Eóin 11
11
CAIBIDIOL XI.
Lasarus á ṫaḃairt ag Críost o’n mbás. Coṁairle na riaġaltóirí ċun É ċur ċun báis.
1Agus ḃí duine dár ḃ’ainim Lasarus, ó Ḃetánia, ó ḃaile Ṁáire agus Ṁarta a drifiúr, agus ḃí sé breóite. 2B’í sin Máire #Mait. 26:7; Lúc. 7:37; infra 12:3.do ḋoirt an ola ar an dTiġearna agus do ṫriomuiġ a ċosa le n-a gruaig agus isé a driṫáir Lasarus a bí breóite. 3Agus do ċuir an ḃeirt driféar teaċtaireaċt ċuige ’ġá ráḋ: A Ṫiġearna, féaċ, an t-é is ionṁuin leat tá sé breóite. 4Nuair airiġ Íosa an níḋ sin duḃairt sé: Ní ċun báis an ḃreóiteaċt so, aċ ċun glóire Dé, ionus go dtaḃarfaí glóire do Ṁac Dé tríṫe.
5Agus dob’ ionṁuin le h-Íosa Marta agus a drifiúr Máire agus Lasarus. 6Aċ nuair a ḋ’airiġ sé é ḃeiṫ breóite d’ḟan sé sa n-áit ċéadna ar feaḋ dá lá. 7Ansan, tar a éis sin, duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Téiġmís go Iúdaéa airís. 8Duḃairt a ḋeisgiobuil leis: A Rabbí, ḃí na Iúdaiġ a d’iarraiḋ gaḃáil do ċloċaiḃ ionat anois, agus an ḃfuilir ag dul ċun na h-áite sin airís? 9D’ḟreagair Íosa: Ná fuil ḋá uair ḋéag sa lá? Má ṡiuḃlann duine sa lá ní ġeiḃeann sé baraṫuisle, mar ċíonn sé solus an tsaoġail seo. 10Aċ má ṡiuḃlann sé sa n-oiḋċe ġeiḃeann sé baraṫuisle, óir ní’l an solus sa duine sin. 11Duḃairt sé an méid sin; agus ansan duḃairt sé leó: Tá ár gcara Lasarus ’n-a ċodla, aċ táim ag dul #11:11 .i. a’ codla an ḃáis.ċun é ḋúiseaċt. 12Duḃairt a ḋeisgiobuil leis, áṁ: A Ṫiġearna, má tá sé ’n-a ċodla beiḋ sé go maiṫ. 13Aċ is ar a ḃás a laḃair Íosa; agus ṁeasadar-san gur ar ṡuan codlata do laḃair sé. 14D’á ḃríġ sin duḃairt Íosa leó go soiléir: Tá Lasarus tar éis ḃáis; 15Agus mar ġeall oraiḃ-se, ionus go gcreidfeaḋ siḃ, is maiṫ liom ná raḃas ann; aċ téiġmís ag triall air. 16Ansan duḃairt Tomás, ar a dtugtar Didimus, le n-a ċóṁ-ḋeisgiobuil: Téiġmís-ne mar an gcéadna, ionus go ḃfaiġmís bás i n-aonḟeaċt leis.
17Ansan do ṫáinig Íosa, agus fuair sé é agus é ċeiṫre lá sa tuama. 18Agus ḃí Betánia i ngioraċt tímpal ċúig stad déag do Ierúsalem. 19Agus ḃí cuid ṁór Iúdaċ tagaiṫe ag triall ar Ṁarta agus ar Ṁáire ċun sóláis a ċur orṫa i ndiaiḋ a ndriṫár. 20Agus d’airiġ Marta Íosa ḃeiṫ ag teaċt, agus d’imṫiġ sí amaċ ’n-a ċoinniḃ, agus ḃí Máire ’n-a suiḋe sa tíġ. 21Ansan duḃairt Marta le h-Íosa: A Ṫiġearna, dá mbeiṫeá anso ní ḃeaḋ mo ḋriṫáir marḃ; 22Aċ anois féin tá ḟios agam pé rud a iarrfair ar Ḋia go dtaḃarfaiḋ Dia ḋuit é. 23Duḃairt Íosa léi: Eireóċaiḋ do ḋriṫáir airís. 24Duḃairt Marta leis: Tá ḟios agam #Lúc. 14:14; supra 5:29.go n-eireóċaiḋ sé sa n-aiseiriġe an lá déanaċ. 25Duḃairt Íosa léi: Is mise an aiseiriġe agus an ḃeaṫa; #Supra 6:40.an t-é a ċreideann ionam-sa, má ġeiḃeann sé bás féin, beiḋ sé beó; 26Agus gaċ duine atá beó agus do ċreideann ionam-sa ní ḃfaġaiḋ sé bás ċoiḋċe. An gcreideann tú san? 27Duḃairt sí leis: Creidim, a Ṫiġearna; creidim-se gur tusa Críost Mac Dé ḃeó, agus gur ṫáinís ar an saoġal so. 28Nuair a ḃí an ċaint sin ráiḋte aici d’imṫiġ sí agus ġlaoiḋ sí i gcogar ar a drifiúr Máire, agus duḃairt sí léi: Ṫáinig an Máiġistir, agus tá sé ag glaoḋaċ ort-sa. 29Nuair airiġ sisi an méid sin d’eiriġ sí láiṫreaċ agus ċuaiḋ sí ag triall air. 30Óir ní raiḃ Íosa tagaiṫe fós isteaċ sa ḃaile, aċ ḃí sé ’n-a stad sa n-áit ’n-a dtáinig Marta ċuige. 31Agus na Iúdaiġ a ḃí sa tiġ i ḃfoċair Máire, ag cur sóláis uirṫi, nuair a ċonacadar ag eiriġe í agus ag imṫeaċt amaċ ċóṁ h-obann, do leanadar í agus duḃradar: Ag dul ċun an tuama atá sí, ċun guil a ḋéanaṁ ann.
