YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 14

14
1Agus i gcionn dá lá do ḃí féile na Cásca agus an aráin gan laiḃín ann: agus do ḃí uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe ’g‐a ḃeartú cionnas do ḃéarfaidís air le feall, le n‐a ṁarḃaḋ: óir aduḃradar, 2Ná déanaimís é le linn na féile, ar eagla go n‐éireoċaḋ aċrann i measc an ṗobail.
3Agus nuair do ḃí sé i mBétánia, i dtiġ Ṡíomóin loḃair, ’n‐a ṡuiḋe ag an mbórd, ṫáinig bean ag a raiḃ crúsca alabastair d’uinneimeint spíocnáird an‐luaċṁair; agus do ḃris sí an crúsca, agus do ḋoirt sí a raiḃ ann ar a ċeann. 4Aċt do ḃí daoine ann aduḃairt go míċéadfaċ eadorṫa féin, Cad ċuige a ndéantar an diomailt seo ar an uinneimeint? 5Óir do b’ḟéidir an uinneimeint so do ḋíol ar níos mó ’ná trí céad pinginn, agus a taḃairt do na boċtaiḃ. Agus do ḃíodar díombuiḋeaċ ḋí. 6Aċt aduḃairt Íosa, Leigiḋ ḋí; cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ díombuiḋeaċ ḋí? is gníoṁ maiṫ do rinne sí orm. 7Óir bíonn na boiċt ’n‐ḃúr ḃfoċair i gcóṁnaiḋe, agus is féidir ḋaoiḃ maiṫ do ḋéanaṁ ḋóiḃ am ar biṫ is áil liḃ; aċt ní ḃím‐se i gcóṁnaiḋe ’n‐ḃúr ḃfoċair. 8Do rinne sí an niḋ do b’ḟéidir léi: d’ong sí mo ċorp roiṁ ré fá ċóṁair a aḋlaċta. 9Agus adeirim liḃ go fírinneaċ, Cibé áit ar fud an doṁain uile ’n‐a gcraoḃscaoilfear an soiscéal, inneosfar an gníoṁ atá déanta ag an mnaoi seo, mar ċuiṁne uirṫi.
10Agus d’imṫiġ lúdás Iscariót, duine de’n dá‐réag, ċum uaċtarán na sagart, ċum go dtiuḃraḋ sé ar láiṁ ḋóiḃ é. 11Agus nuair do‐ċualadar‐san é, dó ḃí áṫas orṫa, agus do ġealladar go dtiuḃraidis airgead dó. Agus do ḃí seisean ag iarraiḋ deis d’ḟáġáil ar a ṫaḃairt ar láiṁ ḋóiḃ.
12Agus an ċéad lá d’ḟéile an aráin gan laiḃín, nuair do‐ġnítí íoḋbairt na Cásca, aduḃairt a ḋeisceabail leis, Cá’r ṁian leat go raċaimís agus go n‐ullṁóċaimís an Ċáisc duit le n‐a h‐iṫe? 13Agus do ċuir sé uaiḋ beirt d’á ḋeisceablaiḃ, agus aduḃairt sé leo, Téiġiḋ isteaċ sa gcaṫair, agus casfar oraiḃ annsin fear agus soiṫeaċ uisce ar iomċur aige: leanaiḋ eisean; 14agus cibé teaċ ’n‐a raċaiḋ sé isteaċ, abraiḋ le fear an tiġe, Adeir an Máiġistir, Cá ḃfuil an seomra ’n‐a n‐íosad an Ċáisc i ḃfoċair mo ḋeisceabal? 15Agus taisbeánfaiḋ sé féin daoiḃ seomra mór uaċtaraċ, agus é i gcaoi agus i gcóir: ullṁuiġiḋ ḋúinn annsin. 16Agus d’imṫiġ na deisceabail, agus ṫángadar isteaċ sa gcaṫair, agus fuaradar mar aduḃairt sé leo: agus d’ullṁuiġeadar an Ċáisc.
17Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, ṫáinig sé i n‐éinḟeaċt leis an dá‐réag. 18Agus nuair do ḃíodar ’n‐a suiḋe agus ag iṫe, aduḃairt Íosa, Adeirim liḃ go fírinneaċ, Atá duine agaiḃ‐se, atá ag iṫe im ḟoċair, agus braiṫfiḋ sé mé. 19Agus ṫáinig cuṁa orṫa, agus do ṫosnuiġeadar ar a ráḋ leis, ’n‐a nduine agus ’n‐a nduine, An mise é? 20Agus aduḃairt sé leo, Is duine de’n dá‐réag é, an té ċuireas a láṁ mar aon liom sa méis. 21Óir atá Mac an Duine ag iṁṫeaċt, fá mar atá scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ: aċt monuar do’n ḟear sin tré n‐a mbraiṫtear Mac an Duine! do b’ḟearr do’n ḟear sin dá mba naċ rugaḋ é ariaṁ.
