YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 19

19
CAIBIDIOL XIX.
Críost dá ġlacaḋ ag Sacaeus ’n-a ṫiġ. Parabal na bpúnt. Críost ar muin an asail. É ag gol os cionn Ierúsalem.
1Agus ċuaiḋ sé isteaċ i n-Ieriċó agus bí sé ag siuḃal tríd an gcaṫair. 2Agus féaċ, ḃí fear ann agus Sacaeus ab ainim dó, agus ḃí sé i n’uaċtarán ar na puibliocánaiġ, agus duine saiḋḃir ab eaḋ é. 3Agus ḃí sé a d’iarraiḋ Íosa ḋ’ḟeisgint, eaḋon, Cé’r ḃ’é, agus do ṫeip sé air mar ġeall ar an sluaġ, mar firín íseal ab eaḋ é. 4Agus do riṫ sé rómpa amaċ, agus ċuaiḋ sé suas i gcrann sícamóir i dtreó go ḃfeicfeaḋ sé é, mar ḃí sé ċun gaḃáil an tslíġ sin. 5Agus nuair a ṫáinig Íosa ċun na h-áite d’ḟéaċ sé suas agus ċonaic sé é, agus duḃairt sé leis: A Ṡacaeuis, brostuiġ agus tar anuas, mar is ad’ ṫiġ-se a ċaiṫfead-sa stad indiu. 6Agus do ḃrostuiġ seisean anuas, agus do ġlac sé é go h-áṫasaċ. 7Agus nuair a ċonaic na daoine go léir an níḋ sin ḃíodar ag ceisneaṁ, agus deiridís gur ag triall ar ḋuine ṗeacaṁail a ċuaiḋ sé ar aoiḋeaċt. 8Agus do ṡeasaiṁ Sacaeus agus duḃairt sé leis an dTiġearna: Féaċ, a Ṫiġearna, tá leaṫ mo ċoda agam ’á ṫaḃairt do sna daoine boċta; agus má ḋeineas éagcóir ar aoinne tá leóirġníoṁ agam ’á ḋéanaṁ leis fó ċeaṫair. 9Agus duḃairt Íosa leis: Tá slánú fáġalta indiu ag an dtiġ seo de ḃríġ gur de ċlainn Ábrahaim é, leis. 10#Mait. 18:12.Óir is ċun a raiḃ caillte do ċuardaċ agus do ṡlánú a ṫáinig Mac an Duine.
11Agus iadsan ag éisteaċt leis na neiṫiḃ sin do ċuir sé leó agus do laḃair sé soluíd, mar ḃí sé ag teaċt i ngar do Ierúsalem, agus ṁeasadar-san go dtaisbeánfaí ríġeaċt Dé láiṫreaċ.
12Duḃairt sé, d’á ḃríġ sin: #Mait. 25:14.D’imṫiġ duine uasal áiriṫe go dúṫaiġ iasaċta ċun ríġeaċta ġaḃáil dó féin agus teaċt ṫar n-ais. 13Agus ġlaoiḋ se ċuige deiċniúḃar seirḃíseaċ leis, agus ṫug sé dóiḃ deiċ bpúint, agus duḃairt sé leó, Bíḋiḋ ag déanaṁ ceannaiḋeaċta go dtagad.#19:13 Ver. 13. ṫug sé dóiḃ deiċ bpúint, — An níḋ ar a dtugtar púnt anso is mná a tugtí an uair sin air, nú, sa laidin mina, agus dob ionan é agus trí púint leaṫ-ċoróinn, d’ airgead na h-aimsire seo. 14Aċ ḃí fuaṫ agá ḋaoine ḋó, agus do ċuireadar teaċtaireaċt ’n-a ḋiaiḋ ’ġa ráḋ: Ní h-áil linn é seo ḃeiṫ ’n-a rí orainn. 15Aċ do ṫárla go ḃfuair sé an ríġeaċt agus go dtáinig sé ṫar n-ais, agus d’órduiġ sé na seirḃísiġ gur ṫug sé an t-airgead dóiḃ do ġlaoḋaċ ċuige go mbeaḋ ’ḟios aige an mór a ḋein gaċ aoinne acu leir an gceannaiḋeaċt. 16Ṫáinig an ċéad duine agus duḃairt sé, A rí, ḋein do ṗúnt deiċ bpúint. 17Agus duḃairt sé leis, Is maiṫ é sin, a ṡeirḃísiġ ṁaiṫ; ó ḃís dílis sa ḃeagán beiḋ cóṁaċt agat ar deiċ mbailtiḃ. 18Agus ṫainig an tarna duine agus duḃairt sé, A rí, ḋein do ṗúnt ċúig ṗúint. 19Agus duḃairt sé leis sin, Agus tusa, bíse os cionn ċúig mbailte, 20Agus ṫáinig fear eile agus duḃairt sé, A rí, siné do ṗúnt agat. Ḃí sé fillte i n-éadaċ agam. 21Óir ḃí eagal agam róṁat, mar is duine cruaiḋ ṫu. Tógann tú an rud nár ċuiris síos, agus baineann tú an fóġṁar nár ċuiris. 22Águs duḃairt sé leis, Ar do ḃéal féin a ḃeirim breiṫ ort, a ḋroċ-ṡeirḃísiġ. Ḃí ’ḟios agat gur duine cruaiḋ mé, go dtógaim an rud nár ċuireas síos, agus go mbainim an fóġṁar nár ċuireas; 23Agus cad ’n-a ṫaoḃ nár ċuiris mo ċuid airgid sa ḃanc, i dtreó, nuair a ṫiocfainn go n-éileócainn é féin agus an t-úncamus? 