YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 14

14
Caibidil XIV.
Lot a mbraiġdionnas, saorfar le Habram é. 18 Noċ ḃeannúigṫear ré Melċisedec.
1Agus tarla a laéṫiḃ Amraṗel rí Sinair, Arioċ rí Ellasar, Ċedarlaomer ri Elaṁ, agus Tidal rí na gcineaḋaċ: 2Go ndearnadar so cogaḋ ré Bera rí Sodom, agus ré Birsah rí Gomorrah, Sinab rí Admah, agus Semeber rí Seboiim, agus ré rí Belah eaḋon Soar. 3Do iaḋadurso uile re ċéile a ngleann Siddim, noċ ar bé an ḟairge ṡaillte. 4Da ḃliaḋain deúg do ḃádur ag seir ḃis do Ċedorlaomer, agus ar an treas bliaḋain déug do ċogadur na naġuiḋ. 5Agus annsa ceaṫraṁaḋ Bliaḋain déug tainic Ċedorlaomer, agus na riġṫe do ḃí na ḟoċair, agus do ḃuáileadur na Reṗamiġ an Asterot Carnaim, agus na Susimiġ ann Ham, agus na Hemimiġ an Saḃeh Ciriataim, 6Agus na Hoiritiġ ann a sliaḃ Seir, go nuige Elparan, noċ ata laiṁ ris an ḃfásaċ. 7Agus do ḟilleadar, agus tangadar go henmispat, eaḋon Cádes, agus do ḃuáileadur crioċ na Namaleciteaċ uile, agus mar sin na Hamoritiġ, do aitreaḃuiġ Haseson-tamar. 8Agus do ċuaiḋ amaċ ann sin riġ Sodom, agus riġ Gomorrah, agus riġ Admaih, agus riġ Seboiim, agus riġ Béla eaḋon Soar; agus dḟearadar caṫ ríu a ngleann Siddim. 9Re Ċedorlaomer ríġ Elam, agus re Tidal ríġ na gcineaḋaċ, agus Amraṗel rí Sináir, agus Harioċ ríġ Ellasar; ceiṫre riġṫe ré cúig. 10Agus do ḃí gleann Siddim lán do lóguiḃ pice talṁuiḋe; agus do ṫeiṫriġ Sodom agus Gomorrah, agus do ṫuiteadur ionta sin; agus an ṁéid do ṁair do ṫeiṫeadar fán tsliáḃ. 11Agus rugadur léo maiṫeas Ṡodom agus Ġomorrah uile, agus a mbíaḋ uile, agus do imṫiġeadar rompa. 12Agus do ġaḃadur Lot, mac dearḃraṫar Abram, noċ do áitreaḃ a Sodom, agus a ṁáoin, agus do imṫiġeadur. 13Agus táinig áon do ċuáiḋ as, águs dinnis do Abram an teaḃruiḋeaċ; óir do áitriḃ sé a réiteaċ Ṁamre, an Tamoriteaċ, dearḃraṫair Escoil, agus dearḃraṫair Aner: agus do ḃádur so a ccoṁċeangal re Abram. 14Agus a nuair do ċúaluiḋ Abram go raiḃ a ḋearḃraṫair gaḃṫa na ṗriosúnaċ, do árṁuiġ se a ṡerḃísiġ soiġdiurṫa rugaḋ ann a ṫiġ féin, trí ċéud agus oċd ḃfir ḋéug, agus do ṫóruiġ iadsan go Dan. 15Agus do roinn é féin na naġaiḋ, é féin agus a ṡerḃísiġ sa noiḋċe, agus do ḃuail iád, agus do lean orra go Hoba, atá ar an laiṁ ċlé do Ḋamascus. 16Agus tug na creaċa uile ar a nais, agus fós tug ar ais a ḋearḃraṫair Lot, agus a ṁaiṫeas, agus na mná fós, agus na dáoine. 17Agus do ċuaiḋ ríġ Sodom amaċ na ċoinne tar éis filleḋ ó ṁarḃaḋ Ċedorlaomer, agus na riġṫe do ḃí na ḟoċair, an gleann Saḃeh, eaḋon gleann an ríġ. 18Agus tug Melċisedec riġ Sálem amaċ arán agus fión; agus do bé sagart an Dé ro áird é. 19Agus do ḃeannuiġ sé é, agus a duḃairt, Bioḋ Abram beánnuiġe on Día as ro áirde, sealḃuiġe neiṁe agus talṁan: 20Agus go maḋ beannuiġe an Día as ro áirde, noċ do ṫoirḃir do naiṁde ann do láiṁ: agus tug se deaċṁaḋ a nuile neiṫe ḋó. 21Agus a duḃairt riġ Sodom ré Habram, Taḃair ḋaṁsa na pearsanna, agus glac an ṁáoin ḋuit féin. 22Agus a duḃairt Abram ré riġ Ṡodom, Do ṫóg mé súas mo láṁ ċum an TIĠEARNA, an Día as ro áirde séalḃuiġe neiṁe agus talṁan. 23Naċ glacfaiḋ misi ó ṡnáiṫe go héille bróige, agus naċ nglacfa mé einní is leaċdsa, deagla go naibéorṫá, do rinne mé Abram saiḋḃir: 24Aċd aṁáin a nduadur na hogánuiġ, agus cuid ronna na muinntire do ċuáiḋ liom, Aner, Escol, agus Mamre; glacaidis sin a ccuid ronna.

Currently Selected:

Genesis 14: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in