YouVersion Logo
Search Icon

Eóin 19

19
CAIBIDIOL XIX.
Tuairisg ar Ṗáis Ċríost ar leanṁaint.
1Agus ansan do ṫóg Pílát Íosa, agus #Mait. 27:26; Marc. 15:15.do sgiúrsáil sé é. 2Agus d’ḟíġeadar na saiġdiúirí coróinn ḋeilgneaċ, agus ċuireadar ar a ċeann í, agus ċuireadar éadaċ corcra uime. 3Agus ṫagaidís ċuige agus deiridís: Go mbeannuiġṫear duit, a rí na n-Iúdaċ; agus do ḃuailidís dóirne air. 4Ansan do ċuaiḋ Pílát amaċ airís, agus duḃairt sé leó: Féaċ, táim ’ġá ṫaḃairt ċúġaiḃ amaċ, go dtuigfeaḋ siḃ ná faġaim aon ċoir ann. 5Agus ṫáiniġ Íosa amaċ agus an ċoróinn ḋeilgneaċ air agus an brat corcra uime. Agus duḃairt seisean leó: Féaċ an duine! 6Agus nuair a ċonaic na h-árd-ṡagairt agus a n-oificeaċa é do liúġadar agus duḃradar: Céas é, céas é. Duḃairt Pílát leó: Tógaiḋ féin é, agus céasaiḋ é; óir ní ḃfaġaim-se aon ċoir ann. 7D’ḟreagair na Iúdaiġ: Tá dlíġ againne, agus do réir na dliġe sin is ceart dó bás d’ḟáġail, de ḃríġ gur ḋein sé Mac Dé ḋe féin. 8Nuair airiġ Pílát an focal san ṫáinig tuille eagla air. 9Agus ċuaiḋ sé isteaċ sa ċúirt airís agus duḃairt sé le h-Íosa: Cad as duit-se? Aċ níor ṫug Íosa freagra air. 10Duḃairt Pílát leis, d’á ḃríġ sin: An aṁlaiḋ ná laḃarfair liom? Ná fuil ḟios agat go ḃfuil ar mo ċumas-sa ṫú ċéasaḋ, agus go ḃfuil ar mo ċumas ṫú leigint saor? 11D’ḟreagair Íosa: Ní ḃeaḋ aon níḋ ar do ċumas am’ aġaiḋ mura mbeaḋ gur tugaḋ duit é ó’n áit ṫuas. Uime sin an t-é a ṫug suas duit mé, is mó an peaca atá air.
12Agus as san amaċ ḃí Pílát a d’iarraiḋ é leigint saor. Aċ do liúiġ na Iúdaiġ, agus duḃradar: Má leigeann tú saor é seo ní cara do Caesar tu; Óir, gaċ aoinne a ḋeineann rí ḋe féin laḃrann sé i n-aġaiḋ Ċaesair. 13Nuair a ḋ’airiġ Pílát na focail sin do ṫug sé Íosa leis amaċ, agus do ṡuiḋ sé sa ċaṫaoir ḃreiṫeaṁntais, sa n-áit ar a dtugtar litostrótos; sa teangain Eaḃra, áṁṫac, Gabbata. 14Agus b’é lá ollaṁuiġṫe na Cásga é, tímpal an séṁaḋ h-uair, agus duḃairt sé leis na Iúdaiġ: Féaċ ḃúr rí:#19:14 Ver. 14. lá ollaṁuiġṫe na Cásga .i. an lá roim Ṡabbóid na cásga, Parascevé a tugtí ar gaċ oiḋċe ċásga, .i. oiḋċe an ollṁúċáin. Áċ b’í seo oiḋċe na Sabbóide móire, .i. Sabbóid seaċtṁaine na cásga. 15Aċ do liúġadar: Tóg uainn é, tóg uainn é; céas é! Duḃairt Pílát leó: An ndéanfad ḃúr rí do ċéasaḋ? D’ḟreagair na h-árd-ṡagairt: Ní’l aon rí againn aċ Caesar. 16Ansan do ṫug sé suas dóiḃ é le céasaḋ. Agus ṫógadar Íosa, agus do rugadar leó amaċ é.
17Agus #Mait. 27:33; Marc. 15:22; Lúc. 23:33.ag iompar a ċroise ċuaiḋ sé amaċ ċun na h-áite ar a dtugtar Áit an ċloiginn, agus Golgota sa teangain Eaḃra, 18Mar ar ċéasadar é, agus beirt eile ’n-a ṫeannta, duine ar gaċ taoḃ, agus Íosa i lár baill. 19Agus do sgríḃ Pílát teidiol, agus ċuir sé ar an gcrois é. Agus ḃ’ e seo an sgríḃinn: ÍOSA NASARÉNAĊ RÍ NA N-IÚDAĊ. 20Agus do léiġ mórán de sna Iúdaiġ an teidiol san, mar ḃí an áit ’n-ar céasaḋ Íosa aċmair do’n ċaṫair. Agus ḃí sé sgríoḃṫa i n-Eaḃrais, agus i nGréigis, agus i Laidin. 21Duḃairt árd-ṡagairt na n-Iúdaċ, áṁ, le Pílát: Ná sgríḃ: Rí na n-Iúdaċ; aċ go nduḃairt sé: Is mé rí na n-Iúdaċ. 22D’ḟreagair Pílát: An níḋ do sgríoḃas, do sgríoḃas e.
