. Ansin d'fhilleadh Maois ar an gcampa, ach Iósua, mac Húr, a shearbhónta ógfhir, ní fhágadh sé an Bhoth.
Maois ag Guí
12Dúirt Maois leis an Tiarna: “Féach, deir tú liom: ‘Cuir an pobal ag bogadh ar aghaidh,’ ach ní insíonn tú dom cé a chuirfidh tú in éineacht liom. Dúirt tú féin más ea: ‘Is aithnid dom thú ó ainm, agus fuair tú fabhar i mo láthair.’ 13Uime sin, má fuair mé fabhar i do láthair, nocht dom do bhealaí d'fhonn go dtuigfinn thú agus go dtuillfinn do ghnaoi. Cuimhnigh air chomh maith, gurab é an cine seo do phobal féin.” 14D'fhreagair sé: “Rachaidh mo láithreacht in éineacht leat agus tabharfaidh mé suaimhneas duit.” 15Agus dúirt [Maois] leis: “Mura dtéann do láithreacht in éineacht liom, ná beir suas ón áit seo sinn. 16Óir conas a bheidh a fhios go bhfuair mé, mé féin agus do phobal, fabhar i do láthair, mura dtéann tú in éineacht linn? Leis seo a dhealófar sinn, mise agus do phobal, ó gach cine eile dá bhfuil ar dhroim na talún.” 17Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Déanfaidh mé díreach mar a dúirt tú; óir fuair tú fabhar i mo láthair agus is aithnid dom thú ó ainm.”
Maois ar an Sliabh
18Dúirt Maois: “Taispeáin dom do ghlóir, achainím ort.” 19Agus d'fhreagair sé: “Seolfaidh mé mo mhaitheas go léir thar bráid os do chomhair, agus fógróidh mé m'ainm, an Tiarna, romhat; beidh mé fabhrach don té is rogha liom, agus beidh mé trócaireach don té is rogha liom. 20Ach ní féidir duit mo ghnúis a fheiceáil,” ar sé “óir ní féidir do dhuine mé a fheiceáil agus maireachtáil dá éis sin.” 21Agus lean air: “Seo áit taobh liom mar ar féidir duit seasamh ar an gcarraig, 22agus fad a ghabhann mo ghlóir thar bráid, cuirfidh mé thú i scoilt den charraig agus clúdóidh mé thú le mo láimh go mbeidh mé imithe thar bráid. 23Ansin tógfaidh mé mo lámh chun siúil agus feicfidh tú mo chúl; ach mo ghnúis ní fheicfear.”

Currently Selected:

Eaxodus 33: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy