YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 33

33
Salm 33.
Exultate, justi.
1Go mba é an Tiarna ḃur ngairdeas, a ḟíréin: óir is é an buíoċas is dual agus is dúċas ó ḋea‑ḋuine.
2Molaigí an Tiarna leis an gcláirseaċ: seinnigí a ṁolaḋ leis an liút, agus le cruit na ndeiċ téad.
3Canaigí aṁrán úrnua don Tiarna: go mba ard‑aigeantaċ dea‑ċroíúil a ṡeinneas siḃ a ṁolaḋ.
4Óir is fíor é briaṫar an Tiarna: agus is dílis iad a oibreaċa uile.
5Bíonn grá aige ar an ḃfíréantaċt agus ar an mbreiṫiúnas: tá an talaṁ lán de ṡuáilcí an Tiarna.
6Is le briaṫar an Tiarna a rinneaḋ na neaṁa: agus rinneaḋ a sluaite uile le gaoṫ a anála.
7Tá mar ḃeaḋ sé ag cruinniú agus ag carnaḋ uisce na farraige: agus mar ḃeaḋ an aiḃéis ṁór á cur i leataoḃ aige, i dteaċ a ṡéad.
8Bíoḋ eagla ar an talaṁ uile roiṁ an Tiarna: bíoḋ urraim oraiḃ roiṁe, a luċt áitiṫe na cruinne.
9Óir, is é laḃair, agus rinneaḋ aṁlaiḋ: is é dʼordaiġ, agus ba ní buanseasṁaċ é.
10Cuireann an Tiarna coṁairle na bpágánaċ ar ceal: agus cuireann sé bearta na ndaoine ar neaṁní, agus diúltaíonn sé do ċoṁairlí na ḃflaṫ.
11Fanfaiḋ coṁairle an Tiarna go deo: agus fanfaiḋ smaointe a ċroí ó ġlúin go glúin.
12Is beannaiṫe an ṁuintir, arb é an Tiarna láivé a nDia: agus is beannaiṫe an cine a ṫoġ sé mar a oiḋreaċt féin.
13Féaċann an Tiarna anuas ó neaṁ, agus aṁarcann sé ar an Áḋaṁċlann uile: bíonn a maireann ar an talaṁ á scrúdú aige óna ṫeaċ agus óna áras.
14Bíonn a gcroiṫe uile á múnlú aige: agus níl ní dá ndéanann siad naċ dtuigeann sé.
15Cá ḃfuil an rí a dtarrṫóḋ neart a ṡlua é: nó an fear cróga a ṫiocfaḋ slán lena mórneart?
16Ní meastar eaċ aċ ina ní gan tairḃe ċun duine a ṡlánú: ní ṡaorfaiḋ a ṁórneart duine ar biṫ.
17Féaċ, mar ḃíonn súil an Tiarna ar an dream darb eagal é: agus ar an dream a ṫéann i muinín a ṫrócaire;
18Ar moḋ go slánaí sé a n‑anam ón mbás: agus go mbeaṫaí sé iad in aimsir an ġorta.
19Bʼḟoiġneaċ a dʼḟan ár n‑anam leis an Tiarna: óir is é ár gcaḃair agus ár sciaṫ é.
20Is é ḃíos mar ċúis ġairdis ag ár gcroí: ó ḃíoḋ dóċas againn as a Ainm Naofa.
21Bíoḋ do ṫrócaire ċarṫanaċ, a Ṫiarna, á doirteaḋ orainn: de réir mar ċuirimid ár ndóċas ionat.

Currently Selected:

Na Sailm 33: OC1965G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in