YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 5

5
CAIBIDIOL V.
Seanmóin Ċríost ar an gcnoc. Na h-oċt mbiatí.
1Agus nuair a ċonaic sé na sluaiġte ċuaiḋ sé suas ar an gcnoc, agus nuair a ṡuiḋ sé ann ṫáinig a ḋeisgiobuil ag triall air. 2Agus d’osgail sé a ḃéal agus do ṫeagaisg sé iad, agus duḃairt sé:
3Is aoiḃinn dos na boċtaiḃ sa spioraid, mar is leó san ríġeaċt na ḃflaṫas.#5:3 Ver. 3. na boċtaiḃ sa spioraid, .i. na daoine a ḃíonn úṁal agus na daoíne ná bíonn dúil a gcroiḋe, nú a spioraide, i saiḋḃreas acu.
4Is aoiḃinn do luċt ceannsaċta, mar isiad a ġeóḃaiḋ seilḃ na talṁan.
5Is aoiḃinn do luċt dubróin, mar isiad a ġeóḃaiḋ sólás.
6Is aoiḃinn do’n ṁuintir go ḃfuil ocras agus tart ċun fióraontaċta orṫa, mar ’s iad a ġeóḃaiḋ a sáiṫ.
7Is aoiḃinn do luċt na trócaire ḋéanaṁ, mar isiad a ġeóḃaiḋ trócaire.
8Is aoiḃinn do luċt an ċroiḋe ġlain, mar isiad a ġeóḃaiḋ raḋarc ar Ḋia.
9Is aoiḃinn do luċt na síoṫċána ḋéanaṁ, mar is orṫa taḃarfar clann Dé.
10Is aoiḃinn do’n ṁuintir a ḋ’ḟuilingeann cráḋ ar son fióraontaċta, mar is leó san ríġeaċt na ḃflaṫas.
11Is aoiḃinn daoiḃ-se nuair a déanfar spídiú oraiḃ agus ciapaḋ, agus an uile ṡaġas tromaiḋeaċta éiṫiġ, mar ġeall orm-sa; 12Bíoḋ móráil agus gáirdeaċas oraiḃ, mar is mór é ḃúr luaċt-saoṫair ins na flaṫais; óir sin mar a ciapaḋ na fáiḋe róṁaiḃ.
13Is siḃ-se salann na talṁan. #Marc. 9:49; Lúc. 14:34.Aċ má ṫéiġeann an salann i leaṁas conus a déanfar salann airís de? Ní’l de ṁaiṫ ann feasta aċ go gcaiṫfí amaċ é agus go ngeóḃfaí do ċosaiḃ daoine ann. 14Is siḃ-se solus an doṁain. Caṫair ar ċnoc ní féidir í ḋ’ḟolaċaḋ. 15Ní lastar coinneal ċun í ċur fé ḃéal árṫaiġ, aċ ċun í ċur ar ċoinnleóir, ċun go dtaḃarfaḋ sí solus d’á ḃfuil sa tiġ. 16Lasaḋ ḃur solus-sa ar an gcuma san os cóṁair daoine, #1 Pead. 2:12.i dtreó go ḃfeicfid siad ḃúr ngníoṁarṫa fóġanta agus go molfaid siad ḃúr n-Aṫair atá ins na flaṫais.