32Aċ nuair a ṫáinig Máire ċun na h-áite ’n-a raiḃ Íosa agus nuair a ċonaic sí é, do ċaiṫ sí í féin agá ċosaiḃ agus duḃairt sí leis: A Ṫiġearna, dá mbeiṫéa anso ní ḃeaḋ mo ḋriṫáir marḃ. 33Agus nuair a ċonaic Íosa ag gol í, agus na Iúdaiġ a ṫáinig i n-aonḟeaċt léi ag gol, do leig sé osna ṫeaċt ó n-a spioraid agus buaireaṁ a ṫeaċt air, 34Agus duḃairt sé: Cár ċuireaḃair é? Agus duḃradar leis: Tar, a Ṫiġearna, agus feic.
35Agus ḃí Íosa ag sileaḋ.
36Agus duḃairt na Iúdaiġ: Féaċ, cad é an cion a ḃí aige air. 37Duḃairt cuid acu, áṁṫaċ: An fear so a d’osgail súile an t-é a rugaḋ ’n-a ḋall, an aṁlaiḋ nar ḟéad sé an duine seo ċoimeád gan bás d’ḟaġáil?
38Agus ḋein Íosa osna airís, agus ṫáinig sé ċun an tuama; agus pluais ċaraige ab eaḋ an tuama, agus cloċ anuas uirṫi. 39Duḃairt Íosa: Tógaiḋ an ċloċ. Duḃairt Marta leis, drifiúr an duine ṁairb: A Ṫiġearna, tá sé bréan um an dtaca so, mar tá sé ċeiṫre lá marḃ. 40Duḃairt Íosa léi: Ná duḃart leat má ċreideann tú go ḃfeicfir glóire Dé? 41Ansan do tógaḋ an ċloċ. Agus d’ḟéaċ Íosa suas agus duḃairt sé: A Aṫair, ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat gur éistis liom. 42Ḃí ḟios agam féin, áṁṫaċ, go n-éisteann tú liom i gcóṁnuiġe, aċ duḃart é sin ar son na ndaoine atá anso am’ ṫímpal, i dtreó go gcreid-fidís gur ċuiris-se uait mé. 43Tar éis na cainte sin do ráḋ ḋó do ġlaoiḋ sé do ġuṫ árd: A Lasaruis, tar amaċ. 44Agus ṫáinig amaċ láiṫreaċ an t-é a ḃí marḃ, agus na ceangail ḃáis ar a láṁaiḃ agus ar a ċosaiḃ, agus an t-éadaċ ar a ċeannaċaiḃ. Duḃairt Íosa leó: Sgaoiltear é agus leigtear ċun siu ḃail é.
45Ansan do ċreid a lán de sna Iúdaig ann, de’n ṁuintir a ṫáinig ag triall ar Ṁáire agus ar Ṁarta, agus a ċonaic na neiṫe a dein sé. 46Aċ d’imṫiġ cuid acu ag triall ar na Fairisíniġ agus d’innseadar dóiḃ cad a ḋein Íosa. 47Ansan do ċruinniġ na h-árdṡagairt agus na Fairisíniġ cóṁairle, agus deiridís: Cad ’tá againn ’á ḋéanaṁ, agus é seo ag déanaṁ a lán mírḃúiltí? 48Má sgaoilimíd leis ar an gcuma so creidfid na daoine go léir ann, agus tiocfaid na Róṁánaiġ agus sgriosfid siad ár dtír agus ár gcinéal. 49Agus ḃí aoinne aṁáin orṫa agus Caiṗas ab ainim dó, agus b’é árdṡagart na bliana san é, agus duḃairt sé leó: Ní ṫuigeann siḃ-se aon níḋ. 50Ní ṁaċtnuiġeann siḃ conus mar isé ḃúr leas aon duine aṁáin d’ḟáġail ḃáis ṫar ċeann an ṗobuil, agus gan an cinéal go léir do ḋul an ceal. 51Ní uaiḋ féin, áṁṫaċ, aduḃairt sé an ċaint sin, aċ ó b’é an t-árdṡagart é do’n ḃliain, do laḃair sé targaireaċt, go raiḃ Íosa ċun báis d’ḟaġáil ar son an ċinéil; 52Agus ní h-ar son an ċinéil aṁáin, aċ ċun clainne Dé a ḃí sgaipiṫe do ċruinniú i n-aon ḃuiḋin. 53Ó’n lá san amaċ, d’a ḃríġ sin, ḃíodar ag beartú an é ċur ċun báis. 54Uime sin níor ṡiuḃluiġ Íosa feasda go puibiliḋe ameasg na n-Iúdaċ, aċ d’imṫiġ sé isteaċ i gceanntar i n-aice an ḟásaiġ, go caṫair ar a dtugtar Eṗrem, agus d’ḟan sé ansan i ḃfoċair a ḋeisgiobul.
55Ansan ḃí cáisg na n-Iúdaċ go h-aċamair, agus mórán daoine ag teaċt go Ierúsalem ó’n dtuaṫ roimis an gcáisg ċun iad féin do naoṁú. 56Agus ḃíodar ag lorg Íosa, agus iad ag caint eatarṫa féin ’n-a seasaṁ sa teampul: Cad is dóiġ liḃ fé ndeara ḋó gan teaċt ċun lae na féile? 57Agus ṫug na h-árdṡagairt agus na Fairisíniġ órdú, da mbeaḋ ḟios ag aoinne cá raiḃ sé, é ḋ’innsint, i dtreó go mbéarfaidís air.
Currently Selected:
Eóin 11: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.