1 Macabaech 5
5
Feachtais Iúdáis agus Shíomóin
1Nuair a chuala na págánaigh mórthimpeall go raibh an altóir atógtha, agus go raibh an sanctóir coisricthe mar a bhí sé roimhe sin, tháinig racht feirge orthu, 2agus bheartaigh siad sliocht Iacóib ar fad a bhí ag cur fúthu ina measc a scriosadh; chromadar ar mharú agus lot a dhéanamh ar an bpobal. 3Chuir Iúdás cogadh ar chlann Éasau in Idiúmáia i ndúiche Acrabataenae, mar go mbídís in eadarnaí ar Iosrael; bhris sé orthu go trom tubaisteach agus chreach iad. 4Chuimhnigh sé freisin ar mhailís shliocht Bhaían a bhí mar shás agus mar ghaiste don phobal lena luíocháin ar na bealaí. 5Rinne sé iad a thimpeallú ina ndúnta, agus chuir sé léigear orthu, agus mhóidigh iad a chur faoin mbang; chuir sé a dtúir trí thine agus dhóigh iad go talamh mar aon le gach duine a bhí iontu. 6Ghabh sé anonn ansin in aghaidh na nAmónach mar a bhfuair sé buíon láidir agus líon mór daoine faoi cheannas Thiomóid. 7Chuir sé a lán cathanna orthu, bhris go tubaisteach orthu agus rinne ár agus eirleach orthu. 8Gabh sé Iazaer agus a bhruachbhailte; ansin d'fhill sé ar Iúdáia.
9Chruinnigh na págánaigh le chéile i nGileád in aghaidh na nIosraelach a bhí ag cur fúthu ina gcríocha d'fhonn iad a scriosadh. 10Ach theith siadsan go dún Dhatama, agus sheol siad litir go Iúdás agus a dheartháireacha leis an teachtaireacht: “Tá na págánaigh inár dtimpeall cruinnithe le chéile inár n‑aghaidh d'fhonn sinn a scriosadh. 11Tá siad ag ullmhú le haghaidh teacht agus an dún inar theitheamar a ghabháil de ruathar; tá Tiomóid i gceannas a bhfórsaí. 12Tar gan mhoill mar sin agus fuascail sinn as a lámha, mar tá a lán againn ar lár. 13Cuireadh chun báis ár mbráithre go léir a bhí ag cur fúthu i gcríocha na dTúbach; tugadh a mná agus a leanaí i mbraighdeanas, fuadaíodh a maoin, agus díthíodh timpeall míle fear ansiúd.”
14Fad bhí an litir fós á léamh, siúd chucu teachtairí eile ón nGailíl agus a gcuid éadaigh stróicthe, agus an scéala céanna acu; 15go raibh muintir Ptolamais, na Tuíre, na Sídóine, agus muintir Ghailíl na nGinte, go léir cruinnithe ina n‑aghaidh “d'fhonn sinn a scriosadh”. 16Nuair a chuala Iúdás agus an pobal na teachtaireachtaí sin, tionóladh cruinniú mór chun a shocrú céard ba chóir dóibh a dhéanamh dá ndeartháireacha a bhí i gcruachás agus a naimhde á n‑ionsaí. 17Dúirt Iúdás lena dheartháir Síomón: “Bíodh do rogha de na fir agat agus téigh chun do bhráithre sa Ghailíl a shaoradh; rachaidh mise agus mo dheartháir Iónátán go Gileád.” 18D'fhág sé Iósaef, mac Zachairias, agus Azairias, ceannaire an phobail, leis an gcuid eile den arm in Iúdáia, lena chosaint 19agus thug sé an t‑ordú seo dóibh: “Bíodh ceannas agaibh ar an bpobal ach ná cuirigí cath ar na págánaigh nó go bhfillfimid.” 20Ceapadh trí mhíle fear do Shíomón don fheachtas chun na Gailíle, agus ocht míle do Iúdás do Ghileád.
Sa Ghailíl agus i nGileád
21Ghluais Síomón ar aghaidh isteach sa Ghailíl agus chuir a lán cathanna ar na págánaigh, agus bhris orthu go tubaisteach; 22chuaigh sé sa tóir orthu go geata Ptolamais, agus thit timpeall trí mhíle fear díobh agus ghabh sé a gcreach. 23Thug sé leis [Giúdaigh] na Gailíle agus Arbata, lena gcuid ban agus leanaí agus a maoin go léir; thug siad isteach in Iúdáia iad faoi lúcháir mhór.
