YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 15

15
Caibidil XV.
Rinn Día cunnraḋ re Habram, ag daingniuġaḋ a ġallaṁna ḋó, adtimċiol a Ṡlioċd do ḃeiṫ lionṁur.
1Andiaiġ na neiṫeannso táinig briaṫar an TIĠEARNA ċum Abram a dtaisbeanaḋ, ag ráḋ, Ná himeagluiḋ a Abram: is misi do scíaṫ, agus do luáiḋeaċd roṁór. 2Agus a duḃairt Abram, A TIĠEARNA Día, cread do ḃéura tú ḋaṁ, ó táim ag imṫeaċd gan ċloinn, agus gurob é ann Telieser so ó Ḋamascus feamanaċ mo ṫiġe? 3Agus a duḃairt Abram, Féuċ, ní ṫug tú síol ar biṫ ḋaṁ; agus féuċ, áon rugaḋ ann mo ṫiġ, asé is oiġre oram. 4Agus, féuċ, táinig bríaṫar an TIĠEARNA ċúige, dá ráḋ, Ní hé so ḃus oiġre ort; aċd an té ṫiocfus amaċ as tinniḃ féin ḃus oíġre ort. 5Agus tug leis amaċ é, agus a duḃairt, Féuċ annois air neaṁ, áiriṁ na réulta, más éidir leaċd a náireaṁ: agus a duḃairt sé ris; as marso ḃías do ṡíol. 6Agus do ċreid seision ann sa TIĠEARNA; agus do ṁeas sé sin dó na ḟiréuntaċd. 7Agus a duḃairt sé ris, As misi an TIĠEARNA tug amaċ ṫú as Urna gealdéanaċ, do ṫaḃairt na tírese ḋuit, ċum a beiṫ na hoiġreaċd agad. 8Agus a duḃairt sesion, A Ṫiġearna Dia, cionnus ḃías a ḟios agam go maḋ oiġreaċd ḋaṁ í? 9Agus a duḃairt ris, Glac ḋaṁsa colpaċ ṫrí mblíaḋan daóis, agus gaḃar baineann ṫri mblíaḋan dáois, agus reiṫe ṫrí mbliaḋan dáois, agus turtair agus colum óg. 10Agus do ġlac sé iadso uile ċuige, agus do rann se ann a lár iád, agus do ċuir gaċ áon ṗíosa as coinne a ċéile: aċ nior roinn sé na héin. 11Agus a nuáir tangadar a nénlaiṫe a nṡúas ar na conablaċoiḃ, do ḋíbir Abram íad. 12Agus a nuáir do ḃí an ġrian ag dul faoi, do ṫuit codlaḋ trom ar Abram, agus, féuċ, do ṫuit úaṫḃás dorċaduis ṁóir air. 13Agus a duḃairt ré Abram, Bíoḋ a ḟios agad go dearḃṫa go mbiáiḋ do ṡiol na coiṁiġṫeaċa a ndúṫaiġ naċ léo féin, agus do ḋéanuid seirḃis dóiḃ; agus go mbéid a ndáoirse aca ceiṫre ċead blíaġan; 14Agus mar an gceadna an cineaḋsin, dá ndéanuid serḃís, béuradsa breaṫ orra: agus na ḋiáiġ sin tiocfaid amaċ maille re máoin ṁóir. 15Agus raċuiḋ tusa ċum haiṫreaċ a síoṫċain; agus aḋlocṫar ṫú a naóis ḟoirfe ṁaiṫ. 16Aċ san ċeaṫraṁaḋ geinealaċ tiocfaid siad annso a rís; óir ní ḃfuil éigceart na Namoriteaċ iomlán fós. 17Agus tárla, a nuáir do ċuáiḋ an ġrían fáoi, agus go raiḃ dorċa, féuċ fuirnis ḋeatċa, agus tóirsile ṫeiniḋ, noċ do imṫiġ ṫríd na codċuiḃ sin. 18Annsa ló ċeudna sin do rinne an TIĠEARNA cuimraḋ ré Abram, ḋá ráḋ; Dot ṡíolsa ṫug mé an tírsi, ó aḃuinn na Héigipte go nuige an sruṫ mór, sruṫ Euṗrátes: 19Na Cinetiġ, agus na Cineisitiġ, agus na Cadmonitíġ. 20Agus na Hititiġ, agus na Perisitiġ, agus na Reṗamitiġ. 21Agus na Hamoritiġ, agus na Canaanitiġ, agus na Girgasitiġ, agus na Iebusitiġ.

Currently Selected:

Genesis 15: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in