YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 16

16
Tiomóid
1Lean sé air go Deirbé agus as sin go Liostra. Bhí deisceabal ansiúd darbh ainm Tiomóid. Giúdach ab ea a mháthair agus í tar éis iompú chun an chreidimh agus Gréagach ba ea an t‑athair. 2Bhí ardmheas ag bráithre Liostra agus Iocoiniam ar Thiomóid 3agus ba mhaith le Pól go rachadh sé lena chois. Thóg sé é dá bhrí sin agus rinne sé é a thimpeallghearradh ar mhaithe leis na Giúdaigh a mhair sna críocha sin, mar bhí a fhios acu go léir gur Gréagach a athair.
4Ag gabháil dóibh ó bhaile go baile, thug siad don phobal na reachta a bhí déanta ag na haspail agus ag na seanóirí in Iarúsailéim agus dúirt leo iad a choimeád. 5Sa tslí sin bhí na hEaglaisí á ndaingniú sa chreideamh agus ag dul i líonmhaire ó lá go lá.
Aisling Phóil: An Mhacadóin ag Glaoch Air
6Ghabh siad trí dhúiche Fhrigia agus Ghalaite ach ní ligfeadh an Spiorad Naomh dóibh an dea-scéal a fhógairt san Áise. 7Ar theacht dóibh go dtí teorainn Mhisia, bhí siad ag iarraidh dul isteach i mBitinia ach ní ligfeadh Spiorad Íosa ann iad. 8Ghluais siad leo thar Mhisia dá bhrí sin agus síos go Tróas. 9Bhí aisling ag Pól ann oíche amháin: bhí fear ón Macadóin ina sheasamh ann, ag impí air agus ag rá: “Tar anall go dtí an Mhacadóin ag cabhrú linn.” 10Ní túisce a chonaic sé an aisling ná chuireamar faoi réir le dul go dtí an Mhacadóin mar gur thuigeamar as go raibh glaoite ag Dia orainn chun an dea-scéal a fhógairt ann dóibh.
Pól i bhFilipí
11Chuamar ar bord loinge i dTróas agus ceann ar aghaidh as sin go Samotráicé agus an lá ina dhiaidh sin go Neapoil 12agus as sin go Filipí. Príomhchathair den taobh sin den Mhacadóin is ea Filipí agus coilíneacht Rómhánach is ea í freisin. Thugamar roinnt laethanta sa chathair sin. 13Lá na sabóide chuamar amach lasmuigh den gheata, cois abhann, áit a mheasamar a mbeadh láthair urnaithe na nGiúdach agus shuíomar fúinn ag caint leis na mná a bhí bailithe le chéile ann. 14Bhí bean ag éisteacht linn, mangaire corcra ó chathair Tíaitíora darbh ainm Lidia. Bean chráifeach ba ea í agus d'oscail an Tiarna a croí go dtabharfadh sí cluas dá raibh á rá ag Pól. 15Baisteadh í féin agus a teaghlach agus ansin rinne sí tathant orainn, á rá: “Má mheasann sibh go bhfuilim dílis don Tiarna, tagaigí isteach agus bainigí fúibh i mo theachsa.” Agus chuir sí d'fhiacha orainn dul isteach.
An Cailín Feasa
16Tharla lá nuair a bhíomar ag dul go dtí láthair na hurnaí gur casadh orainn cailín óg a raibh spiorad feasa inti. Bhí mórán airgid á thuilleamh aici dá máistrí as a cuid fáistineachta. 17Chrom sí ar Phól agus sinne a leanúint agus í ag screadach: “Seirbhísigh don Dia ró-ard is ea na fir seo,” a deireadh sí, “agus tá bealach bhur slánaithe á fhógairt acu daoibh.” 18Bhíodh sí á dhéanamh seo ar feadh mórán laethanta go dtí go raibh Pól chomh cráite sin aici gur iompaigh sé uirthi agus go ndúirt leis an spiorad: “Fógraím duit in ainm Íosa Críost imeacht amach aisti.” Agus d'imigh sé aisti an nóiméad sin.
Pól agus Síleas i bPríosún
