Marcus 9
9
1Agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Atá cuid díoḃ‐san atá ’n‐a seasaṁ annso, agus ní ḃlaisfid‐sean an bás nó go ḃfeicid ríoġaċt Dé ag teaċt i gcuṁaċt.
2Agus i gceann sé lá ’n‐a ḋiaiḋ sin ṫug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus do ṫreoruiġ sé iad ’n‐a n‐aonar fá leiṫ suas ar ṡliaḃ árd: agus do h‐aṫruiġeaḋ a ġné ’n‐a ḃfiaḋnaise: 3agus d’éiriġ a éadaiġe an‐lonnraċ, an‐ġeal; ar ċuma naċ ḃféadfaḋ aon úcaire ar talaṁ a ngealaḋ. 4Agus do taiḋḃriġeaḋ ḋóiḃ Élias i n‐éinḟeaċt le Maois: agus iad ag cóṁráḋ le h‐Íosa. 5Agus aduḃairt Peadar le h‐Íosa, A Ṁáiġistir, is maiṫ ḋúinn ḃeiṫ annso: leig dúinn trí boṫa do ḋéanaṁ, boṫ ḋuit‐se, agus boṫ do Ṁaois, agus boṫ d’Élias. 6Óir ní raiḃ a ḟios aige créad adéarfaḋ sé: mar do ḃí criṫ‐eagla ṁór orṫa. 7Agus ṫáinig scamall ’n‐a dtimċeall do ċlúduiġ iad: agus ṫáinig an guṫ as an scamall aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain: éistiḋ leis. 8Agus ag féaċain go h‐obann dóiḃ ’n‐a dtimċeall, ní raiḃ aon duine le feicsin aċt Íosa aṁáin ’n‐a ḃfoċair féin.
9Agus ag teaċt anuas dóiḃ ó’n sliaḃ, ṫug sé foláireaṁ ḋóiḃ gan a innsin d’aon duine i dtaoḃ a ḃfacadar, nó go n‐aiséiriġeaḋ Mac an Duine ó na marḃaiḃ. 10Agus do ċoiṁéadadar an focal sin aca féin, ’g‐a ḟiafraiġe d’á ċéile, Cad é an ċiall atá leis sin, aiséirġe ó na marḃaiḃ? 11Agus do ċuireadar ceist air, agus aduḃradar, Cad ċuige a n‐abrann na scríoḃaiḋṫe go gcaiṫfiḋ Élias teaċt ar dtús? 12Agus aduḃairt sé leo, Tig Élias ar dtús go deiṁin, agus aṫnuaḋann sé gaċ uile niḋ: agus cionnas atá scríoḃṫa i dtaoḃ Ṁic an Duine, go gcaiṫfiḋ sé mórán d’ḟulang agus ḃeiṫ fá ṫarcuisne? 13Aċt adeirim‐se liḃ go dtáinig Élias ċeana féin, agus go ndearnadar dó an rud ba ṫoil leo, mar atá scríoḃṫa na ṫaoḃ.
14Agus nuair ṫángadar ċum na ndeisceabal, do ċonncadar sluaġ mór ’n‐a dtimċeall, agus na scríoḃaiḋṫe ag diospóireaċt leo. 15Agus ar an láṫair, nuair do ċonnaic an sluaġ é, ṫáinig iongnaḋ agus uaṫḃás orṫa uile, agus do riṫeadar ċuige agus d’ḟáiltiġeadar roiṁe. 16Agus d’ḟiafruiġ sé ḋíoḃ, Créad í an ċeist atá d’á pléiḋe agaiḃ leo‐san? 17Agus d’ḟreagair duine de’n tsluaġ, agus aduḃairt, A Ṁáiġistir, ṫugas‐sa ċugat mo ṁac ’n‐a ḃfuil spioraid ḃalḃ; 18agus cibé ball ’n‐a mbeireann sí é, buaileann sí ar lár é: agus cuireann seisean cuḃar as a ḃéal, agus do‐ġní sé gíoscán le n‐a ḟiaclaiḃ, agus atá sé ag cnaoi: agus do laḃras led’ ḋéisceablaiḃ ’g‐a iarraiḋ orṫa a díbirt amaċ as; agus níor ḟéadadar‐san a ḋéanaṁ. 19Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt, A ṡlioċt gan ċreideaṁ, cá ḟad ḃéas mé eadraiḃ? cá ḟad ḟuilingeoċas mé liḃ? taḃraiḋ ċugam‐sa é. 20Agus ṫugadar ċuige é: agus nuair do ċonnaic an spioraid é, ar an láṫair do réab sí é go millteaċ, agus do ṫuit sé ar an talaṁ, agus é ag ionfairt, agus cuḃar ar a ḃéal. 21Agus d’ḟiafruiġ Íosa de’n aṫair, An fada ḋó sa rioċt so? Agus aduḃairt seisean, Ó ḃí sé ’n‐a leanḃ. 22Agus is minic do ċaiṫ sí san teiniḋ é agus san uisce, le n‐a ṁilleaḋ: aċt má’s féidir leat‐sa é, déan trócaire orainn, agus fóir orainn. 23Agus aduḃairt Íosa leis, Má’s féidir leat! Is féidir gaċ uile niḋ do’n té ċreideas. 24Agus ar an láṫair do ġlaoḋ aṫair an ḃuaċalla, agus aduḃairt, Creidim‐se; fóir‐se ar m’easbaiḋ creidiṁ. 25Agus nuair do ċonnaic Íosa go raiḃ sluaġ mór daoine ag riṫ ċuige, do smaċtuiġ sé an spioraid neaṁ‐ġlan, ’g‐a ráḋ leis, A spioraid ḃalḃ, ḃoḋar, órduiġim‐se ḋuit, tar amaċ as, agus ná téiġir isteaċ ann arís. 26Agus ag screadaiġ, agus ’g‐a ṡracaḋ ḋí go millteaċ, ṫáinig sí amaċ as: agus do ḃí an leanḃ mar do ḃéaḋ corp: i dtreo go nduḃairt an ċuid ba ṁó aca, Atá sé marḃ. 27Aċt do rug Íosa ar láiṁ air, agus do ṫóg sé suas é; agus d’éiriġ sé ’n‐a ṡeasaṁ. 28Agus nuair ṫáinig sé isteaċ sa tiġ, d’ḟiafruiġ a ḋeisceabail de, fá rún, Cad ċuige nár ḟéadamar‐ne an spioraid úd do ḋíbirt as? 29Agus aduḃairt sé leo, Ní féidir a leiṫéid‐siúd do ḋíbirt aċt le h‐urnaiġe agus le troscaḋ.
