Gníoṁarṫa 28
28
CAIBIDIOL XXVIII.
Pól i Melita ar feaḋ trí ṁí. A ṫaisteal airís ar an ḃfaraige. A ṫeaċt ċun na Róṁa. A ċóṁráḋ leis na Iúdaíġ a ḃí sa ċaṫair.
1Agus ansan nuair a ḃíomair tar éis dul slán fuaramair amaċ gur Melita a tugtí ar an oileán. Do ġlac na daoine iasaċta san go ceannsa sinn. 2Do lasadar teine agus ċuireadar compórd orainn, mar ḃí fearṫainn ag teaċt agus ḃí fuaċt ann. 3Ansan ḃí Pól tar éir rainnt aḋmaid ċrín do ḃailiú agus do ċur ar an dteine, agus do léim aṫair niṁe, ag teiṫe ó’n dteas, agus do rug sí ar láiṁ air. 4Nuair a ċonnaic na daoine iasaċta an ṗiast ar sile as a láiṁ duḃradar le n-a ċéile: Is aṁlaiḋ a ṁairḃ sé duine agus bíoḋ go dṫáinig sé saor ó’n ḃfaraige ní leogtar ḃeó ó’n ndíoltas é. 5Ansan do ċroṫ seisean an ṗíast isteaċ sa teine agus ní raiḃ aon díoḃáil déanta ḋó. 6Aċ ṁeasadar go dtusnóċaḋ sé ar at agus go dtuitfeaḋ sé marḃ gan ṁoill. Ḃíodar ag feiṫeaṁ leis sin, aċ nuair a ċonnacadar ná raiḃ aon níḋ ag imṫeaċt air d’aṫaruíġdar a n-aigne agus duḃradar gur ḋia éigin é.
7Sa n-áit sin iseaḋ ḃí talaṁ an ḟir a ḃí n-a ċeann ar an oileán. Publius ab ainim dó. Do ġlac sé sinn agus ċuir sé cóir orainn go fial ar feaḋ trí lá. 8agus do ṫárla go raiḃ aṫain Ṗuḃliuis ’n-a luiġe le h-éagcrúas agus le teinneas cuirp. Ċuaiḋ Pól isteaċ ag triall air agus ḋein sé guiḋe ar a ṡon agus ċuir sé a láṁa air agus do leiġis sé é. 9Ansan, gaċ a raiḃ de ḋaoine ar an oileán go raiḃ gearánta orṫa ṫánadar agus do leiġiseaḋ iad. 10Agus ṫugadar onóir Ṁór dúinn, agus nuair a ḃíomair ċun dul ar luing ṫugadar dúinn na neiṫe a ḃeaḋ ríaċtanaċ dúinn.
11Tar éis trí ṁí do ġluaiseamair, ar luing Alecsandríniġ a ḃí tar éir an ġeíṁriḋ a ċaiṫeaṁ ag an oileán. Agus na Castóirí an suaṫantas a ḃí uirṫi. 12Agus ṫánamair go Suracúsa agus d’ḟanamair trí lá ann. 13Ó’n áit sin do ṡeólamair tímpal fan na tíre agus ṫanamair go dtí Régium, agus tar éis aon lae aṁáin do ṡéid an ġaoṫ andeas agus ṫánamair go Puṫeolí. 14Fuaramair bráiṫre sa n-áit sin agus d’iarradar orainn fanṁaint ’n-a ḃfoċair agus d’fanamair seaċt lá. Agus ansan ṫánamair go dtí an Róiṁ. 15Agus as san, nuair airiġ na bráiṫre é, do ċruinníġdar ċúġainn go Forum Appiuis agus ċun na dTrí dTaḃairne, agus nuair a ċonnaic Pól iaḋ ṫug se buiḋċas do Ḋia agus ṫáinig misneaċ dó.
16Agus nuair a ḃíomair tagaiṫe ċun na Róṁa do tugaḋ cead do Pól fanṁaint i n’áit ċóṁnuiġṫe féin agus fear cimeádta, armṫa, i n’foċair.
