YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 30

30
Salm 30.
Exaltabo te, Domine.
1Móróiḋ mé ṫú, a Ṫiarna, mar ṫóg tú mé: agus níor lig tú do mo naiṁde a mbua a ṁaíoṁ orm.
2Mo Ṫiarna Dia, ġlaoiġ mé ort: agus leiġeasaiġ tú mé.
3Is tú, a Ṫiarna, a ṫug mʼanam aníos as ifreann: ċuṁdaiġ tú mo ḃeaṫa ón dream a ṫéann síos sa ṗoll.
4Seinnigí molaḋ an Tiarna, a naoṁa an Tiarna: altaígí dó lena naofaċt a ċur i gcuiṁne.
5Óir ní ṁaireann a ḟearg aċ seal faitiḋ na súile, agus tá an ḃeaṫa ina ḋea‑ṫoil: siúd is go ḃfanann an brón ar feaḋ oíċe, tagann an lúċáir ar maidin.
6Is é dúirt mé agus mé faoi ṡéan, ní ḃainfear bogaḋ asam: ó ḃí tú ċoṁ maiṫ sin dom, a Ṫiarna, ag cur treise i mo ṡliaḃ.
7Dʼiompaiġ tú do ġnúis uaim: agus is mé a ḃí buarṫa.
8Ġlaoiġ mé ort ansin, a Ṫiarna: agus bʼḟíor‑uṁal a ḋruid mé le mo Ṫiarna.
9Cad é an tairḃe atá im ḟuil: nuair a ṫéim síos go dtí an poll?
10An mbeiḋ an luaiṫ ag altú duit: nó an ḃfoilseoiḋ sí dʼḟírinne?
11Éist, a Ṫiarna, agus bíoḋ trócaire agat orm: bí agam, a Ṫiarna, mar ċúntóir.
12Dʼaṫraiġ tú mo ḃrón go lúċáir: scaoil tú an saic‑éadaċ díom, gur ċuir tú áṫas orm.
13Dá ḃrí sin beiḋ gaċ dea‑ḋuine ag seinm do ṁolta gan staonaḋ: a Ḋia liom, beiḋ mé á altú duit go deo.

Currently Selected:

Na Sailm 30: OC1965G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in