24Ghabh Iúdás Macabaech agus Iónátán a dheartháir thar an Iordáin agus mháirseáil siad turas trí lá tríd an bhfásach. 25Bhuail siad leis na Nabataeigh; bhíodarsan síochánta leo agus d'insíodar dóibh gach ar tharla dá mbráithre i nGileád: 26“Tá a lán acu,” ar siad, “teanntaithe i mBozrá agus i mBosor, in Alama, i Chasfó, i Macad, agus i gCarnaen” - cathracha móra daingne iadsan - 27“agus tá a thuilleadh acu teanntaithe i mbailte eile Ghileád; tá sé beartaithe ag an namhaid na dúnta sin a ionsaí amarach, agus an mhuintir go léir iontu a scrios san aon lá amháin.”
28Chas Iúdás agus a fhórsaí i leataobh ar feadh bhealach an fhásaigh go Bozrá; ghabh sé an chathair agus chuir gach mac máthar chun báis le faobhar claímh, chreach an chathair go léir agus chuir trí thine í. 29D'fhág sé an áit sin i gcoim na hoíche, agus leanadar orthu ar aghaidh go dtáinig siad chomh fada le dún [Dhatama]. 30Le breacadh an lae d'ardaíodar a súile agus b'shiúd mathshlua mór nárbh fhéidir a áireamh, ag cur dréimirí agus innill i bhfearas chun an dún a ghabháil; bhí ag tosú ar an ruathar. 31Chonaic Iúdás go raibh tús curtha leis an gcath agus go raibh gáir na cathrach á cur suas chun neimhe le macalla an stoic agus na béicíola; 32agus dúirt sé leis na fir ina bhuíon: “Troidigí inniu ar son bhur mbráithre.” 33Ansin roinn sé iad ina dtrí díormaí agus d'ionsaigh sé iad i leith a gcúil le stoic á séideadh agus urnaithe á gcur suas acu in ard a gcinn. 34Nuair a thuig arm Thiomóid gurbh é an Macabaech a bhí ann, theith siad roimhe agus bhris sé go trom orthu; thit timpeall ocht míle fear díobh an lá sin.
35D'iompaigh sé ansin ar Alama, chuir cath air agus ghabh é; mharaigh sé gach fear ann, chreach é agus chuir trí thine é. 36Chuaigh sé ar aghaidh ón áit sin agus ghabh Chasfó, Macad, Bosor agus cathracha eile Ghileád. 37Tar éis na n‑imeachtaí sin bhailigh Tiomóid fórsa eile agus shuigh a longfort os comhair Rafón ar an taobh thall den ghleann. 38Chuir Iúdás gasra uaidh chun taiscéalaíocht a dhéanamh ar an longfort agus thángadar ar ais le scéala chuige: “Tá págánaigh go léir na dúiche timpeall orainn cruinnithe chuige; fórsa an-tréan iad anois. 39Tá amhais Arabacha mar thaca acu; tá a longfort suite acu lastall den ghleann agus tá siad réidh le cath a chur ort.” Chuaigh Iúdás ar aghaidh ina gcoinne.
40Nuair a bhí Iúdás agus a shluaite ag druidim le sileán an uisce, dúirt Tiomóid le ceannairí an fhórsa: “Má thagann seisean anall chugainne ar dtús ní féidir linn cur ina choinne, mar beidh an buntáiste aige orainn. 41Ach má bhíonn drochmhisneach air agus go suíonn sé a longfort ar an taobh eile den abhainn, rachaimidne anonn chuige agus beidh an buntáiste againne airsean.” 42A luaithe a tháinig Iúdás go sileán an uisce, chóirigh sé scríobhaithe an phobail ar feadh an tsileáin is thug an t‑ordú seo dóibh: “Ná ligigí d'aon duine campa a shuíomh, ach téidís go léir chun catha.” 43Ansin ghabh sé féin anonn chucu ar an gcéad duine agus an pobal go léir ina dhiaidh. Briseadh ar na págánaigh go léir roimhe agus chaith siad uathu a n‑airm, agus theith go tearmann naofa Charnaen. 44Ghabh [na Giúdaigh] an chathair, agus chuir siad an tearmann naofa agus gach a raibh ann trí thine. Scriosadh Carnaen ar an gcuma sin, agus níor fhéad an namhaid an fód a sheasamh a thuilleadh in aghaidh Iúdáis.
