YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 17

17
CAIBIDIOL XVII.
Seanmóiniú Ṗóil do sna Tessalónaiġ agus do sna Bereánaiġ. a ċainnt leis na h-aténaċaiḃ.
1Ansan do ṡiúḃluíġdar Amṗipolis agus Apollónia, agus ṫánadar go Tesaloníca, áit ’na raiḃ sinagóg leis na Iúdaíġ. 2Ċuaid Pól isteaċ ċúċa, mar ba ġnáṫ leis, agus i gcaiṫeaṁ trí sabbóidi ḃí sé ag léiriú ḋóiḃ as an Scriptiúir, 3’Ġá osgailt dóiḃ agus ’ġa ċur ’n-a luiġe orṫa conus nár ḃfoláir do’n Ċríost fulag agus eiriġe ós na mairḃ; agus gur ḃ’é seo an t-Íosa Criost, atá agamsa d’á ḟógairt daoiḃse. 4Agus do ċreid cuid acu agus ġaḃdar le Pól agus le Sílas, agus de sna geintiḃ a ḃi diaḋa, sluaġ ana-mór, agus rainnt nár ṡuaraċ de ṁnáiḃ a ḃí uasal.
5Ansan ṫáinig éad ar na Iúdaíġ agus do ḃailíġdar as an sluaġ rainnt droċ-daoine agus ḋeineadar aċrann agus ċuireadar an ċaṫair i gcollóid. Ansan ṫánadar tímpal ar ṫiġ Iásoin agus ḃíodar a d’iarraiḋ go gcurfi amaċ ċun an ṗoḃuil iad-san. 6Agus nuair ná fuaradar iad do rugadar Iáson agus cuid de sna ḃráiṫre i láṫair uaċtaráin na caṫaraċ, ráḋ go h-árd: ṫáinig anso, leis, an aicme seo atá ag cur na #17:6 Ver. 6. na caṫaraċ, Sa Ġréigis, oikoumenén = “an doṁan.”caṫaraċ tré ċéile, 7Agus ġlac Iáson iad: agus táid siad go léir ag gaḃail i gcoinniḃ dliġe Ċaesair, ’ġá raḋ go ḃfuil rí eile ann, Íosa.
8Agus do ġríosadar na daoine agus na h-uaċtaráin, a ḃí ag éisteaċt leis na neiṫiḃ sin. 9Agus nuair a ḃaineadar sásaṁ de Iáson agus de’n gcuid eile do leogadar ċun siúḃail iad.
10Agus gan ṁoill do ċuir na bráiṫre ċun siúḃail, san oiḋċe, Pól agus Sílas, go Beréa. Agus nuair a ṫánadar ann do ċuadar isteaċ i sinagóig na n-Iúdaċ. 11Agus ḃíodar so níos uaisle ’ná muinntir Ṫesaloníca, agus do ġlacadar an briaṫar le lán-díogras, agus ḃídís coitċianta ag cuardaċ na Scriptiúiri féaċaint an mbíoḋ san aṁlaid.#17:11 Ver. 11. níos uaisle, Moltar, agus is ceart é, Iúdaíġ Ḃeréa mar ġeall ar an ḃfírinne do glacaḋé ċóm fonnṁar, agus ḃeiṫ ag sgrúdaḋ na Sgríḃinne Diaḋa ċun na cainnte a dúḃairt na h-aspuil a ḋ’ḟágail amaċ. Ba ġalánta go mór an níḋ sin ’ná an rud a ḋein ṁuinntir Tessaloníca, .i. luċt an tSoisgéil do ċráḋ gan aon ċuardaċ a ḋéanaṁ féaċaint ar ḃ’ḟíor an rud a ḃí acu d’á ṁúine. 12Agus do ċreid a lán acu, agus de sna mnáiḃ geinteaċa a ḃí uasal, agus cuid nár ḃeag de sna feáraiḃ. 13Ansan d’áiriġ na Iúdáiġ i dTesaloníca go raiḃ Pól ag teagasg bréiṫir Dé i’mBeréa agus ṫánadar ann ag déanaṁ toirmisg ag ċur tré ċéile ar na daoine. 14Ansan, go tapaiḋ, ċuir na bráiṫre Pól ċun na farraige; aċ d’ḟan Sílas agus Tímoteus sá n-áit.
15Agus an ṁuinntir a ċuaid le Pól do rugadar go dtí Aténé é, agus ṫug sé órdú ḋóiḃ le táḃairt do Sílas agus do Ṫimoteus ’ġá rád leó teaċt ag triall air láiṫreaċ, agus ġluaiseadar.