17Ná measaiḋ gur ċun na dlíġe ná na ḃfáiḋ do ċur ar neaṁníḋ a ṫánag-sa. Ní ċun iad do ċur ar neaṁníḋ a ṫánag aċ ċun iad do ċóṁlíonaḋ.#5:17 Ver. 17. do ċóṁlíonaḋ .i. ag cóṁlíonaḋ na ḃfigiúirí agus na dtargaireaċtaí, agus ag beaċtú gaċ a raiḃ neambeaċt. 18Óir deirim liḃ go fírinneaċ, go dtí go dtéiḋ an spéir agus an talaṁ ar neaṁníḋ ná raġaiḋ aon ióta aṁáin ná aon ṗúnc aṁáin de’n dlíġ ar neaṁníḋ, go dtagaiḋ a h-iomláine ċun cinn.#5:18 Ver. 18. go fírinneaċ, — ‘Amen,’ atá sa Laidin, .i. “go deiṁin,” “go fíor.” Focal Eaḃraise iseaḋ “Amen” agus cimeádtar é le h-úġdarás an ċeaṫrair soisgéalaiḋṫe. Do laḃair ár dTiġearna an focal ċun na fírinne do ḋeiṁniú go láidir. 19#Séam. 2:10.An t-é d’á ḃríġ sin, a ṁillfiḋ aiṫne des na h-aiṫeantaiḃ sin is lúġa, agus do ṁúinfiḋ na daoine mar sin, taḃarfar air an t-é is luġa i ríġeaċt na ḃflaṫas; aċ an t-é ċoimeádfiḋ iad, agus do ṁúinfiḋ [a gcoimeád] taḃarfar duine mór air i ríġeaċt na ḃflaṫas. 20Óir deirim liḃ mura mbeiḋ ḃur ḃfíoraontaċt-sa níos lionṁaire ’ná fíoraontaċt na Sgríḃneóirí agus na ḃFairisíneaċ ní raġaiḋ siḃ isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas.#5:20 Ver. 20. na Sgríḃneóirí agus na ḃFairisíneaċ — Doċtúirí dliġe Ṁaoise na Sgríḃneóirí. Aicme daoine a ḃí ana ċruinn ab eaḋ na Fairisíniġ. Do glacaidís orṫa an dlíġ do ċóṁlíonaḋ go beaċt, agus mar ġeall air sin ḃíoḋ meas ana ṁór ag an bpobul orṫa.
21Ċualaḃair conus mar aduḃraḋ leis na daoine a ḃí ann fadó: #Exod. 20:13.Ná dein marḃaḋ: Agus an t-é ḋéanfaiḋ marḃaḋ beiḋ sé ciontaċ do’n ḃreiṫeaṁantas.#5:21 Ver. 21. beiḋ sé ciontaċ do’n ḃreiṫeaṁantas .i. Beiḋ pionós tuillte aige o’n gcaṫaoír ḃeag, ar a dtugtí “an breiṫeaṁantas,” agus go dtriailtí cúiseana do’n tsórd san os a cóṁair. 22Aċ deirim-se liḃ, gaċ duine atá i ḃfeisg le n-a ḃráṫair beiḋ sé ciontaċ do’n ḃreiṫeaṁantas. An t-é áṁṫaċ #5:22 .i. an t-é ḋéanfaiḋ táiriúgaḋ, nó tarcaisniú, ar a ċóṁarsain.a déarfaiḋ le n-a ḃráṫair, #5:22 Ver. 22. Raca, focal ana-ṫarcuisneaċ, ana-ḟeargaċ, ab eaḋ an focal san. “Beiḋ sé ciontaċ do’n ċóṁairle”: .i. Beiḋ pionós tuillte aige ó’n gcúirt ab aoírde, an ċúirt ar a dtugtí “an ċóṁairle” nú an “Sanhedrím.” I gcaṫair Ierúsalem a ḃí an ċúirt sin agus ḃí seaċt-ndeiċ-a-dó de ḃreiṫeaṁnaiḃ inti agus is os a cóṁair a triailtí na cúiseana ba ṫruime agus a tugtí na breiṫeana ba ṫruime. Raca, beiḋ sé ciontaċ do’n ċóṁairle. Agus an t-é a déarfaiḋ, #5:22 Ver. 22. A amadáin, – Ḃí bríġ ana ṫarcuisneaċ leis an ḃfocal san nuair a laḃartí é le droċ-aigne agus le mailís. Mar ġeall air sin iseaḋ do laḃarṫar ċóṁ dian anso air. “Beiḋ sé ciontaċ ċun teine ifrinn.” “Beiḋ tuíllte aige é ċaiṫeaṁ i nGehenna ċun teine,” do réir na Gréigise. Ḋein ar Slanuiġṫeoir úsáid des na focalaiḃ sin ċun pionóisí ifrinn do ċur i gcéill.A amadáin, beiḋ sé ciontaċ cun teine ifrinn. 23D’á ḃríġ sin, má ḃíonn taḃarṫas agat d’á ṫaḃairt uait os cóṁair na h-altóraċ, agus go gcuiṁneóċair go ḃfuil rud éigin ad’ ċoinniḃ agat’ ḃráṫair; 24Fág ansan do ṫaḃarṫas os cóṁair na h-altóraċ, agus imṫiġ agus dein síoṫċáin led’ḃráṫair, agus ansan tar agus bronn do ṫaḃarṫas.
