YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 17

17
Salm 17.
Exaudi, Domine.
1Éist leis an gceart, a Ṫiarna, taḃair aire do mo ġearán: agus taḃair cluas dom urnaí, naċ dtéann amaċ as béal bréagaċ.
2Tugtar saorḃreiṫ orm ó do láṫair: agus feiceaḋ do ṡúile an ní is ccart.
3Dʼḟéaċ tú agus dʼḟiosraiġ tú mo ċroí san oíċe; táim profa agat, agus ní ḃfaiġiḋ tú coir ionam: óir tá rún daingean agam gan peacú i mbriaṫar mo ḃéil.
4I dtaoḃ a ndéanann na daoine de ġníoṁarṫa in aġaiḋ briaṫra do ḃéil: dʼḟanainn amaċ ó ṡlite an scriosadóra.
5Cuir taca le mo ċoiscéim ar do ṡlite: ionas naċ sleaṁnaí mo ṡiúlta.
6Ġlaoiġ mé ort, a Ḋia, ó éistfiḋ tú liom; taḃair cluas dom, agus éist le mo ḃriaṫra.
7Taispeáin do ċarṫanaċt iontaċ, a ḃíos mar ṡlánaiṫeoir ag an dream a ċuireas a muinín ionat: ón luċt a ċuireas in aġaiḋ do láiṁe deise.
8Cuṁdaiġ mé mar ṁac imreasan na súile: folaiġ mé faoi scáṫ do sciaṫán,
9Ó luċt an oilc a ḃíos do mo ḃuaireaṁ: bíonn mo naiṁde do mo ṫimpeallú go mbí mʼanam acu.
10Tá cuṁdaċ dlúṫ saille orṫu: agus bíonn a mbéal ag déanaṁ mórtais.
11Bíonn siad i luíoċán roṁainn ar gaċ taoḃ: agus a súile anuas ar an talaṁ;
12Mar leon atá cíocraċ ċun creiċe: agus mar ċoileán leoin, ḃíos á ċeilt féin in áiteanna dorċa.
13Éiriġ, a Ṫiarna, féaċ san aġaiḋ air, agus cuir ar lár é: slánaiġ mʼanam ar luċt an oile le do ċlaíoṁ féin;
14Agus le do láiṁ, a Ṫiarna, ón drong ṡaolta: a ḟaiġeann a gcuid sa ḃeaṫa seo, a mbíonn a mboilg á líonaḋ dá ḃfuil i dtaisce agat.
15Bíonn clann acu nuair is mian leo: agus fágann siad fuílleaċ a saiḃris ag a bpáistí.
16Aċ i mo ṫaoḃsa de, is i ḃfíréantaċt a ḟeicfiḋ mé do ġnúis: agus nuair a ḋúiseoiḋ mé agus do ċosúlaċt orm, beiḋ mé sásta.

Currently Selected:

Na Sailm 17: OC1965G

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in