24Agus duḃairt sé leis an muintir a ḃí láiṫreaċ, Tógaiḋ uaiḋ an púnt agus tugaiḋ é do’n ḟear go ḃfuil na deiċ bpúint aige. 25Agus duḃradar, A rí, táid deiċ bpúint aige. 26Deirim-se liḃ-se, áṁṫaċ, an t-é go ḃfuil aige taḃarfar dó, agus beiḋ flúirse aige; agus an t-é na fuil aige, tógfar uaiḋ an rud atá aige. 27Aċ na h-eascáirde seo nár ḃ’áil leó mise ḃeiṫ am’ rí orṫa, tugtar anso iad agus curtar ċun báis os mo ċóṁair iad.
28Agus nuair a ḃí an méid sin ráiḋte aige, ċuaiḋ sé ar aġaiḋ ag dul suas go h-Ierúsalem.
29Agus do ṫárla, nuair a ḃí sé ag teaċt i ngar do Ḃetṗagé i mBetánia, láiṁ leis an sliaḃ ar a dtugtar Oliḃet, gur ċuir sé uaiḋ beirt d’á ḋeisgiobuil, 30Agus go nduḃairt sé leó: Téiġiḋ isteaċ sa ḃaile atá ar ḃur n-aġaiḋ anonn; agus nuair a raġaiḋ siḃ isteaċ ann ġeoḃaiḋ siḃ ceangailte ann searraċ asail nár ṡuiḋ aon duine riaṁ fós air; sgaoiliḋ é agus tugaiḋ ċúġam é. 31Agus má ḟiafraiġeann aoinne ḋíḃ, Cad ċuige ḋaoiḃ é sgaoileaḋ? abraiḋ leis mar seo: Mar teasduiġeann sé ó’n dTiġearna. 32Agus d’imṫiġ na teaċtairí, agus fuaradar, mar a duḃairt sé, an searraċ ’n-a ṡeasaṁ. 33Agus nuair a ḃíodar ’ġá sgaoileaḋ duḃairt an ṁuintir n-ar leó é: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag sgaoileaḋ an tsiorraiġ? 34Agus duḃradar-san: Mar teasduiġeann sé ó’n dTiġearna. 35Agus ṫugadar aġ triall ar Íosa é, agus do leaṫadar a mbrait ar an searraċ agus ċuireadar Íosa ar a ṁuin. 36Agus ag gluaiseaċt dó ḃíodar ag leaṫaḋ a mbrat amaċ ar an slíġ. 37Agus nuair a ḃí sé aġ teaċt i ngar d’ḟánaiḋ Oliḃeit, ṫusnuiġ na deisgiobuil go léir ar Ḋia do ṁolaḋ le gáirdeaċas, do ġuṫ árd, mar ġeall ar na mírḃúiltí móra go léir a ċonacadar. 38Agus deiridís: Molaḋ leis an t-é atá ag teaċt ’n-a rí i n-ainim an Tiġearna; síoṫċáin ar neaṁ agus glóire ins na flaṫais. 39Agus ḃí cuid de sna Fairisíniġ sa tsluaġ agus duḃradar leis: A Ṁáiġistir, cuir smaċt ar do ḋeisgiobuil. 40Agus duḃairt sé leó: Deirim liḃ, má éistid siad san, go liúġfaid na cloċa amaċ.
41Agus nuair a ṫáinig sé i gcóṁgar agus ċonaic sé an ċaṫair do ġoil sé ar a son, agus duḃairt sé: 42Agus dá mbeaḋ ’ḟios agat-sa, sa lá so féin atá agat, na neiṫe atá ċun síoṫċána ḋuit; táid siad, áṁṫaċ, i ḃfolaċ ó d’ṡúiliḃ. 43Óir tiocfaid na laeṫanta ionat agus cuirfid do naṁaid claiḋe mór-tímpal ort, agus dúnfaid siad isteaċ tu agus déanfaid siad cuṁangaraċ ort ó’n uile ṫaoḃ. 44Agus déanfaid siad ṫu ṫreasgairt ar an dtalaṁ, tu féin agus do ċlann atá ionat, agus ní ḟágfaid siad cloċ ar muin cloiċe ionat, toisg nár aiṫniġis an t-am ’n-a dtáinig Dia ċúġat.
45Agus ċuaiḋ sé isteaċ sa teampul, agus ċrom sé ar an muintir a ḃí ag díol agus ag ceannaċ ann do ḋíbirt amaċ as. 46’Ġa ráḋ leó: Tá sgríoḃṫa: #Isáias 56:7; Ierem. 7:11.Tiġ cun úrnuiġṫe iseaḋ mo ṫiġ-se: Aċ tá cuinigéar biṫeaṁnaċ déanta agaiḃ-se ḋe.
47Agus ḃí sé ag teagasg; sa teampul gaċ lá. Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí agus na h-uaisle a d’iarraiḋ é ċur ċun báis, 48Agus níor ḃ’ féidir leó cuiṁneaṁ ar cad a ḋéanfaidís, mar ḃí na daoine go léir ar tinniol ag éisteaċt leis.

Currently Selected:

Lúcás 19: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in