Genesis 23
23
Caibidil XXIII.
Aois agus bás Ṡárah. 19 Ionad a haḋlaicṫe.
1Agus do ḃí Sárah céud agus seaċd mbliaḋna fiċiod dáois; boḋ hiad so bliaḋna ḃeaṫa Ṡárah. 2Agus fuáir Sárah bás a Cciriat-arba; a se sin Hebron a ttír Ċanaáin: agus táinig Abraham do ḋéunaṁ doilġis fa Ṡárah, agus do ġul tríṫe. 3Agus do ṡeas Abraham súas ó laṫair a ṁairḃ, agus do laḃair ré macuiḃ Het, ḋá ráḋ, 4Atáimsi am ċoiṁiġṫeaċ agus am ḟior cnarta aguiḃse: tugaiḋ ḋaṁ áit aḋluice aguiḃ, go naḋlacuinn mo ṁairḃ as mo raḋarc. 5Agus do ḟreagrádar clann Hét Abraham, ag ráḋ ris, 6Eísd rinne a ṫiġearna: a táoisi ad ṗrionnsa ċuṁaċdaċ eadruinne, cuir do ṁairḃ an do roġa róiṁ aḋlaice dá ḃfuil aguinn: ní ċoinneoċuiḋ áonduine aguinn a ṫúma uáit. 7Agus do ṡeas Abraham suas, agus do uṁluiḋ sé é féin do ṁuinntir na tíre, eaḋon do ċloinn Hét. 8Agus do laḃair sé ríu, ag raḋ, Má sí ḃur ninntinn go naḋlacuinn mo ṁairḃ as mo raḋarc; éistiġ rium, agus laḃruiḋ ar mo ṡon re Heṗron mac Sohar, 9Go ttugaḋ sé ḋaṁ uáiṁ Ṁaċpelah, noċ atá aige, atá a ndeireaḋ a ṁaċaire; ar iomlán a nairgid as fíu é do ḃéura se ḋaṁ é, mar ṡeilḃ áite aḋlaice eadruiḃsi. 10Agus do ḃí Eṗron na ċoṁnuiḋe a measg ċloinne Hét: agus do ḟreaguir Eṗron an Hititeaċ Abraham a neisdeaċd ċloinne Héṫ, eaḋon gaċ áoin dá ndeaċuiḋ a steaċ a ngeataḋuiḃ a ċaiṫreaċ, dá ráḋ. 11Ní heaḋ, a ṫiġearna, éisd riumsa: an maġ do ḃeirim ḋuit, agus a nuáiṁ atá ann, do ḃeirim ḋuit é; a laṫair ċloinne mo ḋáoine ḃeirim ḋuit é: aḋluic do ṁairḃ. 12Agus do uṁluiġ Abraham é féin síos a laṫair luċd na tíre. 13Agus do laḃair ré Héṗron a néisteaċd ṗobuil na tíre, ag ráḋ, Aċ má ḃeir tusa uait é, íarruim ort, éisd riumsa: do ḃéura misi airgead duit ar an maġ; glac uáim é, agus aḋlaicfiḋ mé mo ṁairḃ ann. 14Agus do ḟreagair Eṗron Abraham, ag ráḋ ris. 15A ṫiġearna, éist riumsa: as fíu an fearann ceiṫre ċéud secel airgid; créad é sin eadrumsa agus tusa? uime sin aḋluic do ṁairḃ. 16Agus tug Abraham airé Déṗron; agus do ṁeaḋuiġ Abraham an tairgead Déṗron, fá mar dainmniḋ sé a néisteaċd ṁac Hét, ceiṫre ċéad secel airgid, ċorónta ag an cceannuiġe. 17Agus maġ Eṗroin, noċ do ḃí a Maċpelah, as coṁair Ṁamre, an maġ, agus a nuaiṁ do ḃí ann sin, agus a nuile ċrann do ḃí san ṁaċaire, noċ do ḃí ann sna teórannuiḃ fá ccuairt, do rinneaḋ daingean íad 18Dabraham mar ṡeilḃ a laṫair ċloinne Hét, as coinne a ndeaċuiḋ a steaċ a ngeataḋuiḃ a ċaiṫreaċ. 19Agus na ḋiáiġ so, do aḋluic Abraham Sárah a ḃean a nuáiṁ ṁuiġe Ṁaċpelah láiṁ re Mamre: a sé sin Hébron a ttír Ċánaain. 20Agus an maġ, agus a nuaiṁ atá ann, do rinneaḋ daingean íad Dabraham mar ṡeilḃ áite aḋluicṫe o ṁacuiḃ Hét.
Currently Selected:
Genesis 23: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.