23Agus na saiġdiúirí, nuair a ċéasadar é, do ṫógadar a ċuid éadaiġ agus ḋeineadar ċeiṫre coda ḋíoḃ, cuid do gaċ saiġdiúir, agus a ċasóg. Ḃí an ċasóg, áṁ, gan fuaġáil inti, aċ í fiġte ar fad ó n-a bárr. 24Agus duḃradar le n-a céile: Ná stracaimís í, aċ cuirimís ar ċrannaiḃ cé aige go mbeiḋ sí; go gcóṁlíonfaí an scriptiúir adeir: #Salm 21:19.Do rainneadar eatarṫa mo ċuid éadaiġ, agus ċuireadar ar ċrannaiḃ mo ċúṁdaċ. Agus do ḋein na saiġdiúirí na neiṫe sin.
25Agus ḃi ’n-a seasaṁ i n-aice croise Íosa a ṁáṫair, agus deirḃṡiúr a ṁáṫar, Máire Ċleoṗais, agus Máire Ṁaġdalén. 26Agus nuair a ċonaic Íosa a ṁáṫair agus an deisgiobul ab ionṁuin leis ’n-a ṡeasaṁ, duḃairt sé le n-a ṁáṫair: A ḃean, siné do ṁac! 27Ansan deir sé leis an ndeisgiobul: Féaċ do ṁáṫair. Agus ó’n uair sin amaċ do ġlac an deisgiobul ċun a ṫeaġlaiġ féin í.
28I ’n-a ḋiaiḋ san, ó ḃí ḟios ag Íosa go raiḃ gaċ níḋ críoċnuiġṫe, #Salm 68:22.ionus go gcóṁlíonfaí an scriptiúir, duḃairt sé: Tá tart orm. 29Agus ḃí árṫaċ ann agus é lán d’ḟínéigir. Ċuireadar ċun a ḃéil spúins agus é lán d’ḟínéigir agus iosóip tímpal air. 30Agus nuair a ġlac Íosa an ḟínéigir, duḃairt sé: Tá críoċnuiġṫe. Agus do ċrom sé a ċeann, agus ṫug sé a anam uaiḋ.
31Aċ na Iúdaiġ, óir b’é lá an ollaṁuiġṫe é, i dtreó ná fanfaḋ na cuirp ar an gcrois i gcaiṫeaṁ na sabbóide, óir ba lá mór sabbóide an lá san, d’iarradar ar Pílát go mbrisfí a gcosa agus go dtógfaí as iad. 32Ansan do ṫáinig na saiġdiúirí, agus ḃriseadar cosa an ċéad duine, agus cosa an duine eile a ḃí céasda i n-aonḟeaċt leis. 33Aċ nuair a ṫánadar ċun Íosa, ċonacadar go raiḃ sé marḃ ċeana féin, agus níor ḃriseadar a ċosa; 34Aċ d’osgail duine de sna saiġdiúiríḃ a ṫaoḃ le sleaġ, agus ṫáiniġ amaċ as, láiṫreaċ, fuil agus usge. 35Agus an t-é a ċonaic é ṫug sé fiaḋnaise ann, agus is fíor a ḟiaḋnaise. Agus is eól dó san go ḃfuil an ḟirínne aige ’á rád, ionus go gcreidfeaḋ siḃ-se. 36Óir do deineaḋ na neiṫe sin ionus go gcóṁlíonfaí an scriptiúir: #Exod. 12:46; Uiṁ. 11:12.Ní ḃrisfiḋ siḃ aon ċnáṁ ann. 37Agus airís deir scriptiúir eile: #Zach. 12:10.Ċífid siad an t-é a ṡádadar.
38’N-a ḋiaiḋ san d’iarr Ióseṗ ó Arimataea ar Pílát (mar deisgiobul le h-Íosa dob eaḋ é, aċ fé ċéilt, le h-eagla na n-Iúdaċ) leigint dó corp Íosa do ḃreiṫ leis. Agus do ṫoiliġ Pílát. 39Agus ṫáinig sé agus do rug sé leis corp Íosa. Agus do ṫáinig Nicodémus, leis, #Supra 3:2.an fear úd a ṫáinig ar dtúis ċun Íosa sa n-oiḋċe, agus measgán mirr agus aloé aige, tímpal céad púnt meáġċaint. 40Agus do ṫógadar corp Íosa, agus do ċeangaladar é le línéadaċ agus leis na spíosraíḃ, fé mar is gnáṫ leis na Iúdaiġ aḋlacaḋ ḋéanaṁ. 41Agus ḃí sa n-áit ’n-ar céasaḋ é gáirdín, agus sa ġáirdín ḃí tuama nua nár h-aḋlacaḋ aoinne fós ann. 42Ċuireadar Íosa sa tuama san, mar ḃí sé ’n-a gcóṁgar, agus b’é lá ollaṁuiġṫe na n-Iúdaċ é.

Currently Selected:

Eóin 19: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in