17Ansan, tar éis an tríṁad lae, do ġlaoiḋ sé ċuige maiṫe na nIúdaċ. Nuair a ṫánadar i ḃfoċair a ċéile duḃairt sé leó: A ḟeara, a ḃráiṫre, do tugaḋ mise gaḃṫa, ó Ierúsalem, i láṁaiḃ na Róṁánaċ, agus gan aon níḋ agam ’á ḋeanaṁ i gcoinniḃ na ndaoine ná i gcoinniḃ nós ár sínsear. 18Do ṫrialadar mé agus ḃíodar ċun mé leogaint saor toisg ná fuaradar aon ċúis ḃáis ionam. 19Aċ do ċuir na Iúdaiġ ’n-a ċoinniḃ sin i dtreó go mḃ’ éigin dóm Caesar do ġairm, agus ní h-aṁlaiḋ a ḃí aon níḋ agam lé cur i leiṫ mo náisiúin féin. 20Siné cúis n-ar iarras siḃre a ḋ’feisgint agus laḃairt liḃ. Mar ġeall ar an ndóċas atá i n-Israél iseaḋ atá an slaḃra so casta ormsa. 21Agus dúḃ-radar-san leis: Ní ḃfugramair-ne litreaċa ad ṫaoḃ ó Iúdaéa, ná níor ṫáinig aoinne de sna bráiṫriḃ ag innsint ná ag laḃairt aon droċ-níḋ ad ṫaoḃ. 22Aċ iarraimíd ort a d’innsint dúinn cad is dóiġ leat; óir i dtaoḃ na h-aicme seo, is eól dúinn go ḃfuil-cear ag gaḃáil ’n-a gcoinniḃ ins gaċ aon ḃall.
23Ansan do ċeapadar lá ḋó, agus ṫáinig a lán acu go dtí an lóisdín ċuige, agus do ṁíniġ sé ḋóiḃ ríġeaċt Dé agus ṫug sé fiaḋnuise ḋóiḃ air. Agus ḃí sé ó’n maidin go dtí an tráṫnóna ag cur ’n-a luiġe orṫa i dtaoḃ Íosa, a’ dliġe Ṁaoise agus as na fáiḋiḃ. 24Agus do ċreid cuid acu ins na neiṫiḃ a duḃraḋ, agus ḃí cuid acu, áṁṫaċ, nár ċreid. 25Agus ḃíodar ag imṫeaċt gan ḃeiṫ ar aon-aigne, i dtreó go nduḃairt Pól an t-aon ḟocal aṁáin: Is maiṫ aduḃairt an Spioraid Naoṁ é le n-ár n-aiṫreaċaiḃ tré ḃéal an ḟáiḋ Isáias, 26Mar a ndeir sé: #Isáias 6:9; Mait. 13:14; Marc. 4:12; Lúc. 8:10; Eóin 12:40; Róṁ. 11:8.Imṫiġ ag triall ar an bpobul san agus abair leo: Cloisfiḋ siḃ leis an gcluais agus ní ṫuigfiḋ siḃ, agus ċíḋfiḋ siḃ leis an súil agus ní ṫaḃarfaiḋ siḃ fé ndeara; 27Óir tá croiḋe an ṗobuil seo tuitiṫe i ḃfeóil, agus le n-a gcluasaiḃ ḋeineadar éisteaċt ḋúr, agus do ḋúnadar a súile, le h-eagla go ḃfeicfidís le n-a súiliḃ agus go n-aireóċaidís le n-a gcluasaiḃ agus do dtuigfidís le n-a gcroiḋe agus go n-iompóċaidís agus go slánóċainn iad. 28Dá ḃríġ sin bíoḋ agaiḃ fios an méid seo, go ḃfuil an slánú so ó Ḋia d’á ċur ag triall ar na Geintiḃ, agus éistfid siad leis. 29Nuair a ḃí an méid sin ráiḋte aige d’imṫiġ Iúdaíġ amaċ uaiḋ, agus aiġneas mór acu eatarṫa féin.
30Ansan d’ḟan sé ḋá bliain ar fad ’n-a ṫiġ féin, agus ġlac sé gaċ aoinne do ṫáinig ag triall air. 31Agus ríġeaċt Dé aige ’á ċraoḃsgaoile, agus é ag múine na neiṫ a ḃaineann leis an dTiġearna Íosa Críost le lánṁisneaċ agus gan ċosg.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 28: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.