YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 14

14
CAIBIDIOL XIV.
Pól agus Barnabas ag seanmóiniú i n lcónium agus i Listra. Cláiríneaċ ’á leiġeas. Daoine ġá ṁeas gur déiṫe iad. Gaḃtar do ċloċaiḃ ar Pól. Deinid siad seanmóiniú i nDerḃé agus i bPergé.
1Agus do ṫuit amaċ i n-Icónium go ndeaġadar isteaċ i n-aonḟeaċt i sinagóig na nIúdaċ agus gur ḋeineadar cainnt, i dtreó gur ċreid sluaġ líonṁar de sna Iúdaíġ agus de sna Griéagaiġ. 2Aċ na Iúdaíġ a ḃí díċreideaṁaċ, do ġríosadar agus do ṡéideadar suas ċun feirge aigne na ngeinte i gcoinniḃ na mbráiṫre. 3Aċ d’ḟanadar mórán aimsire ann ag obair, agus a mainġín as an dTiġearna, agus é ag déanaṁ fiaḋnaise ar ḃriaṫar a ġrásta, ag cur mírḃúiltí uaṫḃásaċa d’á ndéanaṁ le n-a láṁaiḃ. 4Ḃí muinntir na caṫaraċ deiġilte, áṁṫaċ, cuid acu ag gaḃáil leis na Iúdaíġ agus cuid acu ag gaḃáil leisna h-Aspuil. 5Agus d’eiriġ fuagar fé sna geintiḃ agus fé sna Iúdaíġ, agus fé sna h-uaċtaráin, ċun iad do ṫarcuisniú agus gaḃáil do ċloċalḃ orṫa, 6Agus ṫuigeadar (an níḋ sin) agus do ṫeiṫeadar go Listra agus go Derbé, ḋá ċaṫair i Licaónia, agus go dtí an tír go léir mór-ṫímpall, agus ḃíodar ag craoḃsgaoile an tSoisgóil sa n-áit sin.
7Agus ḃí duine i Listra, n-a ṡuíḋe, agus é ġan lút a ċos ó ḟaġ sé bruinn a ṁáṫar, agus níor ṡiúḃluiġ sé riaṁ. 8D’airiġ an duine sin Pól ag cainnt. Agus d’ḟéaċ Pól air agus ċonnaic sé go raiḃ aige creideaṁ ċun a slánuiġṫe, 9Agus duḃairt sé do ġuṫ árd: Eiriġ ad ṡeasaṁ ar do ċosaiḃ! Agus do léim sé ’n-a ṡeasaṁ agus ṡiúḃluiġ sé.
10Agus nuair a ċonnaic na daoine cad a ḃí déanta ag Pól d’árduġeadar a nglór agus duḃradar, as Licaóinis: Táid na déiṫe, i rioċtaiḃ daoine, tagaiṫe anuas ċúgainn. 11Agus ṫugadar Iúpiter ar Ḃarnabas agus Mercurí ar Pól mar is aige ḃí buaḋ cainnte. 12Agus ḃí sagart le Iúpiter lasmuiċ de’n ċaṫair agus ṫug sé leis tairḃ agus coróinneaċa, ar aġaiḋ an ġeata, ċun go ndéanfaḋ sé féin agus na daoine íḋbirt. 13Nuair a ḋ’airiġ na h-Aspuil, Pól agus Barnabas, an níḋ sin do raobadar a gcuid éadaiġ agus do léimeadar amaċ imeasg na ndaoine agus do liúġadar: 14A ḋaoine, cad ab áil liḃ ’á déanaṁ san? Daoine a ġeoḃaiḋ bás, mar siḃ féin, iseaḋ sinne, agus táimíd ’ġá iarraiḋ oraiḃ iompáil ó sna neiṫiḃ baoṫa sin ar Ḋia atá beó, #Supra 13:1.ó isé ċruṫuiġ neaṁ agus talaṁ agus muir agus gaċ a ḃfuil ionta. 15Ins na h-aimsiriḃ atá imiġṫe do leog sé do sna geintiḃ go léir gluaiseaċt as a sliġtiḃ féin. 16Aċ fós níor ḟág sé é féin gan cur i n-úil dóiḃ, óir ṫugaḋ sé taḃarṫaisí ó neaṁ uaiḋ, fearṫainn agus tráṫana torṫaṁla, agus do lionaḋ sé ár gcroiḋe le bia agus le h-áṫas. 17Agus bíoḋ gus laḃradar mar sin is ar éigin ḟéadadar na daoine do ċosg ar íḋbirt a ḋéanaṁ ċúċa.
18Ansan, áṁṫaċ, ṫáinig raint Iúdaċ agus do ṁealladar na daoine agus ġaḃadar do ċloċaiḃ i bPól agus ṫarraigeadar amaċ as an gcaṫair é mar ṁeasadar go raiḃ sé marḃ. 19Aċ ḃí na deisgiobuil ’n-a ṫímpall agus d’eiriġ sé agus ṫáinig sé isteaċ sa ċaṫair, agus amáireaċ a ḃí ċuġainn d’imṫiġ sé féin agus Barnabas so Derḃé.
20Agus ḋeineadar craoḃsgaoile sa ċaṫair sin agus ṫugadar teagasg d’á lán, agus ansan d’ḟilleadar go Listra agus go h-Icónium agus go h-Antioċ, 21Ag neartú aigne na ndeisgiobul agus ’á gcóṁairiú ċun ḃeiṫ seasaṁaċ sa ċreideaṁ, mar gur le mórán a ḋ’ḟulag naċ fuláir dúinn dul isteaċ i ríġeaċt Dé. 22agus do ċuireadar sagairt fé ġráḋaiḃ dóiḃ ins gaċ eaglais, agus ḋeineadar úrnuiġṫe agus trosgaḋ, agus ansan ṫugadar suas do’n Tiġearna iad, óir do ċreideadar ann. 23Agus d’imṫiġeadar treasna na Pisidia agus ṫánadar go dtí Pamṗilia, 24Agus do laḃradar briaṫar an Tiġearna i bPergé agus ċuadar síos go h-Attalía,
25 # Gen. 1:1; Salm 145:6; Apoc. 14:7. Agus ċuadar as san go h-Antioċ, ar luing, an áit as an tugaḋ suas iad do ġrásta Dé ċun na h-oibre a ḃí críoċnuiġṫe acu. 26Agus nuair a ṫánadar ann ċruinniġeadar an eaglais agus d’innseadar na neiṫe móra a ḋein Dia tríoṫa, agus conus mar a ḋ’osgail sé dorus an ċreidiṁ do sna geintiḃ. 27Agus d’ḟanadar aimsir nár ġearr i ḃfoċair na ndeisgiobul.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 14: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in