Eifisigh 5
5
Maireachtáil faoin Solas
1Déanaigí aithris ar Dhia mar gur sibh a chlann mhuirneach, 2agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son. 3Maidir le drúise nó graostacht d'aon sórt nó saint, ná luaitear in bhur measc iad fiú amháin, mar ní healaí do na naoimh iad. 4Ná bíodh agaibh ach oiread an drochchaint ná an tseafóid ná an magadh, nithe nach n‑oireann; ag gabháil buíochais do Dhia ba chóra daoibh a bheith. 5Bíodh a fhios seo agaibh: duine ar bith atá tugtha don drúis nó don mhígheanmnaíocht nó don tsaint - rud is ionann agus íoladhradh - níl aon pháirt aige i ríocht Chríost agus Dé.
6Ná mealladh aon duine sibh le hargóintí baotha, mar sin iad na peacaí a tharraingíonn fearg Dé anuas ar lucht na míréire. 7Ná bíodh aon bhaint agaibhse lena leithéidí; 8mar ní raibh ionaibh tráth ach dorchadas, ach is solas anois sibh sa Tiarna. Iompraígí sibh féin, más ea, ar nós clann an tsolais - 9bíonn toradh an tsolais le feiceáil san uile shórt maitheasa agus fíréantachta agus fírinne. 10Aimsígí cad é an ní is áil leis an Tiarna 11agus ná bíodh aon pháirt agaibh i ngnóthaí seasca an dorchadais ach iad a cháineadh. 12Mar is náireach le lua féin na nithe a dhéanann siad faoi choim. 13Gach uile ní a nochtar faoin solas, áfach, éiríonn sé follasach 14agus gach ní a bhíonn follasach, bíonn sé ina sholas. Sin é an fáth a ndeirtear:
“Dúisigh a chodlatáin!
Éirigh ó na mairbh
agus lonróidh Críost ort.”
15Bígí cúramach faoi bhur gcuid iompair, dá bhrí sin, agus gan a bheith ar nós daoine gan chiall ach ar nós daoine ciallmhara 16ag cur na huaire chun sochair, mar is olc iad na saolta seo. 17Ná bíodh aon mhearbhall oraibh, dá bhrí sin, ach tuigigí go cruinn cad is toil don Tiarna.
18Agus ná bíodh meisce fíona oraibh mar níl ansin ach drabhlás, ach bígí lán den Spiorad, 19ag rá salm agus iomann agus laoithe spioradálta le chéile, ag cantain agus ag salmaireacht chun an Tiarna in bhur gcroí istigh, 20ag gabháil buíochais gan stad le Dia an tAthair ar son an uile ní in ainm ár dTiarna Íosa Críost.
Fir agus Mná
21Bígí géilliúil dá chéile le hómós do Chríost. 22Bíodh na mná umhal dá gcuid fear mar a bheidís don Tiarna, 23mar tá an fear ina cheann ar a bhean ar nós mar atá Críost ina cheann ar an Eaglais agus ina shlánaitheoir ar an gcorp. 24Faoi mar atá an Eaglais faoi smacht Chríost, ar an dála céanná bíodh na mná faoi smacht a gcuid fear i ngach ní.
25A fheara, bíodh grá agaibhse do bhur mná faoi mar a bhí grá ag Críost don Eaglais agus thug suas é féin ar a son d'fhonn í a choisreacan do Dhia. 26Rinne sé í a íonglanadh le briathar i bhfothragadh an uisce 27d'fhonn í réiteach dó féin ina hEaglais niamhrach, gan smál ná roc uirthi ná aon ní dá shórt ach í naofa gan cháim. 28Go deimhin, tá d'fhiacha ar na fir a mná a ghráú mar a ghráíonn siad a gcolainn féin, mar an té a thugann grá dá bhean is dó féin a thugann sé grá. 29Ní raibh aon duine riamh a thug fuath dá cholainn féin; is amhlaidh a dhéanann sé í a chothú agus a chumhdach faoi mar a dhéanann Críost don Eaglais, 30de bhrí gur baill dá chorp sinne. 31“Mar sin de, fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith dlúth i bpáirt lena bhean agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.” 32Is mór an rúndiamhair í seo, ach is á tagairt atáimse do Chríost agus don Eaglais. 33Ar aon chuma grádh gach duine agaibhse a bhean mar é féin agus tugadh an bhean ómós dá fear.
Currently Selected:
Eifisigh 5: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.