YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 25

25
Salm 25.
Ad te, Domine, levavi.
1Is ċugat, a Ṫiarna, a ṫógfas mé mʼanam; is ionat a ċuir mé mo ḋóċas, a Ḋia: ná lig dom ḃeiṫ do mo náiriú, agus ná lig do mo naiṁde a ṁaíoṁ go ḃfuaireadar mo ḃua.
2Ní ḃeiḋ náire ar ar ċuir a ndóċas ionat: aċ an dream a ċiontaíos gan ċúis, is orṫu a ḃeiḋ an aiféala.
3Taispeáin do ṡlite dom, a Ṫiarna: agus teagasc do ċosáin dom.
4Treoraiġ ar aġaiḋ id ḟírinne mé, agus bí do mo ṁúineaḋ: óir is tú Dia mo ṡlánaiṫe; is asat a ḃíoḋ mo ṁuinín ar feaḋ an lae.
5Go mba ċuiṁneaċ leat, a Ṫiarna, do ṁaoṫ‑ṫrócaire: agus do ċarṫanaċt ġráṁar, ó ḃíodar ann riaṁ anall.
6Ná cuiṁniġ ar ṗeacaí ná ar ċoirṫe mʼóige: aċ cuiṁniġ orm de réir do ṫrócaire, a Ṫiarna, agus de réir do ċineáltais.
7Is grásṁar, fíréanta é an Tiarna: ar an áḃar sin múinfiḋ sé an tslí do na peacaiġ.
8Treoróiḋ sé an dream a ḃíos uiríseal de réir an ċirt: agus múinfiḋ sé a ṡlí don dream a ḃíos ceansa.
9Níl i gcosáin uile an Tiarna aċ an trócaire agus an ḟírinne: don dream a ċoṁallas a ċonraḋ agus a ḟianaisí.
10Mar ṁaiṫe led Ainm, a Ṫiarna: bí trócaireaċ dom i mo ṗeaca ós mór é.
11Cá ḃfuil an fear a mbíonn eagla an Tiarna air: múinfiḋ sé eolas dósan ar an slí a ṫoġfaiḋ sé.
12Mairfiḋ a anam faoi ṡéan: agus titfiḋ oiḋreaċt na tíre ar a ṡlioċt.
13Ligeann an Tiarna a rún leis an dream a mbíonn a eagla orṫu: agus noċtfaiḋ sé a ċonraḋ dóiḃ.
14Bíonn mo ṡúile i gcónaí ag féaċaint faoi ḋéin an Tiarna: óir tarraingeoiḋ sé mo ċosa amaċ as an líon.
15Iompaiġ ċugam agus déan trócaire orm: óir táim i mo ṫruán tréigṫe.
16Tá a ṫuilleaḋ crá ar mo ċroí: taḃair slán as an ngéiḃeann mé.
17Féaċ ar mo ḃuaireaṁ agus ar mo ḃrón: agus maiṫ dom mo ṗeaca uile.
18Féaċ ar mo naiṁde agus a líonṁaireaċt: agus an fuaṫ fíoċṁar atá acu dom.
19Cuṁdaiġ mʼanam agus fuascail mé: ná lig dom ḃeiṫ náiriṫe ó ċuir mé mo ḋóċas ionat.
20Go seasa neaṁċoirṫeaċt agus ionracas dom: óir bʼasat a ḃí mo ṁuinín.
21Taḃair Iosrael slán, a Ḋia: as gaċ géiḃeann ina mbíonn sé.

Currently Selected:

Na Sailm 25: OC1965G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in