Gníomhartha 8:29-31
Gníomhartha 8:29-31 ABN
Labhair an Spiorad le Pilib: “Gabh suas chun an charráiste agus siúil lena thaobh.” Rith Pilib anonn agus nuair a chuala sé an coillteán ag léamh Íseáia fáidh, labhair sé leis: “An dtuigeann tú a bhfuil agat á léamh?” ar seisean. “Conas a thuigfinn,” d'fhreagair an coillteán, “gan duine éigin a mhíneodh dom é?” agus d'iarr ar Philib suí in airde leis.