YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 15

15
CAIBIDIOL XV.
Parabal na caoraċ a cailleaḋ, agus parabal an ṁic a ḃí róċaiṫteaċ.
1Agus ḃí na puibliocánaiġ agus na peacaiġ ag teaċt ċuige ag éisteaċt leis. 2Agus ḃí na Fairisíniġ agus na Sgríḃneóirí ag ceisneaṁ, agus deiridís: Ar ndó, glacann an fear so na peacaiġ agus iṫeann sé bia ’n-a ḃfoċair.
3Agus do laḃair seisean leó an tsoluíd seo:
4 # Mait. 18:12. Cé’cu agaiḃ-se go mbeaḋ céad caora aige, agus go raġaḋ caora acu amú uaiḋ, ná fágfaḋ na naoi gcinn déag agus ċeiṫre fiċid sa ḃfásaċ agus ná raġaḋ ar lorg an ċinn a cailleaḋ go dtí go ḃfaġaḋ sé í? 5Agus nuair a ġeiḃeann sé í tógann sé ar a ġuailliḃ í, agus áṫas air, 6Agus nuair a ṫagann sé aḃaile glaoḋann sé ċuige a ċáirde agus a ċóṁarsain agus deir sé leó: Deiniḋ gáirdeaċas liom, mar do fuaras mo ċaora do cailleaḋ. 7Deirim liḃ gurab ṡin mar a ḃeiḋ gáirdeaċas ar neaṁ mar ġeall ar aon ṗeacaċ aṁáin a ḋéanfaiḋ aiṫriġe seaċas naoi ḋuine ḋéag agus ċeiṫre fiċid de ḋaoiniḃ córa ná fuil gáḋ le h-aiṫriġe acu.
8Nó cé h-í an ḃean go mbeaḋ deiċ #15:8 ndraċma .i. Pingin Róṁánaċ: an t-oċtṁaḋ cuid d’uinge airgid.ndraċma aici agus go gcaillfeaḋ sí draċma ḋíoḃ, ná déanfaḋ coinneal do lasaḋ agus an tiġ do sguabaḋ, agus an draċma do lorg go géar go dtí go ḃfaġaḋ sí é? 9Agus nuair a ġeiḃeann sí é, glaoḋann sí ċúiċi a cáirde agus a cóṁarsain agus deir sí leó: Deiniḋ gáirdeaċas liom, mar do fuaras an draċma a ċailleas. 10Deirim-se liḃ-se gur b’ ṡin mar a ḃeiḋ gáirdeaċas #15:10 Ver. 10. i láṫair aingeal Dé — Taisbeánann an ċaint sin go ḃfuil suím ag aingealaiḃ na ḃflaṫas ionainne atá annso ṫíos, agus go mbíonn áṫas orṫa nuair a ḋeinimíd aiṫriġe, agus d’á ḃríġ sin go mbíonn eólus acu air.i láṫair aingeal Dé mar ġeall ar aon ṗeacaċ amáin a ḋéanfaiḋ aiṫriġe.
11Agus duḃairt sé: Ḃí fear ann agus ḃí beirt ṁac aige; 12Agus dubairt an mac ab óige acu le n’aṫair, A aṫair, taḃair dóṁ-sa an méid atá ag dul dom de d’ċuid, agus do rainn sé an ċuid eatarṫa. 13Agus tar éis beagán laeṫanta do ḃailiġ an mac ab óige ċuige a ċuid go léir, agus d’imṫiġ sé go dúṫaiġ iasaċta aḃfad ó ḃaile, agus do sgaip sé a ċuid le baois agus le rabairne. 14Agus nuair a ḃí gaċ aon rud caiṫte aige ṫáinig gorta ana-ḋian sa tír sin, agus ṫusnuiġ sé ar ḃeiṫ i n-uireasba. 