YouVersion Logo
Search Icon

Cóheilit 3

3
Cinnteacht agus Éiginnteacht na Beatha
1Tá a ionú féin ag gach uile ní agus tá a thráth ann don uile ghnó faoin spéir:
2tráth breithe, tráth báis,
tráth curtha síl, tráth bainte fómhair,
3tráth maraithe, tráth leighis,
tráth leagtha, tráth tógála,
4tráth goil, tráth gáire,
tráth caointe, tráth rince,
5tráth scaipthe cloch, tráth bailithe cloch,
tráth beirthe barróg, tráth séanta barróg,
6tráth cuardaigh, tráth caillte,
tráth coimeádta, tráth caite,
7tráth stróicthe, tráth fuála,
tráth tosta, tráth cainte,
8tráth grá, tráth fuatha,
tráth cogaidh, tráth síochána.
9Cén tairbhe a bhaineann duine as an dúthracht a chaitheann sé lena chuid oibre? 10Chonaic mé an saothar a thug Dia don chine daonna le déanamh. 11Gach uile ní a dhéanann Dia, oireann sé dá thráth féin; ach bíodh gur chuir sé ar chumas an duine machnamh a dhéanamh ar imeacht an ama ina iomláine, ní féidir leis an duine an obair a dhéanann Dia ó thús go deireadh a thuiscint.
12Is eol dom nach bhfuil aon ní ann is fearr do dhuine ná gairdeas a dhéanamh agus saol sona sásta a chaitheamh fad is beo dó. 13Go deimhin, má éiríonn le duine ithe agus ól a dhéanamh agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair go léir, is tabhartas ó Dhia é.
14Is eol dom freisin gur síoraí suthain gach uile ní a dhéanann Dia; ní féidir cur leo nó baint uathu. Is mar seo a rinne Dia iad le go mbeadh eagla ar dhaoine roimhe. 15An ní atá ann anois, bhí sé ann roimhe seo; agus an ní a bheidh ann, bhí sé ann cheana agus bíonn Dia ag síorathnuachan na nithe a bhí ann tráth dá raibh.
16Rud eile dhe, chonaic mé go raibh an éagóir in áit na córa agus an t‑aincheart in áit an chirt abhus faoi luí na gréine. 17Arsa mise liom féin: “Tabharfaidh Dia breithiúnas ar an dea-dhuine agus ar an droch-dhuine araon, mar tá a ionú féin ag gach gnó agus gníomh ansin.” 18Arsa mise liom féin arís: “Maidir leis an gcine daonna, tá Dia tar éis iad a thástáil go cinnte agus a thaispeáint nach bhfuil iontu uathu féin ach ainmhithe.” 19Óir tá an chinniúint chéanna ag an duine agus atá ag an ainmhí; mar a fhaigheann ceann acu bás, sin mar a fhaigheann an ceann eile bás chomh maith; óir tá an t‑aon spiorad amháin iontu go léir agus níl aon bhuntáiste ag an duine ar an ainmhí. Baois is ea gach uile ní. 20Téann siad go léir go dtí an áit chéanna; is den luaithreach iad uile agus iompóidh siad uile ina luaithreach arís. 21Cé ar eol dó an dtéann spiorad an duine suas nó an dtéann spiorad an ainmhí síos sa talamh? 22Dá bharr sin uile chonaic mé nach bhfuil aon ní ann is fearr do dhuine ná gairdeas a dhéanamh ina chuid oibre, mar is é sin a chinniúint. Óir cé a thabharfaidh dó na nithe a thitfidh amach ina dhiaidh a fheiceáil?

Currently Selected:

Cóheilit 3: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in