1 Macabaech 10
10
Ceapann Alastar Iúdás ina Ardsagart
1Sa bhliain céad agus a seasca tháinig Alastar Eipifanaes, mac Aintíochas, i dtír agus ghabh seilbh ar Ptolamais. Cuireadh fáilte roimhe agus chuaigh sé i mbun rialaithe. 2Nuair a chuala Déimitrias rí é sin, chruinnigh sé slua mór agus mháirseáil amach chun catha ina choinne. 3Ansin chur Déimitrias litir shíochánta go Iónátán ag caitheamh onóra leis. 4“Mar,” ar sé, “b'fhearr dúinn an tosach a bheith againn agus síocháin a dhéanamh leis sula ndéanfaidh sé síocháin le hAlastar inár n‑aghaidh. 5Óir cuimhneoidh seisean ar na héagóracha go léir a rinneamar ina choinne agus i gcoinne a bhráithre agus i gcoinne an chine.” 6Thug [Déimitrias] údarás dó dá bhrí sin fórsaí a chruinniú, airm a sholáthar, agus bheith mar chomhghuaillí aige; agus d'ordaigh sé na gialla sa Dúnfort a scaoileadh saor chuige.
7Chuaigh Iónátán go dtí Iarúsailéim agus léigh sé an litir i gcomhchlos an phobail ar fad agus na muintire sa Dúnfort. 8Tháinig scéin an domhain orthu nuair a chuala siad gur thug an rí údarás dó fórsaí a thionól. 9Agus thug lucht an Dúnfoirt na gialla suas do Iónátán agus thug sé ar ais dá dtuismitheoirí iad.
10Chuir Iónátán faoi in Iarúsailéim ansin agus chrom sé ar an gcathair a atógáil agus a athnuachan. 11Thug sé ordú dóibh siúd a bhí i mbun na hoibre na ballaí agus an chóir chosanta timpeall Shliabh Shíón a thógáil de chlocha gearrtha go cearnógach le go mba dhaingnide a bheidís; agus rinneadar amhlaidh. 12Ansin theith na heachtrannaigh a bhí sna daingin a thóg Bacaídéas. 13D'fhág gach duine a láthair féin agus d'imigh chun a thíre féin. 14Níor fhan aon duine ach beagán díobh siúd a thréig an dlí agus na haitheanta agus a d'fhan i mBéit Zúr mar gur thearmann é.
15Chuala Alastar rí faoi na gealltanais go léir a thug Déimitrias do Iónátán agus d'inis daoine dó faoi na cathanna go léir a d'fhear Iónátán agus a dheartháireacha agus faoi na gníomhartha gaisce a rinne siad agus na deacrachtaí a d'fhulaing siad. 16“An bhfaighimid a leithéid go deo arís? Anois más ea, déanaimis ár gcara agus ár gcomhghuaillí de!” 17Scríobh sé litir chuige dá bhrí sin agus sheol chuige í le teachtaireacht mar seo: 18“Alastar rí dá bhráthair Iónátán, beatha agus sláinte! 19Chualamar gur gaiscíoch tréan thú agus gur fiú thú a bheith mar chara againn. 20Cheapamar dá réir sin inniu thú le bheith i do ardsagart ag do mhuintir, agus go dtabharfaí cara an rí ort” - agus chuir sé fallaing chorcra agus coróin órga chuige freisin - “agus go mbeadh lé agat linn agus go mbeadh cairdeas eadrainn.”
21Chuir Iónátán na héidí naofa air sa seachtú mí den bhliain céad agus a caoga, i bhféile na dTaibearnacal, agus chruinnigh sé fórsaí agus sholáthraigh sé raidhse arm.
