Na Sailm 28
28
Salm 28.
Ad te, Domine.
1Is ort a ġlaofas mé, a Ṫiarna mo ċuṁaċt: nára beag leat mo ċás; óir, má ṫugann tú an ċluas ḃoḋar dom, beiḋ mé mar ḋuine den dream a ṫéann síos sa ṗoll.
2Éist le mo ġlór, nuair a ġlaoim ag cur aċainíoċa ort: agus aġaiḋ mo ḃos in airde i dtreo caṫaoir ṫrócaire do ṫeampaill naofa.
3Ná sciob ar siúl agus ná scrios mé le luċt na míċráifeaċta agus na ndroċġníoṁarṫa: a laḃraíos go cairdiúil lena gcoṁarsana, agus a ċumas olc ina gcroí.
4Taḃair luaíoċt dóiḃ a ḃeas de réir a ngníoṁarṫa: agus de réir a ndroċḃeart.
5Cúitiġ dóiḃ de réir saoṫar a láṁ: íoc leo an ṁéid a ṫuilleadar.
6Óir ní ḃíonn aird a n‑intinne ar oibreaċa an Tiarna, ná ar ṡaoṫar a láṁ: agus dá ḃrí sin ní tógfaiḋ sé suas iad, aċ á mbriseaḋ síos.
7Molaḋ don Tiarna: a dʼéist le fuaim mʼaċainíoċa uṁla.
8Is é an Tiarna mo neart agus mo sciaṫ; ċuir mo ċroí a ḋóċas ann, agus fóireaḋ orm: dá ḃrí sin léimeann mo ċroí le háṫas, agus molfaiḋ mé im aṁrán é.
9Is é an Tiarna mo neart: is é dídean slánaiṫe a ungṫaiġ é.
10Saor do ṁuintir, agus taḃair do ḃeannaċt dod oiḋreaċt: bí á mbeaṫú agus á n‑ardú go deo.
Currently Selected:
Na Sailm 28: OC1965G
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapi.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965