YouVersion Logo
Search Icon

2 Macabaech 9

9
Deireadh Saoil Aintíochas
1Um an dtaca sin tharla go raibh Aintíochas tar éis cúlú ar mhí-eagar ó chríocha na Peirse. 2Ghabh sé isteach sa chathair ar a dtugtar Peirsipoil agus rinne sé iarracht ar na teampaill a robáil agus smacht a fháil ar an gcathair. Uime sin ghabh na daoine a n‑airm chucu agus bhrostaigh i gcabhair i dtreo gur bhris na háitritheoirí ar Aintíochas agus gurbh éigean dó teitheadh leis faoi náire. 3Nuair a shroich sé Eacbatana chuala sé cad a tharla do Niocánór agus do shluaite Thiomóid. 4Tháinig fraoch feirge air, agus bheartaigh sé go mbainfeadh sé sásamh as na Giúdaigh ar son na hurchóide a rinne an dream a chuir an teitheadh air féin. D'ordaigh sé dá ara dá bhrí sin tiomáint ar aghaidh gan stad nó go gcuirfeadh sé a aistear de. Ach chuaigh breithiúnas neimhe ina choimhdeacht, mar dúirt sé le teann díomais: “Déanfaidh mé ollreilig do na Giúdaigh de Iarúsailéim nuair a shroichfidh mé é.” 5Ach Dia Iosrael, an Tiarna a fheiceann gach ní, bhuail sé é le buille doleighiste dofheicthe. Ní raibh na focail ach as a bhéal nuair a bhuail pian doleighiste é sa chliabhrach agus a ghabh íona géara é sna hionathair - 6agus ní raibh ansin ach lán an chirt ina chás siúd mar gurb iomaí slí inar chéas sé cliabhraigh dhaoine eile le pianta aisteacha. 7Ach níor mhaolaigh sé aon phioc ar a dhíomas, ach bhorr sé le breis uabhair agus bagarthaí bladhmannacha ag teacht as a bhéal le barr feirge leis na Giúdaigh agus é á ordú aige brostú ar aghaidh. Ansin go tobann caitheadh as a charbad é agus é faoi lánsiúl agus bhí an titim chomh crua sin gur chéas sé gach cnámh ina chorp. 8Ar an gcuma sin an té a mheas le barr díomais mhídhaonna ó chianaibhín go bhféadfadh sé ordú a chur ar thonnta na farraige, agus na sléibhte arda a thomhas i meá, leagadh chun láir agus lántalún é agus bhí sé á iompar ar eileatrom, rud a d'fhógair cumhacht Dé go soiléir do chách, 9sa mhéid go raibh corp an éagráifigh ar snámh le cruimheanna, agus gur lobh a fheoil agus é beo fós á chrá agus á phianadh, agus gur chuir an boladh lofa uaidh déistean ar an arm go léir. 10An fear a shíl ó chianaibhín go bhféadfadh sé lámh a leagan ar réaltaí na spéire, níorbh fhéidir le haon duine é a iompar anois mar go raibh an boladh uaidh dofhulaingthe. 11Ansin nuair a bhí a mhisneach teipthe air, chrom sé ar a lán den uabhar a chur de agus thosaigh a chiall ag teacht dó faoi sciúirse Dé mar bhí sé á chiapadh ag pianta gan staonadh. 12Nuair nárbh fhéidir leis féin fiú amháin cur suas lena bholadh, dúirt sé: “Sé an ceart é géilleadh do Dhia, agus níor chóir d'aon daonnaí bheith ag dréim le bheith ar aon chéim le Dia.”