Litir ó Dhéimitrias go Iónátán
22Nuair a chuala Déimitrias faoin méid sin, bhí brón air agus dúirt: 23“Cad tá déanta againn a rá is go bhfuil buntáiste faighte ag Alastar orainn ag déanamh cairdis leis na Giúdaigh mar thacaíocht leis féin? 24Cuirfidh mise freisin teachtaireacht misnigh chucu ag geallúint onóra agus duaiseanna lena mealladh chun cabhrú liom.” 25Agus chuir sé scéala chucu mar leanas: “Déimitrias rí go dtí an cine Giúdach, beatha agus sláinte! 26Chualamar conas mar a choimeád sibh bhur gconarthaí linne agus a d'fhan sibh dílis do bhur gcairdeas linne gan taobhú lenár naimhde agus ba mhór an sásamh dúinn sin. 27Anois, más ea, leanaigí oraibh le bhur ndílseacht dúinn, agus déanfaimid cúiteamh fial libh ar son gach a ndéanfaidh sibh ar ár son. 28Tabharfaimid a lán pribhléidí daoibh agus bronnfaimid a lán duaiseanna oraibh. 29Déanaim sibhse anois a shaoradh agus na Giúdaigh go léir a fhuascailt ó gach cíos, ó cháin an tsalainn agus ó cháin na corónach. 30Agus cé go bhfuil trian d'fhómhar an arbhair agus leath d'fhómhar na gcrann dlite dom, in áit í a thobhach, scaoilim saor ón gcáin sin, ó inniu agus as seo amach, tír Iúdá agus na trí dúichí a cuireadh leis ón tSamáir agus ón nGailíl, ó inniu agus go brách. 31Bíodh Iarúsailéim agus a chomharsanacht, a dheachúna agus a dhleachta naofa, saor ó cháin. 32Bogaim freisin mo ghreim ar an Dúnfort in Iarúsailéim agus tugaim i lámha an ardsagairt é le go gcuirfeadh sé a rogha féin de gharastún ann lena chosaint. 33Agus gach Giúdach beo a tugadh mar chime ó thír Iúdá go dtí aon áit i mo ríocht, scaoilim saor in aisce iad, agus maitheadh [na feidhmeannaigh] go léir na cánacha do chách, fiú ar a n‑eallach. 34Na féilte go léir, na sabóidí, na réanna nua agus na sollúnacha ar leith, an trí lá roimh fhéile, agus an trí lá ina diaidh, bídís-sean go léir ina laethanta fuascailte agus maithiúnais do na Giúdaigh go léir i mo ríocht. 35Ní bheidh sé de cheart ag aon duine aon éileamh a dhéanamh orthu ná cur isteach orthu ar aon slí. 36Liostáiltear Giúdaigh, suas le tríocha míle fear díobh, in arm an rí agus bíodh liúntais ar fáil dóibh ar aon dul leis an gcuid eile d'fhórsaí an rí. 37Cuirtear cuid acu i ndaingin mhóra an rí, agus ceaptar a thuilleadh díobh i bpoist mhuiníne sa ríocht. Ceaptar oifigigh agus ceannairí dá gcuid féin orthu agus mairidís de réir a ndlíthe féin, faoi mar a d'ordaigh an rí i dtír Iúdá. 38Maidir leis na trí réigiúin a cuireadh le Iúdáia ó thír na Samáire, cuirtear le Iúdáia iad ar shlí go n‑áireofar faoin aon rialtóir amháin iad, gan géillsine á tabhairt acu d'aon údarás ach don ardsagart. 39Thug mé Ptolamais agus a chomharsanacht mar bhronntanas don sanctóir in Iarúsailéim le díol as na costais riachtanacha a ghabhann leis an sanctóir. 40Déanaim féin freisin bronntanas de chúig mhíle déag seicil airgid in aghaidh na bliana ó chiste an rí, le teacht ó na foinsí cuí. 41An fearasbarr go léir nach bhfuil íoctha fós ag na feidhmeannaigh mar a rinneadh blianta eile, tabharfaidh siad as seo amach é ar son oibreacha an Teampaill. 42Mar bhreis air sin, an cúig mhíle seicil airgid a dhéantaí a thobhach ar theacht isteach sheirbhísí an tsanctóra le haghaidh na bliana, tá sé á mhaitheamh mar go mbaineann sé leis na sagairt a cheiliúrann an liotúirge. 43Aon duine a lorgann dídean sa Teampall in Iarúsailéim, nó laistigh dá thearmainn, toisc go bhfuil sé i bhfiacha leis an rí nó a mhalairt, scaoiltear saor é agus faigheadh sé ar ais a mhaoin go léir i mo ríochtsa. 44Maidir le tógáil agus athnuachan foirgnimh an tsanctóra, bíodh na costais go léir ar chiste an rí. 45Bíodh chomh maith atógáil ballaí Iarúsailéim, agus an chóir chosanta ina thimpeall, mar chostas ar chiste an rí agus atógáil ballaí cathracha Iúdáia freisin.”
