YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 9

9
CAIBIDIOL IX.
An t-Aṫarú gné ar Ċríost. Deaṁain ḃalḃa aige dá gcur amaċ as daoíne. Úṁaluíġeaċt aige dá ṫeagasg. ⁊ sgannal do ṡeaċnaḋ.
1Agus i gceann sé lá do ṫóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin agus do ṡeól sé iad, ’n-a n-aonar, suas ar ċnoc árd, fé leiṫ, agus d’aṫruiġ a ḋealḃ os a gcóṁair. 2Agus ḃí a ċuid éadaiġ ag taiṫneaṁ ċóṁ geal le sneaċta, ar ċuma ná féadfaḋ aon úcaire ar talaṁ iad do ġealaḋ. 3Agus do taisbeánaḋ dóiḃ Elias agus Maois agus iad ag caint le h-Íosa. 4Agus d’ḟreagair Peadar agus duḃairt sé le h-Íosa: A Ṁáiġistir is maiṫ an ḃail orainne ḃeiṫ anso; agus leis dúinn trí puible ḋéanaṁ anso, pubal duit-se, agus pubal do Ṁaois, agus pubal d’Elias. 5Óir ní ḟeidir sé cad a ḃí aige ḋ’á ráḋ, mar ḃíodar sgannruiġṫe le h-eagla. 6Agus ṫáinig sgamal agus clúduiġ sé iad agus ṫáinig guṫ as an sgamal a duḃairt: Isé seo mo Ṁac ró-ionṁuin: éistiḋ leis. 7Agus, láiṫreaċ, d’ḟéaċadar ’n-a dtímpal agus ní ḟeacadar aoinne a ṫuille aċ Íosa aṁáin ’n-a ḃfoċair. 8Agus ag teaċt anuas dóiḃ ó’n gcnoc, ṫug Íosa foláraṁ dóiḃ gan an raḋarc a ċonacadar a ḋ’innsint d’aoinne go dtí go mbeaḋ Mac an Duine eiriġṫe ós na mairḃ. 9Agus ċoimeádadar an focal san eatarṫa ’ġá ḟiafraiġe ḋ’á ċéile cad é a ḃríġ sin, Go mbeaḋ sé eiriġṫe ós na mairḃ.
10Agus ċuireadar ceist ċuige, agus duḃradar: #Mal. 4:5.Cad ċuige, má ’seaḋ, go ndeir na Fairisíniġ agus na Sgríḃneóirí náċ foláir Elias do ṫeaċt ar dtúis? 11Agus duḃairt sé leó ’ġá ḃfreagraḋ: Nuair a ṫiocfaiḋ Elias ar dtúis cuirfiḋ sé gaċ níḋ ’n-a ċeart airís; agus conus mar atá #Isáias 53:3,4.sgríoḃṫa i dtaoḃ Ṁic an Duine, go ḃfuilingeóċaḋ sé mórán agus go dtaḃarfaí tarcuisne ḋó. 12Aċ deirim-se liḃ-se go dtáinig Elias ċeana féin, agus gur imreadar a dtoil air, mar atá sgríoḃṫa ’n-a ṫaoḃ.
13Agus ṫáinig sé ċun a ḋeisgiobul, agus ċonaic sé sluaġ ṁór ’n-a dtímpal agus na Sgríḃneóirí ag aiġneas leó. 14Agus, láiṫreaċ, nuair a ċonaic na daoine go léir Íosa ṫáinig sgannra orṫa agus uaṫḃás, agus do riṫeadar ċuige agus d’ḟáiltiġeadar roimis, 15Agus d’ḟiafraiġ sé ḋíoḃ: Cad é an ceisdiúċán é seo atá eadraiḃ? 16Agus d’ḟreagair duine de’n tsluaġ agus duḃairt sé: A Ṁáiġistir, ṫugas liom anso ag triall ort mo ṁac, mar tá deaṁan balḃ ann. 17Agus pé ball ’n-a mbeireann sé é bíonn sé ’ġá ċaiṫeaṁ, agus cúḃar leis, agus a ḟiacala ag díoscán, agus é d’á ṡnaoí amaċ. Agus d’iarras ar do ḋeisgiobulaiḃ é ċur amaċ, agus níor ḟéadadar é. 18Agus d’ḟreagair seisean agus duḃairt: Ó, a ṡlioċt gan creideaṁ, cad é an ḟaid a ḃeiḋ mé eadraiḃ? Cad é an ḟaid a ḋ’ḟuilingeóċad liḃ? Tugaiḋ ċúġam-sa é. 19Agus ṫugadar ċuige é. Agus ċóṁ luaṫ agus ċonaic sé é d’oibriġ an deaṁan ann, agus ṫuit sé ar an dtalaṁ ’ġá iomlosg féin agus cúḃar leis. 20Agus d’ḟiafraiġ sé de’n aṫair: Cad é an ḟaid aimsire atá ó ṫárla so ḋó? Agus duḃairt seisean: Ó ḃí sé ’n-a leanḃ; 21Agus is minic a ċaiṫ sé sa teine é, agus sa n-uisge, ċun é ṁarḃú; aċ má tá sé ar do ċumas i n-aon ċor, dein trócaire orainn agus fóir orainn. 22Agus duḃairt Íosa leis: Má’s féidir leat creideaṁaint, tá gaċ níḋ ar ċumas an t-é a ċreideann. 23Agus, láiṫreaċ, do sgread aṫair an ḃuaċalla, agus na deóra leis: Creidim, a Ṫiġearna: fóir m’easba creidiṁ. 