YouVersion Logo
Search Icon

Eóin 8

8
CAIBIDIOL VIII.
An ḃean a fuaraḋ ag déanaṁ aḋaltranais. Críost á ḋeiṁniú gur ceart a ṫeagasg.
1Ansan do ċuaiḋ Íosa amaċ go cnoc Oliḃet. 2Agus ṫáinig sé isteaċ sa teampul airís go moċ ar maidin, agus ṫáinig na daoine go léir ag triall air agus do ṡuiḋ sé agus ḃí sé ’ġá dteagasg.
3Agus ṫug na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ leó bean gur rugaḋ uirṫi i n-aḋaltranas, agus ċuireadar ’n-a seasaṁ i láṫair í, 4Agus duḃradar leis: A Ṁáiġistir, do rugaḋ ar an mnaoi seo anois agus í ag déanaṁ aḋaltranais. 5Agus #Leḃit. 20:10.tá órduiġṫe ag Maois dúinn sa dlíġ a leiṫéid seo do ċur ċun báis le gaḃáil do ċloċaiḃ inti. Cad deirir-se? 6Aċ ’ġá ṫriail iseaḋ a duḃradar an ċaint sin le h-ionaċus go ḃféadfaidís rud éigin a ċur ’n-a leiṫ. Agus do ċrom Íosa síos agus ḃí sé ag sgrí le n-a ṁéir ar an dtalaṁ. 7Agus do leanadar ag cur na ceiste ċuige. Ansan d’eiriġ sé suas agus duḃairt sé leó: #Deut. 17:7.An duine agaiḃ atá gan ṗeaca caiṫeaḋ sé an ċéad ċloċ léi. 8Agus do ċrom sé síos airís agus ḃí sé ag sgrí ar an dtalaṁ. 9Nuair a ḋ’airiġeadar an focal d’imṫiġeadar ’n-a nduine ’s ’n-a nduine, na seanóirí ar dtúis; agus do fágaḋ Íosa i n’ aonar agus an ḃean ’n-a seasaṁ i láṫair. 10Ansan d’eiriġ Íosa suas, agus duḃairt sé leis an mnaoi: A ḃean, cá ḃfuil na daoine a ḃí ag cur ad’ leiṫ? An aṁlaiḋ nár ḋaor aoinne ṫu? 11Agus duḃairt sí: Níor ḋaor, a Ṫiġearna. Agus duḃairt Íosa: Ní ḋaorfad-sa ṫu aċ ċóṁ beag. Imṫiġ, agus as so amaċ ná dein an peaca airís.
12Agus ansan do laḃair Íosa airís agus duḃairt sé: #1 Eóin 1:5.Mise solus an doṁain; an t-é a leanfaiḋ mé ní ṡiuḃlóċaiḋ sé sa doirċeaċt, aċ beiḋ aige solus na beaṫa. 13Agus duḃairt na Fairisíniġ leis: Taoí-se ag déanaṁ fiaḋnaise ort féin; Ní’l t’ḟiaḋnaise fírinneaċ. 14D’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: Bíoḋ go ḃfuilim-se ag déanaṁ fiaḋnaise orm féin tá m’ḟiaḋnaise fírinneaċ, óir is eól dom cá dtánag agus cá ḃfuilim ag dul; aċ ní h-eól daoiḃ-se cá dtánag ná cá ḃfuilim ag dul. 15Tugann siḃ-se breiṫ do réir na feóla; ní ṫugaim-se breiṫ ar aoinne. 16Agus má ḃeiriṁ-se breiṫ, tá mo ḃreiṫ fíor, óir ní h-am’ aonar atáim, aċ mé féin agus an t-é a ċuir uaiḋ mé, an t-Aṫair. 17Agus #Deut. 17:6; 19:15.tá sgríoḃṫa i nḃúr ndlíġ-se go ḃfuil fiaḋnaise ó ḃeirt fíor. 18Is mise a ṫugann fiaḋnaise orm féin, agus tá an t-Aṫair, a ċuir uaiḋ mé, ag taḃairt fiaḋnaise orm. 19Agus duḃradar leis: Cá ḃfuil t’Aṫair? Agus d’ḟreagair Íosa: Ní’l aiṫne agaiḃ orm-sa agus ní lúġa ’ná mar atá aiṫne agaiḃ ar m’Aṫair; dá mbeaḋ aiṫne agaiḃ orm-sa ḃ’ḟéidir go mbeaḋ aiṫne agaiḃ ar m’Aṫair, leis. 20Do laḃair Íosa na focail sin i n-áit ċoimeádṫa an ċiste, agus é ag teagasg sa teampul; agus níor rug aoinne air, mar ní raiḃ a ṫráṫ tagaiṫe fós.