13Ansin chrom an cneámhaire ar ghuí chun an Mháistir nach mbeadh trua aige a thuilleadh dó, á mhóidiú 14go ndéanfadh sé an chathair naofa, a raibh sé ag brostú chun a scartála ó bhonn agus ollreilig a dhéanamh di, a fhógairt ina cathair shaor; 15agus maidir leis na Giúdaigh, an mhuintir nár shíl sé ab fhiú a chur i gcré, ach arbh áil leis a chaitheamh mar aon lena leanaí chun na n‑ainmhithe allta, le halpadh ag na héin, go gcuirfeadh sé ar chomhchéim le saoránaigh na hAithine iad; 16go ndéanfadh sé an sanctóir a chreach sé tráth a mhaisiú le togha na n‑ofrálacha; go ndéanfadh sé na soithí beannaithe, gach ceann díobh, a chúiteamh arís agus arís eile; go n‑íocfadh sé costais na n‑íobairtí as a theacht isteach pearsanta féin; 17agus mar bharr air sin go léir go n‑iompódh sé ina Ghiúdach agus dtabharfadh sé turas ar gach áit ina raibh cónaí ar dhaoine le cumhacht Dé a fhógairt. 18Ach nuair nach ndeachaigh aon mhaolú ar a phianta de bhrí go raibh breithiúnas Dé ag luí air le lán an chirt, chaill sé gach dóchas ina thaobh féin, agus scríobh sé litir mar leanas chun na nGiúdach i bhfoirm achainí; seo mar a ghabh an litir:
19Cuireann Aintíochas rí agus ceannasaí a bheannachtaí líonmhara agus a dhea-mhéin dá mbeatha dá sláinte agus dá gconách chuig a shaoránaigh chóra, na Giúdaigh. 20Má tá sibh féin agus bhur gclann ar fónamh agus bhur gcúraimí ar bhur dtoil agaibh, táim an-sásta. Ós rud é gur as neamh atá mo mhuinín, 21is cuimhin liom bhur ndea-mheas orm agus bhur ndea-thoil, le gean. Ar mo shlí ar ais ó dhúiche na Peirse bhuail galar gránna mé agus shíl mé nárbh fholáir dom féachaint chun slándáil choiteann cách. 22Níl aon éadóchas orm faoi mo staid ach mé ag súil leis go láidir go dtiocfaidh mé slán ón ngalar; 23ach rinne mé mo mhachnamh ar conas mar a dhéanadh m'athair comharba air féin a ainmniú nuair a bhíodh sé ar aigne aige feachtas a dhéanamh faoi na hardáin, 24i dtreo, dá dtarlódh tubaiste éigin gan choinne, nó dá bhfaighfí aon drochscéala, go mbeadh a fhios ag muintir na tíre cé a d'fhágfaí i bhfeighil an rialtais agus nach mbeidís buartha; 25is maith atá a fhios agam freisin conas mar atá na flatha ar mo theorainn agus comharsana mo ríochta ag faire na faille agus ag feitheamh féachaint cad a tharlódh. Cheap mé mo mhac Aintíochas, dá bhrí sin, ina rí, fear a thaobhaigh mé libh agus a mhol mé do bhur bhformhór go minic agus mé ag cur chun bealaigh chun na gcúigí uachtair; tá cóip de mo litir chuige siúd ag gabháil léi seo. 26Táim á thathant oraibh dá bhrí sin, agus á impí oraibh, cuimhneamh ar na comaoineacha, idir phoiblí agus phríobháideach, a cuireadh oraibh, agus leanúint oraibh, gach duine agaibh, agus dea-mhéin a bheith agaibh i mo leithse agus i leith mo mhic. 27Mar tá a fhios agam go gcloífidh sé le mo pholasaí agus go mbeidh sé measartha cneasta libh.
28Ar fhulaingt na bpianta ba ghéire dá bhrí sin don dúnmharfóir agus don diamhaslóir seo, pianta den sórt a d'fhulaing daoine eile faoina lámha, tháinig críoch lena ré trí chinniúint róthruamhéileach i measc na sléibhte i dtír iasachta. 29Thug a chompánach Pilib a chorp ar ais, ach ansin theith sé chun na hÉigipte, go cúirt Ptoilimí Fileomaetór, le heagla roimh mhac Aintíochas.

Currently Selected:

2 Macabaech 9: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in