45Ansin chruinnigh Iúdás na hIosraelaigh go léir a bhí ag cur fúthu i nGileád, idir bheag agus mhór, agus a mná agus a leanaí agus a maoin, slua an-mhór, le dul go tír Iúdá. 46Tháinig siad chomh fada le hEafrón; cathair mhór láidir í seo, suite i lár an bhealaigh agus í cóirithe go daingean; níorbh fhéidir dóibh gabháil thairsti ar dheis ná ar chlé, ach gabháil cruinn díreach tríthi. 47Chuir muintir na cathrach bac orthu dul isteach, ámh, agus dhaingnigh siad na geataí ina n‑aghaidh le clocha. 48Chuir Iúdás teachtaireacht mhuinteartha mar seo chucu: “Ligigí dúinn gabháil trí bhur gcríocha ar ár mbealach chun ar gcríoch féin; ní chuirfidh aon duine isteach oraibh, ní dhéanfaimid ach gabháil ar aghaidh de chois.” Ach ní raibh siad sásta oscailt dó. 49Ansin d'ordaigh Iúdás a fhógairt don slua gach duine a fhanacht mar a raibh aige. 50Chuaigh na saighdiúirí ina láithreacha catha agus bhí an chathair faoi ionsaí ag Iúdás an lá sin go léir agus an oíche go léir dár gcionn, agus tugadh an chathair ar láimh dó. 51Chuir sé gach fear inti chun báis le faobhar claímh, scartáil sé í agus chreach í agus mháirseáil tríthi thar choirp na marbh. 52Ghabh siad thar an Iordáin isteach sa mhachaire mór os comhair Bhéit Seán. 53Ní dheachaigh aon stad ar Iúdás ach ag gríosadh na muintire a bhí ag teip agus ag tabhairt misnigh don phobal an bealach go léir go tír Iúdá. 54Ghabh siad Cnoc Shíón suas faoi lúcháir agus áthas, agus d'ofráil siad íobairtí uileloiscthe mar gur fhill siad slán folláin gan duine a chailliúint.
Iaimnía, Idiúmáia, Filistía
55Fad a bhí Iúdás agus Iónátán i nGileád agus Síomón a dheartháir sa Ghailíl os comhair Ptolamais, 56chuala Iósaef, mac Zacairias, agus Azairias, ceannairí an airm, faoina n‑éachtaí agus faoin gcogadh a d'fhear siad, 57agus dúirt siad: “Tuillimisne ainm in airde dúinn féin chomh maith, agus téimis agus cuirimis cogadh ar na págánaigh inár dtimpeall.” 58Thug siad orduithe do mhuintir an airm a bhí ina dteannta agus mháirseáil siad i gcoinne Iaimnía. 59Tháinig Goirgias agus a shluaite amach as an gcathair ina gcoinne, chun catha a chur orthu. 60Briseadh ar Iósaef agus ar Azairias, agus cuireadh an teitheadh orthu chomh fada le teorainneacha Iúdáia. Thit timpeall dhá mhíle fear de mhuintir Iosrael an lá úd. 61Briseadh go tubaisteach ar an bpobal an lá sín mar níor thugadar aird ar Iúdás agus ar a dheartháireacha ach iad á mheas go ndéanfaidís féin gaisce. 62Ní raibh iontu dúchas na bhfear úd ar cuireadh fuascailt Iosrael faoina gcúram.
63Bhí an fear úd Iúdás agus a dheartháireacha faoi ardmheas in Iosrael go léir agus i measc na bpágánach, cibé áit ina raibh a gcáil le cloisteáil. 64Bhailigh daoine chucu lena móradh. 65Ansin ghluais Iúdás agus a dheartháireacha amach agus chuir siad cogadh ar shliocht Éasau sa dúiche ó dheas; ghabh sé Heabrón agus a bhruachbhailte de ruathar; leag sé a dhaingne agus chuir na túir a bhí ina thimpeall trí thine. 66D'imigh sé leis ansin isteach i dtír na bhFilistíneach agus ghabh trí Mhairise. 67Thit roinnt sagart sa chath an lá sin le teann fearaíochta mar go ndeachaigh siad chun troda le barr díth céille. 68Chas Iúdás i leataobh go hAzótas, dúiche Filistíneach; leag sé anuas a n‑altóirí, loisc sé íomhánna greanta a ndéithe, chreach a gcathracha, agus d'fhill ar thír Iúdá.
Currently Selected:
1 Macabaech 5: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.