30Agus d’imṫiġeadar ó’n áit sin, agus do ċuadar tríd an nGaililé; agus níorḃ áil leis a ḟios do ḃeiṫ ag aoinneaċ. 31Óir do ḃí sé ag teagasc a ḋeisceabal, agus ’g‐a ráḋ leo, Atá Mac an Duine le taḃairt i láṁaiḃ na ndaoine, agus cuirfid ċum báis é; agus tar éis a ṁarḃṫa, éireoċaiḋ sé an treas lá. 32Aċt níor ṫuigeadar briġ na cainnte seo, agus do ḃí eagla orṫa a ċeistiú.
33Agus ṫáinig sé go Cafarnaúm: agus nuair do ḃí sé sa tiġ, d’ḟiafruiġ sé ḋíoḃ, Créad í an ċonspóid do ḃí eadraiḃ ar an sliġ? 34Aċt d’ḟanadar ’n‐a dtost: óir do ḃíodar ag diospóireaċt ar an sliġe ’n‐a ṫaoḃ so, Cia aca ḋíoḃ ba ṁó. 35Agus do ṡuiḋ sé, agus do ġlaoḋ sé an dá‐réag ċuige; agus aduḃairt sé leo, Aon duine lé’r mian ḃeiṫ i dtosaċ, is eisean ḃéas ar deireaḋ ar fad, agus ḃéas ’n‐a ṡeirḃíseaċ ag cáċ. 36Agus do rug sé ar leanḃ beag, agus do ċuir sé ’n‐a lár é: agus do ṫóg sé ’n‐a uċt é, agus aduḃairt sé leo, 37Cibé duine ġlacfas ċuige im’ ainm‐se leanḃ d’á leiṫéid seo, is mise ġlacas sé ċuige, agus cibé duine ġlacas mise ċuige, ní mise ġlacas sé, aċt an té do ċuir uaiḋ mé.
38Aduḃairt Eoin leis, A Ṁáiġistir, do ċonnacamar duine ag cur deaṁan amaċ id’ ainm‐se, agus do ċoisceamar é, de ḃriġ naċ leanann sé sinne. 39Aċt aduḃairt Íosa, Ná coisciḋ é: óir ní ḟuil aon duine do‐ġéanas míorḃail im’ ainm‐se, agus ḟéadfas olc do laḃairt orm ’n‐a ḋiaiḋ sin. 40Óir cibé duine naċ ḃfuil ’n‐ár gcoinniḃ atá sé linn. 41Agus cibé duine ḃéarfas cupán uisce le n’ól daoiḃ im’ ainm‐se, de ḃriġ gur daoine le Críost siḃ, adeirim liḃ go fírinneaċ, naċ gcaillfiḋ sé a luaċ‐saoṫair. 42Agus cibé duine ḃéarfas aḋḃar scannail d’aoinneaċ de na daoiniḃ beaga so ċreideas ionnam, do b’ḟearr dó go gcroċfaiḋe cloċ muilinn ar a ṁuineál, agus go gcaiṫfiḋe é sa ḃfairrge. 43Agus má ḃíonn do láṁ ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, gearr díot í; is fearr duit dul isteaċ sa mbeaṫaiḋ ar leaṫ‐láiṁ, ’ná an dá láiṁ do ḃeiṫ agat agus dul síos go h‐ifreann; sa teiniḋ naċ múċtar. 45Agus má ḃíonn do ċos ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, gearr díot í: is fearr duit dul isteaċ sa mbeaṫaiḋ, agus tú id’ ḃacaċ, ’ná an dá ċois do ḃeit agat agus go gcaiṫfiḋe ṫú i n‐ifreann. 47Agus má ḃíonn do ṡúil ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, srac amaċ í: is fearr duit dul isteaċ i ríoġaċt Dé ar leaṫṡúil, ’ná an dá ṡúil do ḃeiṫ agat agus go gcaiṫfiḋe ṫú i n‐ifreann: 48an áit naċ n‐éagann a gcnuiṁ, agus naċ múċtar an teine. 49Óir saillfear gaċ uile ḋuine le teiniḋ. 50Is maiṫ an niḋ salann: aċt má ḃíonn an salann gan ḃlas, cad leis an ndéanfaiḋ siḃ deaġ‐ḃlasta é. Bíoḋ salann ionnaiḃ féin agaiḃ agus bíoḋ síoṫċáin eadraiḃ.
Currently Selected:
Marcus 9: JOYNTG
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.