2 Macabaech 11
11
Feachtas Lisias
1Go han-ghairid ina dhiaidh sin tháinig fearg ar Lisias, oide agus gaol an rí a bhí i bhfeighil a ghnóthaí, i dtaobh ar tharla; 2agus bhailigh sé timpeall ochtó míle troitheach, agus a mharcshlua go léir agus tháinig d'fhonn na Giúdaigh a ionsaí le hintinn áit chónaithe do Ghréagaigh a dhéanamh den chathair, 3agus cáin a thobhach ar an Teampall mar a rinne ar áiteanna naofa náisiún eile, agus an ardsagartacht a chur ar díol gach bliain. 4Níor chuir sé cumhacht Dé san áireamh ar aon chor, ach é lán de mhuinín ina dheicheanna de mhílte troitheach, ina mhílte marcach agus ina ochtó eilifint. 5Ghabh sé isteach in Iúdáia agus dhruid le Béit Zúr, láthair dhaingean timpeall [fiche míle] ó Iarúsailéim, agus luigh sé go dian air. 6Nuair a fuair an Macabaech agus a chuid fear scéala go raibh [Lisias] ag cur léigir ar na daingin, chrom siad féin agus an pobal go léir ar ghuí chun an Tiarna le holagón agus le deora á impí air aingeal maith a chur le hIosrael a fhuascailt. 7Ba é an Macabaech féin an chéad fhear a ghabh chuige a chuid airm, agus spreag sé an chuid eile chun a n‑anam a chur i mbaol ina theannta ag fóirithint ar a mbráithre; ansin d'imigh siad leo amach de ruathar le chéile. 8Bhí siad fós i gcóngar Iarúsailéim nuair a dhealraigh marcach os a gcomhair, é in éide gheal agus airm óir ina lámha. 9Mhol siad go léir Dia na trócaire le chéile, agus bhí a leithéid de mhisneach ina gcroí go raibh siad réidh leis na hainmhithe is allta nó ballaí iarainn a leagan ar lár chomh maith le daoine daonna. 10Ghluais siad ar aghaidh in eagar catha le cabhair óna gcomhghuaillí ó neamh mar rinne an Tiarna trócaire orthu. 11Thug siad fogha faoina naimhde ar nós na leon agus leag siad ar lár aon mhíle déag troitheach, agus sé chéad déag marcach, agus chuir an teitheadh ar an gcuid eile go léir. 12D'éirigh lena bhformhór seo éalú ach iad gonta, gan arm. Tháinig Lisias féin slán trí theitheadh leis go náireach.
Déanann Lisias Síocháin
13Ní raibh [Lisias] gan tuiscint agus rinne sé a mhachnamh ar an treascairt a fuair sé agus thuig sé go raibh na hEabhraigh dochloíte mar go raibh Dia na gcumhacht ag troid ar a dtaobh. Chuir sé teachtaireacht chucu dá bhrí sin 14agus d'áitigh orthu gach ní a shocrú ar choinníollacha córa, á gheallúint go meallfadh sé fiú an rí féin chun caradais leo. 15Ní raibh ach an mhaith choiteann ag déanamh imní don Mhacabaech, agus réitigh sé le gach ar mhol Lisias. Gach iarratas a chuir an Macabaech i láthair Lisias i scríbhinn ar son na nGiúdach, dheonaigh an rí iad.
16Seo é téacs na litreach a scríobh Lisias chun na nGiúdach:
Beatha agus sláinte ó Lisias chun an phobail Ghiúdaigh. 17Chuir Eoin agus Aibseálóm, bhur dtoscairí, an teachtaireacht a shínigh sibh faoi mo bhráid, á impí a bhfuil inti a dheonú. 18Chuir mé faoi bhráid an rí gach ar ghá a chur faoina bhráid agus d'aontaigh sé le gach arbh fhéidir. 19Má mhaireann bhur ndea-thoil i leith an rialtais, déanfaidh mé mo dhícheall as seo amach bhur leas a chur chun cinn. 20Maidir leis na nithe seo agus a mionsonraí, thug mé ordú do [na toscairí] seo agus do m'ionadaithe dul i gcomhairle libh fúthu. 21Slán agaibh. An bhliain céad daichead a hocht, an ceathrú lá fichead de mhí Dioscoirintias.
22Seo mar a ghabh litir an rí:
Beatha agus sláinte ón rí Aintíochas chun a bhráthar Lisias. 23Ós rud é go bhfuil ionad i measc na ndéithe bainte amach ag ár n‑athair, is é ár dtoil go bhfágfaí géillsinigh ár ríochta i bhfeighil a gcúraimí féin gan cur isteach orthu. 24Tá sé cloiste againn nach réitíonn na Giúdaigh leis an athrú go nósanna Gréagacha a chuir ár n‑athair i bhfeidhm, ach gur fearr leo a mbéascna féin, agus go n‑impíonn siad go gceadófaí a nósanna féin dóibh. 25Dá réir sin, ós rud é gur mian linn go mbeadh an cine seo freisin saor ó chiapadh, is é ár mbreith an Teampall a thabhairt ar ais dóibh, agus go mairfidís de réir nósanna a sinsear. 26Tá sé chomh maith agat dá bhrí sin scéala a chur chucu agus deaslámh an chairdis a shíneadh chucu, i dtreo go mbeadh eolas acu ar ár bpolasaí, go mbeadh misneach acu agus go rachaidís ar aghaidh lena ngnóthaí féin go sona sásta.
27Mar seo a ghabh litir an rí chun an chine Ghiúdaigh:
Beatha agus sláinte ón rí Aintíochas chun seanad na nGiúdach agus chun na nGiúdach eile. 28Má tá sibh ar fónamh, is mar sin is fearr linn. Táimidne freisin faoi mhaise na sláinte. 29Chuir Meanalás in iúl dúinn gur mian libh filleadh abhaile agus aire a thabhairt do bhur gcúraimí féin. 30Dá bhrí sin an mhuintir go léir a fhillfidh abhaile faoin tríochú lá de Xantacas, beidh geall ár gcairdis acu agus cead iomlán 31ag na Giúdaigh a mbia féin a chaitheamh agus feidhm a bhaint as a ndlíthe féin mar a dhéanaidís cheana; ní chuirfear isteach ná amach ar aon duine díobh de bharr aon ní a rinne sé trí aineolas. 32Chuir mé Meanalás freisin chun misneach a chur oraibh. 33Slán agaibh. An bhliain céad daichead a hocht, an cúigiú lá déag de Xantacas.
34Chuir na Rómhánaigh litir chucu chomh maith; mar seo leanas a ghabh sí:
Beatha agus sláinte ó Chiuntas Meimias agus ó Thíotas Mainias, toscairí ó na Rómhánaigh, go dtí an pobal Giúdach. 35Cibé rud a dheonaigh Lisias gaol an rí daoibh, aontaímidne leis freisin. 36Maidir leis na nithe a bheartaigh sé a chur faoi bhráid an rí, déanaigí iad a phlé go cáiréiseach agus seolaigí duine éigin gan mhoill i dtreo go ndéanfaimis cinneadh mar a d'oirfeadh daoibh. Mar táimid ar tí imeacht go hAintíoch. 37Déanaigí deifir dá bhrí sin agus cuirigí dream chugainn le go mbeadh fios bhur n‑aigne againn. 38Slán agaibh. An bhliain céad daichead a hocht, an cúigiú lá déag de Xantacas.
Currently Selected:
2 Macabaech 11: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.