Na Sailm 36
36
Salm 36.
Dixit injustus.
1Tá mo ċroí ag insint dom faoi ċiontaċt ḟear an oilc: naċ mbíonn eagla Dé os coinne a ṡúl.
2Aċ é ag cur cluana air féin ina ḋearcaḋ féin: go dtí go mbíonn ḟios ag an saol faoina ṗeaca ḟuafar.
3Ní ṫagann focal fíréanta as a ḃéal, aċ a lán bréag: ċuir sé suas den stuaim agus de na dea‑ḃéasa.
4Bíonn cointinn á cumaḋ aige ina leaba, agus ní maiṫ an tslí a ġaḃ sé: agus ní fuaṫ leis aon ní dá olcas.
5Aċ bíonn do ṫrócaire, a Ṫiarna, ċoṁ hard leis na spéarṫa: agus bíonn do ḋílseaċt ag sroiċint na néalta.
6Bíonn dʼḟíréantaċt ag seasaṁ amaċ mar na sléiḃte láidre: bíonn do ḃreiṫiúnas mar an aiḃéis ṁór.
7Beiḋ an duine agus an beiṫíoċ á slánú agat, a Ṫiarna: ní feaḃas go dtí do ṫrócaire, a Ḋia: agus beiḋ dóċas ag Síol Áḋaiṁ as scáile do sciaṫán.
8Taḃarfar a sásaṁ dóiḃ de ollṁaiṫeas do ṫí: agus tú ag taḃairt dʼaoiḃneas dóiḃ lena ól mar aḃainn.
9Óir is leat tobar na beaṫa: agus is i do ṡolas a ḟeicfimid an solas.
10Lean de do ċarṫanaċt ġráṁar leis an dream a ċuir aiṫne ort: agus de dʼḟíréantaċt le luċt an ċroí ḟír.
11Ná siúlaḋ cos an uaḃair faoi mo ḋéinse: agus ná leagaḋ láṁ an droċḋuine mé.
12Naċ íseal atáid ina luí, luċt gnáṫaiṫe na hurċóide uile: tá siad ar lár, agus ní ḟéadfaiḋ siad seasaṁ.
Currently Selected:
Na Sailm 36: OC1965G
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965