24Agus nuair a ċonaic Íosa an tsluaġ ag cruinniú do smaċtuiġ sé an annsprid truailliġṫe, agus duḃairt: A annsprid ḃoḋar, ḃalḃ, órduiġim duit imṫeaċt amaċ as san, agus gan teaċt isteaċ ann airís. 25Agus do sgread sé, agus d’oibriġ sé é go h-ana-ḋian, agus d’imṫiġ sé amaċ as; agus ḃí sé mar a ḃeaḋ sé marḃ, i dtreó go nduḃairt a lán: Tá sé marḃ. 26Aċ do rug Íosa ar láiṁ air, agus do ṫóg sé suas é; agus d’eiriġ sé. 27Agus nuair a ċuaiḋ sé isteaċ sa tiġ d’ḟiafraiġ a ḋeisgiobuil dé, a gan ḟios: Cad ’n-a ṫaoḃ nár ḟéadamair-ne é ċur amaċ? 28Agus duḃairt sé leó: Ní féidir do’n sórd san dul amaċ le h-aon níḋ aċ le h-úrnuiġṫe agus le trosgaḋ.
29Agus d’imṫiġeadar ó’n áit sin, agus ċuadar tríd an nGaililí; agus níor ḃ’áil leis a ḟios a ḃeiṫ ag aoinne. 30Agus ḃí sé ag teagasg a ḋeisgiobul, agus ’ġá ráḋ leó: Taḃarfar Mac an Duine i láṁaiḃ daoine, agus cuirfid siad ċun báis é, agus tar éis a ṁarḃuiġṫe eireóċaiḋ sé an treas lá. 31Aċ níor ṫuigeadar an ċaint, agus ḃí sgáṫ orṫa é ċeistiú. 32Agus ṫánadar go Caṗarnaum. Agus nuair a ḃíodar sa tiġ d’ḟiafraiġ sé ḋíoḃ: Cad a ḃí ar siuḃal agaiḃ fan ḃóṫair? 33Agus níor laḃradar; óir ḃíodar ag diospóireaċt, fan ḃóṫair, féaċaint cé ’cu ḋíoḃ ba ṁó.
34Agus do ṡuiḋ sé, agus ġlaoiḋ sé ċuige an dáréag, agus duḃairt sé leó: Má’s mian le h-aoinne ḃeiṫ i n’ḟear ṫosaiġ, isé ar deire ar fad, agus ’n-a ṡeirḃíseaċ ag cáċ. 35Agus do rug sé ar leanḃ, agus ċuir sé ’n-a ṡeasaṁ é i lár baill eatarṫa; ansan do ṫóg sé an leanḃ i n-a uċt agus duḃairt sé leó: 36An t-é a ġlacfaiḋ am’ ainim-se leanḃ mar an leanḃ so, is mise a ġlacann sé; agus an t-é a ġlacfaiḋ mise, ní mise a ġlacann sé, aċ an t-é a ċuir uaiḋ mé.
37Agus d’ḟreagair Eóin é, agus duḃairt: A Ṁáiġistir, ċonacamair duine ag cur deaṁan amaċ ad’ ainim-se, aċ ní ġaḃann an duine sin linne, agus do ċoisgeamair é. 38Agus duḃairt Íosa [leis]: Ná coisgiḋ é; #1 Cor. 12:3.mar ní’l aon duine a ḋéanfaḋ mírḃuilt am’ ainim-se agus a ḋ’ḟéadfaḋ droċ-ḟocal a ráḋ orm go luaṫ. 39Óir, an t-é ná fuil i nḃúr gconniḃ tá sé liḃ.
40Óir, aoinne ṫaḃarfaiḋ le n-ól daoiḃ, am’ ainim-se, ó’s le Críost siḃ, fiú cupán uisge, go deiṁin a deirim liḃ, ní ḃeiḋ sé gan a ṫuarasdal. 41Agus aoinne ṫaḃarfaiḋ droċ-ṡampla do ḋuine de’n ṁuintir ḃeag so a ċreideann ionam-sa, b’ḟearra ḋó dá gcurtí bró ṁuilinn ar a ṁuineál agus é ċaiṫeaṁ sa ḃfaraige.
42Agus má ṫugann do láṁ sgannal duit, gearr anuas díot í; óir is fearra ḋuit dul isteaċ sa ḃeaṫa ar leaṫ-láiṁ ’ná dul, agus ḋá láiṁ ort, isteaċ i n-ifreann, sa teine náċ féidir a ṁúċaḋ, 43An áit ná h-éagann an ṗiast acu, agus ná múċtar an teine. 44Agus má ṫugann do ċos sgannal duit, dein í ġearraḋ díot; is maiṫ an rud dul go beaṫa ṡíoruiḋe agus tu bacaċ, seaċas tu ċur go h-ifreann na teine gan múċaḋ, agus do ḋá ċois agat, 45#Isáias 66:24.An áit ná h-éagann an ṗiast acu, agus ná múċtar an teine. 46Agus má ṫugann do ṡúil sgannal duit, strac amaċ í; is maiṫ an ṁaise ḋuit dul go flaṫas Dé ar leaṫ-ṡúil seaċas tu ċur go h-ifreann na teine, agus dá ṡúil ionat, 47An áit ná h-éagann an ṗiast acu, agus ná múċtar an teine. 48#Leḃit. 2:13.Óir sáilfar gaċ n-aon le teine, agus sáilfar gaċ íḋbirt le salann. 49Is maiṫ an rud salann; aċ má ḃíonn an salann leaṁ cad leis go ndéanfaiḋ siḃ deiġḃlasta é? Bíoḋ an salann ionaiḃ, agus bíoḋ an tsíoṫċáin eadraiḃ.

Currently Selected:

Marcus 9: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in