Diúltú
46Nuair a chuala Iónátán agus an pobal na focail sin níor ghéilleadar dóibh ach iad a scaoileadh thar a gcluasa, mar ba cuimhin leo an díobháil mhór a rinne [Déimitrias] in Iosrael agus conas mar a rinne sé leatrom cruálach orthu. 47Thaobhaíodar le hAlastar mar gurbh é ba thúisce a labhair briathra síochánta leo agus bhíodar ina gcomhghuaillithe aige ar feadh a shaoil go léir. 48Bhailigh Alastar rí sluaite móra agus shuigh a longfort os coinne Dhéimitrias. 49Chuaigh an dá rí i ngleic catha le chéile. Theith arm Dhéimitrias agus chuaigh Alastar sa tóir air agus bhris ar a fhórsaí. 50Lean sé den troid go dásachtach go ndeachaigh an ghrian faoi agus thit Déimitrias féin an lá úd.
Pósadh Alastair - Gradam Iónátán
51Chuir Alastar teachtaí go dtí Ptoilimí rí na hÉigipte le teachtaireacht mar leanas: 52“Ós rud é gur fhill mé ar ais ar mo ríocht féin, go bhfuilim i mo shuí i ríchathaoir mo shinsear, gur dhaingnigh mé mo réim, gur bhasc mé Déimitrias, go bhfuair mé ceannas ar ár dtír - 53mar throid mé é agus scriosamar é féin agus a arm agus táimid suite anois i ríchathaoir a ríochta - 54anois, más ea, déanaimis conradh agus cairdeas lena chéile; tabhair dom d'iníon mar bhean chéile agus beidh mé mar chliamhain agat, agus tabharfaidh mé spré duitse agus dise, mar is dual daoibh.”
55D'fhreagair Ptoilimí rí mar leanas: “Is aoibhinn an lá a d'fhill tú ar thír do shinsear agus a shuigh tú i ríchathaoir a ríochta. 56Anois déanfaidh mé duit de réir mar a scríobh tú; ach buail liom i Ptolamais, i dtreo go bhfeicfimis a chéile agus beidh mé i m'athair céile agat faoi mar a dúirt tú.” 57Chuir Ptoilimí chun bealaigh mar sin ón Éigipt, é féin agus a iníon Cleopatra agus thángadar go Ptolamais sa dara bliain ar thrí fichid ar chéad. 58Bhuail Alastar rí leis agus thug [Ptoilimí] a iníon Cleopatra dó le pósadh agus ceiliúradh an pósadh i Ptolamais le spleodar faoi mar is gnáth le ríthe. 59Ansin scríobh Alastar go Iónátán á iarraidh air teacht ina láthair. 60Chuaigh sé dá bhrí sin go hollásach go Ptolamais agus bhuail leis an dá rí; thug sé airgead agus ór agus a lán tabhartas dóibh féin agus dá gcairde agus fuair sé fabhar ina láthair. 61Chuir buíon scraistí ó Iosrael, dream ainrialta, le chéile le gearán a dhéanamh ina aghaidh, ach níor thug an rí aon aird orthu. 62D'ordaigh an rí a chuid éadaigh a bhaint de Iónátán agus éide chorcra a chur uime, agus rinneadh amhlaidh. 63Chuir an rí ina shuí taobh leis é agus dúirt sé lena oifigigh: “Téigí amach i lár na cathrach leis agus fógraígí gan aon duine a dhéanamh gearáin ina aghaidh faoi aon ní agus gan aon duine a chur isteach air ar aon chúis.” 64Nuair a chonaic lucht a chúisithe an onóir a bhí á caitheamh leis de réir an fhógra sin agus é gléasta i gcorcra, theith siad go léir. 65Thug an rí onóir dó, más ea, agus chuir a ainm ar rolla a phríomhchairde, agus cheap é ina ghinearál agus ina ghobharnóir ar an gcúige. 66D'fhill Iónátán ansin go Iarúsailéim faoi shíocháin agus faoi áthas.
