YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 22

22
CAIBIDIOL XXII.
Pól ġá innsint do’n ṗobul conus a h-iompuiġeaḋ ċun an ċreidiṁ é féin. É ’dul ó sgiúrsáil le n-a ráḋ gur ḃ’ḟear Róṁánaċ é.
1A ḟeara, a ḃráiṫre agus a aiṫreaċa, éistiḋ leis an gcúntas atá agam le taḃairt daoiḃ. 2Nuair airíġ-dan ag laḃairt leó é sa teangain Eaḃra ċiúnuiġdar níba ṁó. 3Agus duḃairt sé: Fear Iúdaċ iseaḋ mise. i dTarsus Cilicia do rugaḋ mé, aċ sa ċaṫair seo iseaḋ do tógaḋ me, ag cosaiḃ Ġamaliéil, agus do múineaḋ mé do réir fírinne dliġe ár sínsear, ċóṁ seasaṁaċ do’n dliġe sin agus atáṫaoi-se go léir indiu. 4#Supra 8:3.Agus ḋeineas géarleanṁaint go bás ar an sliġe seo, ġá ngaḃáil, idir ḟearaiḃ agus mnáiḃ, agus ġá dtaḃairt ċun láṁa agus ġá gcur i mbraiġdineas. 5Ṫug uaċtarán na sagart, agus na seanóirí, teistiméireaċt dom air sin; #Supra 9:2.agus fuaras leitireaċa uaṫa ag triall ar na bráiṫriḃ i nDamascus, ċun iad a ṫaḃairt liom anso gaḃṫa go Ierúsalem i dtreó go gcurfí pionós orṫa. 6Aċ do ṫárla, agus mé ar an sliġe agus ag teaċt i gcóṁgar do Ḋamascus, i lár an lae, gur las am ṫimpal solus iomarcaċ ó neáṁ; 7Agus gur ṫuiteas ċun tailiṁ agus gur airíġeas an guṫ ġá ráḋ liom: A Ṡaul, a Ṡaul, cad ’n-a ṫaoḃ go ḃfuilir ag géarleanṁaint orm? Agus d’ḟreagaras: Cia h-é ṫu, a Ṫiġearna? 8Agus duḃairt sé liom: Mise Íosa Nasareit atá agat d’á ġéarleanṁaint. 9Agus an ṁuinntir a ḃí le m’ ċoir ḋo ċonnacadar an solus, aċ níor airíġdar guṫ an t-é a ḃí ag cainnt liom.#22:9 Ver. 9. níor airíġdar guṫ .i. Níor ḟéadadar na focail do ṫuisgint ó na ċéile ḃíoḋ gur airíġdar fuaim na ḃfocal (supra 9:7). 10Agus duḃart: Cad tá agam le déanaṁ, a Ṫiġearna? Agus duḃairt an Tiġearna liom: Eiriġ agus imṫiġ, isteaċ go Damascus, agus neósfar duit ansan i dtaoḃ na neiṫ go léir atá agat le déanaṁ. 11Ansan, mar ġeall ar neart an tsoluis úd, ḃios gan raḋarc agus do rug mo ċomrádaiḋṫe ar láiṁ orm agus ṫánag go Damascus. 12Agus ḃí fear dár ḃ’ainim Ananías. Fear go raiḃ creideaṁaint aige, i dtaoḃ na dliġe, ó n-a raiḃ de Iúdáċaiḃ ’n-a gcóṁnuiġe sa n-áit. 13Agus ṫáinig sé ċúgam agus ṡeásaiṁ se am ḟiaḋnaise agus duḃairt sé liom: A Ṡaul, a ḃráṫair, féaċ suas. Agus d’ḟéaċas-sa air-sean an uair ċéadna. 14Ansan duḃairt sé: Do ċeap Dia ár sinnsear ṫusa roim ré ċun go dtuigfá a ṫoil agus go ḃfeicfá an t-Aon Ceart. agus go n-aireóċfá guṫ a ḃéil;#22:14 Ver. 14. an t-Aon Ceart. .i. Ár Slánuiġṫeóir do ṫaisḃeáin é féin do Pól. Gníoṁ. 9:17. 