25 # Lúc. 12:58. Réiḋtiġ le t’eascaraid go luaṫ, an ḟaid ataoí i n-aonḟeaċt leis sa tslíġ, le h-eagla go dtaḃarfaḋ an t-eascara suas tu do’n ḃreiṫeaṁ, agus go dtaḃarfaḋ an ḃreiṫeaṁ suas d’á ġiolla ṫu, agus go gcurfaí sa ċarcair ṫu. 26Go deiṁin adeirim leat, ní ṫiocfair amaċ as san go ndíolair an ḟeóirling ḋeirineaċ.
27Do ċualaḃair conus mar aduḃraḋ leis an muintir fadó: #Exod. 20:14.Ná dein aḋaltranas. 28Aċ deirim-se liḃ, an t-é ḟéaċfaiḋ ar ṁnaoí le dúil sa droċ-ġníoṁ, go ḃfuil peacaḋ an aḋaltranais déanta ċeana aige léi i n-a ċroiḋe féin.
29D’á ḃríġ sin, má’s trúig ṗeacṫa ḋuit do ṡúil ḋeas, strac amaċ í agus caiṫ uait í; óir is fearra ḋuit ball de d’ḃallaiḃ do ċailleaṁaint ’ná do ċolann go léir a ċur go h-ifreann.#5:29 Ver. 29. trúig ṗeacṫa ḋuit .i. ma ḃíonn sí ’n-a trúig ḃaraṫuisle ḋuit, nú n-a h-ócáid ṗeacṫa ḋuit. Curtar i n-úil dúinn anso náċ foláir dúinn gaċ ócáid aċamair peacṫa do ṡeaċaint bíoḋ go gcuirfaḋ san ḟéaċaint orainn sgaraṁaint le rud go mbeaḋ sé ċóṁ deacair sgaraṁaint leis agus ḃeaḋ sé sgaraṁaint le láiṁ nú le súil. 30Agus ma’s trúig ṗeacṫa ḋuit do láṁ ḋeas, gearr anuas díot í agus caiṫ uait í; óir is fearra ḋuit ball ded’ ḃallaiḃ do ċailleaṁaint ’ná do ċorp go léir a ḋul go h-ifreann.
31Agus duḃraḋ, #Deut. 24:1.An t-é a ċuirfiḋ uaiḋ a ḃean ṗósta, tugaḋ sé sgríḃinn a díbearṫa ḋi. 32Aċ de rim-se liḃ, aoinne a ċuirfiḋ uaiḋ a ḃean ṗósta, aċ mar ġeall ar aḋaltranas aṁáin, go gcuireann se i dtreó í ċun aḋaltranais a ḋéanaṁ, agus an t-é a ġlacfaiḋ mar ċéile an ḃean díbearṫa deineann sé aḋaltranas.
33Airís, do ċualaḃair conus mar a duḃraḋ leis an muintir fad ó. #Exod. 20:7.Ná taḃair leaḃar éiṫiġ, agus an níḋ a ḋearḃuiġis cóṁlíon do’n Tiġearna é. 34Aċ deirim-se liḃ #Séam. 5:12.gan dearḃú i n-aon ċor; gan dearḃú dar neaṁ, mar isé sin caṫaoir ríoga Dé;#5:34 Ver. 34. gan dearḃú i n-aon ċor; — Ní’l sé coisgiṫe dearḃú sa ḃfírinne, i gceart, agus i mbreiṫeaṁantas; ar son onóra Dé; nú ċun sinn féin nú ár gcóṁarsa do ċosaint. Dearḃú obann, diaṁaslaċ, ċun cóṁráiḋ, gan ġáḋ gan riaċtanas, iseaḋ atá coisgiṫe. 35Ná dar talaṁ, mar isé stól a ċos é; ná dar Ierúsalem, mar isí caṫair an rí ṁóir í. 36Ná dearḃuiġ dar do ċeann féin mar ní’l ar do ċumas ruibe ann a ḋéanaṁ geal ná duḃ. 37#Séam. 5:12.Aċ abraiḋ, Seaḋ, ’seaḋ; Ní h-eaḋ, ní h-eaḋ. An rud a ṫéiġeann ṫairis sin is ó’n olc é.