Briseann Iónátán ar Apollóinias
67Sa bhliain céad agus a seasca cúig tháinig Déimitrias mac Dhéimitrias ón gCréit go tír a shinsear. 68Nuair a chuala Alastar rí ina thaobh sin, tháinig buaireamh mór air agus d'fhill sé ar Aintíoch. 69Cheap Déimitrias Apollóinias ina ghobharnóir ar Choílé Síre agus chruinnigh forsa tréan agus chuir léigear ar Iaimnía. Ansin chuir sé an teachtaireacht seo leanas go Iónátán an t‑ardsagart.
70“Níor éirigh inár gcoinne ach tú! Táim i mo cheap magaidh agus aithise anois de do chionn. Cén fáth a bhfuil feidhm á bhaint agat as do chumas inár gcoinne sna hardáin? 71Má tá muinín agat as d'fhórsaí, tar anuas ar an machaire inár n‑aghaidh agus bainimis triail as a chéile ann; tá neart na gcathracha ar mo thaobhsa. 72Cuir ceist agus faigh amach cé hé mé agus cé hiad an mhuintir eile atá ag cabhrú linn. Déarfaidh daoine leat nach féidir duit an fód a sheasamh inár n‑aghaidh, mar gur briseadh dhá uair ar do shinsir ar a bhfóidín dúchais. 73Agus anois ní bheidh ar do chumas an fód a sheasamh in aghaidh an mharcshlua ná an airm mhóir seo sa mhachaire, agus gan carraig ná scailp ná áit dídine ann duit.”
74Nuair a chuala Iónátán teachtaireacht Apollóinias, bhorr an croí ann istigh. Thogh sé deich míle fear agus chuir chun bealaigh ó Iarúsailéim agus tháinig a dheartháir Síomón chuige le cabhair. 75Shuigh sé longfort os comhair Iopa ach dhún lucht na cathrach í ina aghaidh, mar go raibh garastún ag Apollóinias in Iopa. Nuair a rinneadar ionsaí uirthi, 76tháinig eagla ar lucht na cathrach agus d'osclaíodar dó agus ghabh Iónátán Iopa. 77Chuala Apollóinias é sin agus chruinnigh sé trí mhíle de mharcshlua agus arm mór agus ghluais go hAzótas, amhail is dá mbeadh sé le dul níos faide. Bhí sé ag brú ar aghaidh isteach sa mhachaire san am céanna mar bhí fórsa tréan marcach aige agus é ag brath orthu. 78Chuaigh [Iónátán] sa tóir air chomh fada le hAzótas agus chuaigh na hairm i ngleic le chéile. 79Bhí míle marcach fágtha ag Apollóinias i bhfolach ar a chúl. 80Fuair Iónátán amach go raibh an luíochán seo á dhéanamh i leith a chúil; thimpeallaigh na marcaigh a arm agus bhíodar ag scaoileadh a saigheada faoina chuid fear ó mhaidin go tráthnóna. 81Ach sheas na fir an fód mar a d'ordaigh Iónátán dóibh, agus traochadh a n‑eachra siúd. 82Ansin thug Síomón a fhórsa chun tosaigh agus chuir cath ar an bhfalang - mar bhí an marcshlua traochta - agus bhris sé orthu agus theitheadar. 83Scaipeadh an marcshlua ar fud an mhachaire agus theith siad go hAzótas agus isteach leo i dteampall Dhágón, a n‑íol, ag lorg dídine. 84Ach chuir Iónátán Azótas agus na cathracha máguaird trí thine; chreach sé iad agus chuir sé teampall Dhágón, agus an mhuintir a theith ina sluaite isteach ann, faoi bharr lasrach. 85Ba é an líon naimhde a thit le faobhar claímh nó le loscadh sa tine, timpeall ocht míle fear. 86D'imigh Iónátán leis ón áit sin, agus shuigh a champa os comhair Ascalón; d'fháiltigh muintir na cathrach sin roimhe go hollásach. 87D'fhill Iónátán ansin ar Iarúsailéim le héadáil mhór. 88Nuair a chuala Alastar rí faoi na nithe sin go léir, chaith sé a thuilleadh onóra le Iónátán, 89chuir sé chuige dealg óir mar is gnáth a thabhairt do ghaolta an rí; thug sé dó chomh maith seilbh ar Eacrón agus na tailte a ghabh leis.
Currently Selected:
1 Macabaech 10: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.