15Agus d’imṫiġ sé agus do réiḋtiġ sé le duine de ṁuintir na tíre sin. Agus do ċuir seisean é amaċ ċun a ċod’ tailiṁ ag coṫú ṁuc. 16Agus ba ṁaiṫ leis a ḃolg a líonaḋ de sna féiṫleógaiḃ a ḋ’iṫeaḋ na muca, agus ní ṫaḃarfaḋ aoinne ḋó iad. 17Agus do ṁaċtnaiṁ sé i n’aigne agus duḃairt sé: Cad a ḃfuil de luċt tuarasdail a ṫuilleaṁ i dtiġ m’aṫar agus a ndóiṫin aráin acu, agus mise anso ag fáġail ḃáis do’n ġorta! 18Eireóċad agus raġad ag triall ar m’aṫair agus déarfad leis, A Aṫair, tá peacaḋ déanta agam i n-aġaiḋ neiṁe agus ad’ láṫair-se; 19Ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé. Leig dom ḃeiṫ mar ḋuine ded’ luċt tuarasdail a ṫuilleaṁ.
20Agus d’eiriġ sé agus ṫáinig sé fé ḋéin a aṫar. Agus an ḟaid a ḃí sé fós aḃfad uaiḋ, do ċonaic an t-aṫair é, agus ṫáinig ana-ṫruaġ aige ḋó, agus do riṫ sé ċuige agus ċaiṫ sé é féin ar a ḃráġaid agus do ṗóg sé é. 21Agus duḃairt an mac leis: A aṫair, tá peacaḋ déanta agam i n-aġaiḋ neiṁe agus ad’ láṫair-se; ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé. 22Agus duḃairt an t-aṫair le n-a ṡeirḃíseaċaiḃ, Brostuiġiḋ agus tugaiḋ amaċ an ċulaiṫ éadaiġ is fearr agus cuiriḋ uime í, agus cuiriḋ fáinne ar a láiṁ, agus bróga ar a ċosaiḃ, 23Agus tugaiḋ liḃ an gaṁain raṁar agus marḃuiġiḋ é, agus iṫimís agus bímís sóġaċ; 24Óir ḃí an mac so liom marḃ, agus tá sé beó airís; do cailleaḋ é, agus do fuaraḋ é. Agus ċromadar ar ḃeiṫ go sóġaċ.
25Aċ ḃí an mac ba ṡine aige amuiġ sa ṗáirc, agus ḃí sé ag teaċt ċun an tiġe, agus d’airiġ sé an ceól agus an rinnce, 26Agus ġlaoiḋ sé ar ḋuine de sna seirḃísiġ, agus d’ḟiafraiġ sé ḋe cad é seo a ḃí ar siuḃal. 27Agus duḃairt seisean, Ṫáinig do ḋriṫáir, agus do ṁairḃ t’aṫair an gaṁain raṁar toisg é ṫeaċt slán ċuige. 28Agus ṫáinig fearg air, agus ní raġaḋ sé isteaċ. Ansan ṫáinig an t-aṫair amaċ agus ċrom sé ar ṫaṫant air. 29Agus duḃairt seisean le n’aṫair ’ġá ḟreagraḋ: Féaċ, táim-se ag obair duit na blianta so go léir, agus níor ḋiúltuiġeas riaṁ do rud a déanaṁ ort, agus níor ṫugais riaṁ dom oiread agus mionán ċun súḃaċais a ḋeanaṁ le m’ċáirdiḃ; 30Aċ an mac so ḋuit, ċóṁ luaṫ agus ṫáinig sé, tar éis a ċoda do ċaiṫeaṁ le striapaċaiḃ, ṁarḃuiġis an gaṁain raṁar dó. 31Duḃairt seisean leis áṁṫaċ: A ṁic, taoi-se am’ ḟoċair i gcóṁnuiġe, agus is leat a ḃfuil agam; 32Aċ ba ċóir súḃaċas agus gáirdeaċas a ḋéanaṁ, óir ḃí do ḋriṫáir anso marḃ, agus tá sé beó airís; ḃí sé caillte, agus do fuaraḋ é.

Currently Selected:

Lúcás 15: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in