38Do ċualaḃair conus mar aduḃraḋ, #Exod. 21:24; Leḃit. 24:20; Deut. 19:21.Súil ar ṡúil, agus fiacal ar ḟiacail. 39Aċ deirim-se liḃ-se gan cur i n-aġaiḋ uilc; aċ má ḃuaileann duine ṫú ar an leacain ndeis, iompuiġ an leaca eile ċuige, leis.#5:39 Ver. 39. gan cur i n-aġaiḋ uilc; — An rud a ḋ’ órduíġṫear anso iseaḋ olc do ġlacaḋ le foiḋne; cur suas le droċ-ċaint, agus ḃeiṫ toilṫeanaċ ċun tuille uilc d’ḟulag níba ṫúisge ’ná mar a loirigeófí díoġaltas. Ní ċeangalann an ċuid eile de’n ċaint de réir na leitire. Níor iompuiġ Críost féin, ná Pól naoṁṫa, an leaca eile. Foiḋne Ċríostaṁail bríġ na cainte, feic Eóin 18., agus Gníoṁ. 23. 40Agus má’s mian le duine an dlíġ ċur ort agus do ċasóg do ḃreiṫ leis sgaoil leis do ḃrat ’n-a teannta. 41Agus an t-é ċuirfiḋ ḟiaċaiḃ ort dul leis míle ’ṡlíġ do t’aiṁḋeóin, eiriġ ḋá ṁíle eile leis dod’ ḋeóin. 42An t-é a ḋ’iarrfaiḋ rud ort, taḃair dó é; agus má’s mian le duine iasaċt do lorg ort ná h-iompuiġ uaiḋ.
43Do ċualaḃair conus mar a duḃraḋ: #Leḃit. 19:18.Bíoḋ gráḋ agat do d’ċaraid agus fuaṫ dod’naṁaid. 44Aċ deirim-se liḃ-se: Bíoḋ gráḋ agaiḃ d’ḃúr naṁdaiḃ; #Róṁ. 12:20.deiniḋ maiṫ do’n ṁuintir a ṫugann fuaṫ ḋaoiḃ; agus #Gníoṁ. 7:59; Lúc. 23:34.deiniḋ guiḋe ar son na muintire a ḋeineann cráḋ agus tromaiḋeaċt oraiḃ. 45Ionus go mbeaḋ siḃ i nḃúr macaiḃ ag ḃúr n-Aṫair atá ins na flaṫais, an t-é ċuireann a ġrian ag eiriġe ar ḋaoine, idir olc agus maiṫ, agus ċuireann an ḟearṫainn ag tuitim orṫa, idir ċeart agus ainċeart. 46Óir má ṫugann siḃ gráḋ do’n ṁuintir a ṫugann gráḋ ḋaoiḃ cad é an tuarasdal a ḃeiḋ agaiḃ? Ná deinid na puibliocánaiġ féin an méid sin?#5:46 Ver. 46. puibliocánaiġ — Daoine iad san a ḃíoḋ ag bailiú na sraṫana, aicme a ḃí fé ḟuaṫ agus fe ṁí-ċlú ameasg na nIúdaċ, mar ġeall ar a ndeinidís de ṡárúġaḋ agus d’éagcóir. 47Agus mura ndeiniḋ siḃ-se aċ beannú d’ḃúr ndriṫáraċaiḃ cad í an ḃreis a ḋeineann siḃ? Ná deinid na págánaiġ féin an méid sin? 48Bíḋiḋ-se, d’á ḃríġ sin, fíor-ṁaiṫ, fé mar atá ḃúr n-Aṫair ins na flaṫais fíor-ṁaiṫ.

Currently Selected:

Maitiú 5: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in