19Nuair a chonaic a máistri, áfach, go raibh deireadh lena súil le brabach, rug siad ar Phól agus ar Shíleas agus tharraing isteach i gcearnóg an bhaile iad os comhair na n‑uachtarán. 20Sheol siad i láthair na ngiúistísí iad, á rá: “Giúdaigh is ea na daoine seo agus tá ár gcathair á cur bunoscionn acu. 21Tá gnásanna á bhfógairt acu nach féidir dúinne, Rómhánaigh, glacadh leo ná déanamh dá réir.” Agus thug an slua fúthu chomh maith. 22Rinne na giúistísí na héadaí a sracadh díobh agus d'ordaigh iad a bhualadh le slata. 23Tar éis dóibh iad a léasadh ó thalamh chaith siad isteach i bpríosún iad agus d'ordaigh don choimeádaí iad a choinneáil go daingean. 24Nuair a fuair an coimeádaí an t‑ordú sin, chuir sé iad sa chillín ba fhaide isteach agus dhaingnigh a gcosa i gceap adhmaid.
25Timpeall meán oíche bhí Pól agus Síleas ag guí agus ag canadh iomann do Dhia agus na príosúnaigh eile ag éisteacht leo. 26Go tobann tharla crith mór talún agus luascadh an príosún ó bhonn. Osclaíodh na doirse uile ar an bpointe agus thit na slabhraí de chách. 27Dhúisigh an coimeádaí as a chodladh agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar leathadh, tharraing sé a chlaíomh le hintinn é féin a mharú agus é á cheapadh go raibh na príosúnaigh go léir teite. 28Scairt Pól air, áfach, in ard a ghutha: “Ná déan aon díobháil duit féin,” ar seisean, “táimid go léir anseo.” 29D'iarr an coimeádaí solas a thabhairt chuige, ansin rith sé isteach agus chaith é féin ag glúine Phóil agus Shíleas agus é ar crith le heagla. 30Ansin sheol sé amach iad agus d'fhiafraigh díobh: “Cad atá le déanamh agam, a mháistrí, go slánófaí mé?” 31“Creid sa Tiarna Íosa,” ar siadsan, “agus beidh tú féin agus do theaghlach slán.”
32Agus d'fhógair siad briathar an Tiarna dó féin agus dá raibh sa teach leis. 33Dá fhad amach san oíche a bhí sé, thug sé leis iad agus nigh a gcréachtaí; agus baisteadh é féin agus a líon tí go léir ar an bpointe. 34Ansin thug sé isteach ina theach iad agus chuir cóir bia os a gcomhair. Rinne sé féin agus a theaghlach gairdeas go raibh an creideamh faighte aige i nDia.
35Nuair a bhí sé ina lá chuir na giúistísí na póiliní chun coimeádaí an phríosúin, á rá: “Scaoil saor na daoine sin.” 36Thug an coimeádaí an scéal seo go Pól: “Tá na giúistísí tar éis ordú a thabhairt go scaoilfí saor sibh. Amach libh mar sin agus go n‑éirí an bóthar libh.” 37Dúirt Pól leis na póilíní, áfach: “Rinne siad sinn a léasadh go poiblí gan aon triail a chur orainn agus sinn inár saoránaigh Rómhánacha. Ansin chaith siad isteach i bpríosún sinn. An dár gcur amach faoi cheilt atá siad anois? Ní dhéanfaidh siad go deimhin, ach tagaidís féin agus déanaidís sinn a chomóradh amach.” 38Thug na póilíní an scéal seo chun na ngiúistísí. Tháinig scanradh orthu nuair a chuala siad gur shaoránaigh Rómhánacha na haspail. 39Chuaigh siad chucu mar sin agus ghabh a leithscéal leo. Sheol siad amach ansin iad agus d'iarr orthu an chathair a fhágáil. 40Ar fhágáil an phríosúin dóibh chuaigh siad go teach Lidia, áit a bhfaca siad na bráithre. Thug siad spreagadh dóibh agus d'imigh siad leo.

Currently Selected:

Gníomhartha 16: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in