15Óir ḃeid tu ad ḟinné ḋó, i láṫair na ndaoine go léir, ar na neiṫiḃ a ḋ’airíġis agur do ċonnaicís. 16Anoir cad é an ríġneas so ort? Eiriġ agus baistṫear ṫu agus niġ díot do ṗeacaí le glaoḋaċ a ainim. 17Agur nuair a ṫánag tar n-air go Ierúsalem do ṫárla go raḃas sa teampull ag guiḋe agus gur ṫuit táṁnéal aigne orm, 18Agur go ḃfeaca é agus go nduḃairt sé liom: Brostuiġ agus imṫiġ go luaṫ a’ Ierúsalem, óir ní ġlacfaid siad t’ḟiadnuise ormsa. 19Agus duḃartsa: A Ṫiġearna, is eól dóiḃ go mbínnse ag cur na ndaoine a ċreid ionat-sa isteaċ i bpríosún agus ’ġá mbualaḋ ins na sinagógaiḃ; 20Agus nuair a ḃí suil Stioṗáin t’ ḟínné-se, d’á ḋortaḋ ḃíos-sa láiṫreaċ, agus ḃíos toilṫeanaċ, agus ḃíos ag taḃairt aire do ḃrataiḃ na ndaoine a ḃí ’ġá ṁarḃú. 21Agus duḃaint sé liom: Imṫiġ leat, óir is ag triall ar na geintiḃ i gcéin a ċuirfead-sa ṫu.
22D’éisteadar leis go dtáinig an focal san. Anran d’árduíġdar a nglór agus duḃradar: Cuir as an saoġal a leiṫéid sin. Ní cóir é ḃeiṫ beó. 23Agus ḃíodar ag liúiriġ agus ag caiṫeaṁ a mbalcuisí ḋíoḃ agus ag steallaḋ na cré sa n-aer. 24Ansan d’órduiġ an triḃiún é ṫaḃairt isteaċ sa longṗort agus gaḃáil de sgiúirsíḃ air, agus é ṗianaḋ, ċun go ḃfaġaḋ sé amaċ cad é an ċúis go raḃdar ag liúiriġ mar sin ’n-a ċoinniḃ. 25Do ċeangaladar Pól le téadaiḃ. Ansan duḃairt sé leis an dtaoiseaċ céad a ḃí ’n-a ṡeasaṁ i n’aice: An ḃfuil ceaduiġṫe ḋaoiḃ gaḃáil de sgiúirsíḃ ar ḟear Róṁánaċ gan é ḋaoraḋ ar dtúis? 26Nuair a ḋ’airiġ an taoiseaċ céad an focal san ċuaiḋ sé ag triall ar an dtribiún agus d’innis sé ḋó e agus duḃairt ré: Cad é seo a ṁeasann tú a déanaṁ? Fear Rómánaċ iseaḋ an duine sin. 27Ansan do ṫáinig an triḃiún agus duḃairt sé leis: Innis dom an fear Rómánaċ tu? Agus duḃairt seisean: Iseaḋ. 28D’ḟreagair an triḃiún: Ḋíolas-sa mórán airgid as an bpríḃléid sin a ḋ’ḟáġail. Agus duḃairt Pól: Do rugaḋ mise aṁlaiḋ. 29D’imṫiġ uaid láiṫreaċ na daoine a ḃí ċun é ṗianaḋ. Ṫáinig eagla ar an dtriḃiún féin nuair a fuair sé gur ḃ’ḟear Rómánaċ é agus go raiḃ sé tar éis é ċeangal.
30Ansan, lár n-a ṁáireaċ an lae sin, ba ṁian leis a ḋ’ḟáġail amaċ níos cruinne cad a ḃí ag na Iúdaíġ.#22:30 Supra 8:3.#22:30 Supra 7:57. ’á ċur ’n-a leiṫ, agus do sgaoil sé é, agus d’órduiġ sé na sagairt agus an ċóṁairle do teaċt i ḃfoċair a ċéile agus ṫuġ sé Pól amaċ agus ċuir sé os a gcóṁair é.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 22: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in