YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 32

32
Salm 32.
Beati, quorum.
1Is beannaiṫe dá maitear a éagóir: a gcuṁdaítear a ṗeaca.
2Is beannaiṫe an té naċ mbíonn peaca á ċur ina leiṫ ag an Tiarna: agus naċ mbíonn cealg ina sprid.
3Ċoṁ fada agus dʼḟan mé i mo ṫost: críonaḋ mo ċnáṁa le mo ġearán gaċ lá.
4Óir leagann tú do láṁ go trom orm lá agus oíċe: bíonn mo ṡú mar ṫriomlaċ an tsaṁraiḋ.
5Noċtfaiḋ mé mo ṗeaca duit: agus níor ċeil mé mʼéagóir.
6Dúirt mé, Adṁóiḋ mé mo ṗeaca don Tiarna: agus dá ḃrí sin ṁaiṫ tú dom coir mo ṗeaca.
7Ar an áḃar sin beiḋ gaċ duine cráifeaċ do do ġuí in uair na faille: is cinnte naċ dtiocfaiḋ na tonnta báite dá ċoṁair.
8Is tú mʼáit folaiṫe, beiḋ tú do mo ċuṁdaċ ó ḃuaireaṁ: beiḋ tú do mo ṫimpeallú le haṁráin fuascailte.
9Beiḋ mé mar oide múinte agat, agus mar eolaí sa ḃealaċ atá le siúl agat: agus beiḋ mo ṡúil do do ṫreorú.
10Ná bígí mar an eaċ nó mar an ṁiúil, atá gan tuiscint: ionas go gcaiṫfear a mbéal a ċoinneáil leis an mbéalḃaċ nó leis an srian, agus naċ n‑uṁlóiḋ duit gan iad.
11Tá plánna móra i ndán do luċt an oilc: aċ an té a ċuireas a ḋóċas sa Tiarna, bíonn an trócaire ar gaċ taoḃ de.
12Bíoḋ áṫas oraiḃ, a ḟíréin, agus go mba é an Tiarna ḃur ngairdeas: agus bíoḋ lúċáir oraiḃ a luċt an ċroí ḟír.

Currently Selected:

Na Sailm 32: OC1965G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in