16An ḟaid a ḃí Pól i n-Aténé ag feiṫeaṁ leó d’eiriġ dásáċt aigne istiġ ann nuair a ċonnaic sé an ċaṫair táḃárta suas ar fad d’aḋraḋ ná n-íoḋol. 17Ḃíoḋ sé, dá ḃríġ sin, ag díospóireáċt sa tsinagóig leis na Iúdaíġ agus leis na daoine a ḃí diaḋa, agus i n-áit an ṁárgaiḋ gaċ aon lá, leis na daoine a ḃíoḋ ann. 18Agus ḃíoḋ cuid d’ollaṁnaiḃ na n-Epicúraċ águs na Stóiceáċ ag cur air, agus deireáḋ cuid acu: Cad ’tá ó’n ḃfear so n-á ḃfuil an ċainnt go léir aige? Ansan deireaḋ tuille acu: Déiṫe nua atá aige ’á ċráoḃsgaoile, is dóċa; mar ḃí sé ag cainnt leó i dtáoḃ Íosá agus i dtáoḃ na h-aiseiríġe. 19Ansan do rugadar air agus ṫósadar leó é go dtí an t-Areopagus, agus duḃradar: An misde ḋúinne eolus a ḋ’ḟáġail ar an dteagasg nua so atá agatsa ’á ṫáḃairt uait? 20Tá neiṫe nua agat ’á ċur i n-ár gcluasaiḃ. Ba ṁáiṫ linn a ḟios a ḃeiṫ againn cad é an sagas neiṫe iad. 21(Ba ġnáṫ, áṁṫaċ, leis na h-Aténiġ go léir agus le pé daoine iásaċta a ḃíoḋ ann gan suim a ċur i n-aon rud eile aċ ḃeiṫ ag innsint agus ag cloisint nuaċt.)
22Do ṡeasaiṁ Pól i lár an areopaguis agus duḃairt sé: A ḟeara Aténaċa, ċim siḃse, ins gaċ sliġe, ana-úṁal do ḋéiṫiḃ. 23Óir, ag gaḃail na sliġe agus ag féaċaint dom an ḃúr n-íoṁáġṫiḃ, do fuaras altóir agus ḃí sgríoḃṫa uirṫi “Do’n Dia ná h-aiṫniġtear.” An níḋ sin a ḋ’onórann siḃ gan aiṫne agaiḃ air, táimse ’ġá ṫeagasg daoiḃ. 24#Gen. 1:1.Dia, a ḋein an doṁan agus gaċ a ḃfuil ann, ó ’sé Tiġearna neiṁe agus talṁan é, #Supra 7:48.ní ċóṁnuiġeann sé i dteampallaiḃ a deineaḋ le láṁaiḃ;#17:24 Ver. 24 ní ċóṁnuiġeann sé i dteampallaiḃ Ní coinniġtear é i dteampallaiḃ i gcéill go mbeaḋ riaċtanas aige leó ċun cóṁnuiġṫe, nú ċun aon úsáide eile, mar ṁeasaḋ na págánaiġ. Aċ ó tá sé ins gaċ uile áit, tá sé ins na teampallaiḃ fé mar atá sé ins gaċ át eile. 25Ná ní deintear dó, le láṁaiḃ daoine, seirḃís go ḃfuil gáḋ aige leis, óir isé féin a ṫugann do gaċ duine anam agus anál agus gaċ uile níḋ. 26Agus do ċuir sé, ó aon duine aṁáin, an ċine ḋaona go léir ’n-a gcóṁnuiḋe ar uaċtar na talṁan, agus do ċeap sé gaċ tréimse aimsire ḋóiḃ ċun cóṁnuiġṫe ann, agus gaċ teóra, 27Ċun iad a ḃeiṫ ag lorg Dé, féaċaint an ḃféadfaidís teangaḃáil leis ná teaċt suas leis, ḃíoḋ ná fuil sé aḃfad ó gaċ duine againn. 28Óir is ann féin á ṁairimíd agus a ċorruiġmíd agus atáimíd, fé mar adeir daoine d’ḃur ḃfilíḃ féin; “Óir is d’á ġeineaṁaint sinn.” 29D’á ḃríġ sin, ó’s de ġeineamaint Dé sinn, ní cóir dúinn a ṁeas go mbeaḋ Dia cosṁail le h-ór ’ná le h-airgead ná le cloiċ, snoíġe ealaḋan agus ceapaḋ aigne duine. 30Agus anois tá Dia ag leogaint aimsire an ainḃfiosa san ṫairis agus ’ġá ḟógairṫ do sna daoine, go ndéanfaidís go léir aiṫriġe ins gaċ aon ḃall, 31Mar go ḃfuil lá ceapaiṫe aige ċun ḃreiṫeaṁantais a ṫaḃairt ar an ndoṁan do réir ċirt, tríd an ḃfear atá ceapaiṫe aige, ag taḃairt creidiṁ do gaċ aon duine, mar gur ṫóg sé ó sna mairḃ é.
32Aċ nuair airíġdar an aiseiriġe ó sna mairḃ ċrom cuid acu ar ṁagaḋ ḋéanaṁ, agus duḃairt cuid acu: Éistfimíd leat uair éigin eile i dtaoḃ an sgéil sin. 33Ansan d’imṫiġ Pól uaṫa amaċ. 34Aċ do lean fir áiriṫe é agus ċreideadar, ar a raiḃ Díonusios an t-Areopagaċ, agus bean n-ar ḃ’ainim di Damaris, agus tuille leo.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 17: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in