YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 9

9
Caibidil IX.
Fuair Naói Beannuġaḋ agus sólas o Ḋía. 13 Le coṁṫar a ḃoġ uisge. 22 Cionta Ċam, agus a smaċd.
1Agus do ḃeannuiġ Día Naói agus a ṁic, agus a duḃairt riú; Biġi tórrṫaċ, agus iomaduiġiḋ, agus lionaiḋ an talaṁ. 2Agus biaiḋ ḃur neagla agus ḃur núaṁan ar gaċ uile ainṁiḋe ar an ttalaṁ, agus ar gaċ uile éun a naiéir, ar gaċ uile ní da gcorruiḋeann ar an ttalaṁ, agus ar iásg na fairge uile; an ḃur láiṁ tugaḋ íad. 3Gaċ uile ní béo da ccorruiġeann bía na ḃíaḋ ḋiḃsi; aṁuil mar an luiḃ nglais tug mé ḋiḃ a nuile ni. 4Aċ feóil maille ré na hanam, eaḋon a fuil, ní iósa siḃ. 5Agus go deiṁin ḃur ḃfuil ḃur nanma loirgfe misi; asláiṁ a nuile ḃeaṫuiġ loirgfe mé í, agus as láiṁ an duine; as láiṁ ḋearḃraṫar gaċ duine íarfas mé anam an duine. 6Giḋ bé ḋóirtfeas fuil duine, is lé duine ḋóirtfíġear a ḟuilsion: óir is a ndeilḃ Dé do rinne sé an duine. 7Agus siḃsi, bíġi tórrṫaċ, agus iomaduiġiḋ; geiniḋ go hiomarcaċ ar an ttalaṁ, agus iomaduiġiḋ ann. 8Agus do laḃair Día ré Naói, agus ré na ṁacaiḃ maille ris, ag raḋ: 9Agus misi, feuċ, misi ḋaingníġeas mo ċunnraḋ riḃsi, agus ré ḃur síol ḃur ndíaiġ; 10Agus ré gaċ uile ċréutuir béo dá ḃfuil maille riḃ, do néunlaiṫ, do náirnéis, do nuile ḃeaṫaċ ar talaṁ atá aguiḃ; ón uile da ndeaċuiḋ amaċ as an áirc, do nuile ḃeaṫaċ ar talaṁ. 11Agus daingneoċaiḋ mé mo ċunnraḋ riḃ; agus ní sgriosfuiġear amaċ gaċ uile ḟeóil ní is mó lé huisgiḋiḃ na dileann; agus ní mó ḃias díle ann ni is mó do sgrios na talṁan. 12Agus a duḃairt Día, Ag so coṁarṫa an ċunnarṫa do ním eadram féin agus siḃsi agus gaċ uile ċréatuir beó dá ḃfuil maille riḃ, a ngeinealaċuiḃ síorruiḋe: 13Suiġim mo ḃoġa annsa néull, agus biaiḋ sé mar ċoṁarṫa cunnarṫa eadrum féin agus an talaṁ. 14Agus as aṁluiḋ ḃías, a nuáir do ḃéara mé néull ós cionn na talṁan go ḃfaicfiġear an boġa ann sa néull. 15Agus cuiṁneoċaiḋ mé mo ċunnraḋ, ata éadrum féin agus siḃsi agus gaċ uile ċréatúir béo do nuile ḟeoil; agus ní ṫiocfaiḋ uisgiḋe na dílionn do sgrios gaċ uile ḟéola ni as mo. 16Agus bíaiḋ an boġa annsa néull; agus féuċfa misi air, ionnus go cuiṁneoċa mé an cunnraḋ bioṫḃúan eidir Día agus gaċ uile ċréatúir béo do nuile ḟeóil dá ḃfuil ar an ttalaṁ. 17Agus a duḃairt Día lé Naói, Ag so coṁarṫa an ċunnarṫa, ḋaingniġim eadrum féin agus gaċ uile ḟeóil da bfuil ar an ttalaṁ. 18Agus mic Naói, do ċuáiḋ amaċ as a náirc, dob íad Sem, Ham, agus Iáṗet: agus sé Ham aṫair Ċanáain. 19A síad so tríur mac Naói: agus as úaṫa do lionaḋ an doṁan uile. 20Agus do ṫósuiġ Naói ar ḃeiṫ na ċríaḋaire, agus do ṗlannduiġ garḋa fíneaṁna. 21Agus do iḃ sé do nḟion, agus do ḃí sé ar meisge; agus do ḃí sé lomnoċda a stiġ sa ṗailliun. 22Agus do ċonnairc Ham, aṫair Ċanaáin, a aṫair lomnoċd, agus do innis dá ḋis dearḃraṫar amuiġ. 23Agus do ġlaċ Sem agus Jaṗet brat, agus do ċuireadar ar a nguáilliḃ aráon é, agus do ċuadar a ndiaiġ accúil, agus do ḟoluiġeadar lomnoċdaḋ a naṫar; agus do ḃádar anaiġṫe ar anais agus ní ḟacadar lomnoċd a naṫar. 24Agus do ṁúsguil Naói ó na ḟíon, agus do ṫuig cioḋ do rinne a ṁac dob óige ris. 25Agus a duḃairt, go maḋ mallaiġe ḃías Cánáan; na ṡeirḃíseaċ seirḃísiġ ḃías sé agá ḋearḃráiṫriḃ. 26Agus a duḃairt; go maḋ beannuiġe TIĠEARNA Día Ṡem; agus biaiḋ Cánáan na ṡeirḃíseaċ aige. 27Do ḋénna Día Iaṗet go faireang, agus áiteoċaiḋ sé a bpuibliḃ Ṡem; agus biaiḋ Canáan na ṡeirḃíseaċ aige. 28Agus do ṁair Naói déis na díleanna trí ċéud blíaġan agus cáogad. 29Agús dob íad laéṫe Naói uile, náoi ccéud agus cáogad blíaġan: agus fuair sé bás.

Currently Selected:

Genesis 9: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in