21Agus duḃairt Íosa leó: Táim-se ag imṫeaċt, agus beiḋ siḃ-se a’m lorg, agus ġeoḃaiḋ siḃ bás i nḃúr bpeaca; an áit ’n-a ḃfuilim-se ag dul ní ḟéadfaiḋ siḃ-se teaċt ann. 22Agus duḃairt na Iúdaiġ: An aṁlaiḋ a ṁarḃóċaiḋ sé é féin, go nduḃairt sé, An áit ’n-a ḃfuilim-se ag dul ní ḟéadfaiḋ siḃ-se teaċt ann? 23Agus duḃairt sé leó: Ó’n áit ṫíos siḃ-se, ó’n áit ṫuas mise; de’n tsaoġal so siḃ-se, ní de’n tsaoġal so mise. 24Uime sin aduḃart liḃ, ġeoḃaiḋ siḃ bás i nḃúr bpeacaíḃ; óir mura gcreidiḋ siḃ gur mise é ġeoḃaiḋ siḃ bás i nḃúr bpeaca. 25Agus duḃradar leis: Cé h-é ṫu? Duḃairt Íosa leó: An Tusaċ, atá anois féin ag caint liḃ-se. 26Tá a lán agam le ráḋ agus le breiṫniú i nḃúr dtaoḃ; aċ #Róṁ. 3:4.tá an t-é a ċuir uaiḋ mé fíor; agus na neiṫe a ḋ’airiġeas-sa uaiḋ siniad na neiṫe a laḃraim sa tsaoġal. 27Agus níor ṫuigeadar go raiḃ sé ’ġá ráḋ gur ḃ’é Dia a Aṫair. 28Agus duḃairt Íosa leó: Nuair a ḋ’árdóċaiḋ siḃ suas Mac an Duine, ansan iseaḋ ḃeiḋ ḟios agaiḃ gur mé é, agus ná deinim níḋ ar biṫ uaim féin, aċ gur fé mar a ṫeagaisg m’Aṫair dom a laḃraim na neiṫe seo. 29Agus an t-é a ċuir uaiḋ mé tá sé am’ ḟoċair agus níor ḟág sé am’ aonar mé, óir deinim i gcóṁnuiġe na neiṫe a ṫaiṫneann leis. 30Nuair a laḃair sé na neiṫe sin do ċreid a lán daoine ann.
31Agus duḃairt Íosa leis na Iúdaiġ a ċreid ann: Má ḟanann siḃ ar mo ḃriaṫar is fíorḋeisgiobuil agam siḃ feasda; 32Agus cuirfiḋ siḃ eólus ar an ḃfírinne, agus saorfaiḋ an ḟírinne siḃ. 33D’ḟreagradar é: Is de ṡíol Ábrahaim sinn, agus ní raḃamair riaṁ i n-ár ndaoraiḃ ag aoinne; conus a deirir-se, Saorfar siḃ? 34D’ḟreagair Íosa iad: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, #Róṁ. 6:15,16; 2 Pead. 2:19.gaċ aoinne a ḋeineann an peaca tá sé ’n-a ḋaor ag an bpeaca. 35Ní ḟanann an daor sa teaġlaċ do ṡíor, áṁṫaċ; aċ fanann an mac sa teaġlaċ do ṡíor. 36D’á ḃríġ sin, má ṡaorann an mac siḃ beiḋ siḃ saor dáiríriḃ. 37Tá ḟios agam gur de ṡíol Ábrahaim siḃ. Aċ ní foláir liḃ mise ċur ċun báis, mar ní ḃfaġann mo ḃriaṫar slíġ ionaiḃ. 38Laḃraim-se an níḋ a ċonac i ḃfoċair m’Aṫar; agus deineann siḃ-se neiṫe a ċonacaḃair i ḃfoċair ḃúr n-aṫar féin. 39D’ḟreagradar agus duḃradar leis: Isé Ábraham ár n-aṫair-ne. Duḃairt Íosa leó: Má’s clann d’Ábraham siḃ deiniḋ oibreaċa Ábrahaim. 40Aċ anois ní foláir siḃ mise ṁarbú, duine a laḃrann liḃ an ḟírinne a ḋ’airiġeas ó Ḋia; níor ḋein Ábraham san. 41Deineann siḃ-se obair ḃúr n-aṫar féin. Agus duḃradar leis: Ní h-a’ drúis a geineaḋ sinne; tá aon aṫair aṁáin againn, Dia. 42Ansan duḃairt Íosa leó: Dá mb’ é Dia ḃúr n-aṫair ḃeaḋ gráḋ agaiḃ dóṁ-sa; óir do ġluaiseas-sa ó Ḋia agus do ṫánag uaiḋ; óir ní h-uaim féin a ṫánag, aċ do ċuir seisean uaiḋ mé. 43Cad ’n-a ṫaoḃ ná h-aiṫniġeann siḃ mo ċaint? Mar ní ḟéadann siḃ m’ urlaḃra d’aireaċtaint. 44#1 Eóin 3:8.Is ó’n ndiaḃal, ḃúr n-aṫair, siḃ-se, agus isiad na neiṫe a ṫaiṫneann le nḃúr n-aṫair a ḋeineann siḃ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ é sin ó ṫusaċ, agus níor ṡeasaiṁ sé sa ḃfirinne, óir ní’l fírinne ann; nuair a laḃrann sé an t-éiṫeaċ laḃrann sé an níḋ is leis féin, óir tugann sé an t-éiṫeaċ agus isé aṫair an éiṫiġ é. 45Aċ nuair a ḋ’innsim-se an ḟírinne ní ċreideann siḃ mé. 46Cé’cu agaiḃ a ċuirfiḋ peaca am’leiṫ? Má innsim an ḟírinne ḋaoiḃ cad ’n-a ṫaoḃ ná creideann siḃ mé? 47#1 Eóin 4:6.An t-é is ó Ḋia éisteann sé le bréiṫriḃ Dé. Isé cúir ná h-éisteann siḃ-se leó mar ní h-ó Ḋia siḃ.
48Agus d’ḟreagair na Iúdaiġ é agus duḃradar: Naċ maiṫ adeirimíd-ne é gur Samaritánaċ tusa agus go ḃfuil deaṁan ionat? 49D’ḟreagair Íosa: Ní’l deaṁan ionam-sa, aċ tugaim onóir do m’Aṫair, agus tá easonóir taḃarṫa agaiḃ-se ḋóṁ-sa. 50Aċ nílim-se ag lorg mo ġlóire féin; tá aon a loirgeann agus a ṫugann breiṫ. 51Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, má ċoimeádann aon duine mo ḃriaṫar ní ḟeicfiḋ sé bás go deó. 52Ansan duḃairt na Iúdaiġ: Tá ḟios againn anois go ḃfuil deaṁan ionat. Tá Ábraham marḃ, agus na fáiḋe, agus deirir-se, Má ċoimeádann duine mo ḃriaṫar-sa ní ḃlaisfiḋ sé bás go deó. 53An aṁlaiḋ is mó de ḋuine ṫusa ’ná ár n-aṫair Ábraham, atá tar éis ḃáis? Agus táid na fáiḋe tar éis ḃais. Cé h-é ṫusa, dar leat? 54D’ḟreagair Íosa: Má ṫugaim-se glóire ḋom féin is neaṁníḋ mo ġlóire. Isé m’Aṫair a ṫugann glóire ḋom, an t-é a deir siḃ-se gur b’é ḃúr nDia é; 55Agus ní’l aiṫne agaiḃ air; aċ tá aiṫne agam-sa air. Agus má deirim ná fuil aiṫne agam air beiḋ mé mar siḃ-se, ag rád an éiṫiġ. Aċ tá aiṫne agam air, agus táim ag cóṁlíonaḋ a ḃriaṫair. 56Ba ṁór ag ḃúr n-aṫair Ábraham go ḃfeicfeaḋ sé mo lá-sa. Do ċonaic, agus ḃí áṫas air. 57Ansan duḃairt na Iúdaiġ: Ní’l caogad blian d’aoís fós agat, agus ċonaicís Ábraham? 58Agus duḃairt Íosa leó: Go deiṁin deiṁin adeirim liḃ, táim-se ann ó roiṁ Ábraham a ḃeiṫ ann.
59Ansan do ṫógadar na cloċa ċun iad do ċaiṫeaṁ leis; aċ do ċeil Íosa a ċló orṫa agus d’imṫiġ sé amaċ as an dteampul.

Currently Selected:

Eóin 8: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in