22Agus nuair do ḃíodar ag iṫe, do ṫóg sé arán, agus do ḃeannuiġ agus do ḃris sé é, agus ṫug sé ḋóiḃ é, agus aduḃairt sé, Glacaiḋ: is é seo mo ċorp: 23Agus do ṫóg sé cupán, agus do ġaḃ sé buiḋeaċas, agus ṫug sé ḋóiḃ é: agus d’óladar uile as. 24Agus aduḃairt sé leo, Is í seo m’ḟuil ’san tiomna nua doirtfear ar son móráin. 25Adeirim liḃ go fírinneaċ, Ní ólfad feasta de ṫoraḋ na fíneaṁna, go dtí an lá sin ’n‐a n‐ólfad nua é i ríoġaċt Dé.
26Agus tar a éis dóiḃ iomann do ċanaḋ, do ċuadar amaċ go cnoc na nOla‐ċrann.
27Agus aduḃairt Íosa leo, Do‐ġeoḃaiḋ siḃ uile scannal ionnam: óir atá scríoḃṫa, Buailfead an t‐aoḋaire, agus scaipfear na caoiriġ. 28Tar éis m’aiséiriġṫe, áṁ, raċad róṁaiḃ do’n Ġalilé. 29Aċt aduḃairt Peadar leis, Bíoḋ go ḃfuiġeaḋ cáċ scannal, ní ḟaiġead‐sa. 30Agus aduḃairt Íosa leis, Adeirim leat go fírinneaċ, an lá indiu, anoċt féin, sara nglaoḋfaiḋ an coileaċ an dara h‐uair, go séanfair mé fá ṫrí. 31Aċt ba eaḋ ba ḋéine do laḃaiseisean, Má’s éigean dom bás féin d’ḟáġáil i n‐éinḟeaċt leat, ní ṡéanfad ṫú. Agus do laḃradar uile ar an gcuma gcéadna.
32Agus ṫángadar go h‐áit ar a dtugtar Getsémané: agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Suiḋiḋ‐se annso, go ndéanad urnaiġe. 33Agus do rug sé leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus do ṫosnuiġ sé ar ḃeiṫ go criṫ‐eaglaċ, do‐brónaċ. 34Agus adubairt sé leo, Atá brón an ḃáis ar m’anam: fanaiḋ‐se annso, agus déanaiḋ faire. 35Agus d’imṫig sé aċar gearr uaṫa, agus do ṫuit sé ar an talaṁ, agus do ġuiḋ sé go raċaḋ an uair ṫairis, dá mb’ ḟéidir é. 36Agus aduḃairt sé, Abbá, a Aṫair, atá gaċ niḋ ar ċumas duit; cuir an cupán so ḋíom: ná déantar, áṁ, an niḋ is toil liom‐sa, aċt an niḋ is toil leat‐sa. 37Ṫáinig sé annsin agus fuair sé ’n‐a gcodlaḋ iad, agus aduḃairt sé le Peadar, A Ṡíomóin, an id’ ċoḋlaḋ atáir‐se? An aṁlaiḋ nár ḟéadais faire aon uaire aṁáin do ḋéanaṁ? 38Déanaiḋ faire agus urnaiġe ċum naċ raċaiḋ siḃ i gcaṫú: bíonn an spioraid lán‐toilteanaċ, aċt bíonn an ċolann lag. 39Agus d’imṫiġ sé arís, agus do rinne sé guiḋe, agus é ag ráḋ na ḃfocal céadna. 40Agus ṫáinig sé arís, agus fuair sé ’n‐a gcodlaḋ iad, mar do ḃí a súile an‐trom agus ní raiḃ a ḟios aca créad é an freagra do ḃéarfaidís air. 41Agus ṫáinig sé an treas uair, agus aduḃairt sé leo, Codlaiḋ anois, agus déanaiḋ suaiṁneas: is leor é; atá an uair tagṫa; féaċ, atá Mac an Duine d’á ṫaḃairt ar láiṁ do na peacaċaiḃ. 42Éiriġiḋ, bímís ag imṫeaċt, an té a ḃraiṫfeas mé atá sé i ḃfogas dúinn.
43Agus ar an láṫair, le linn cainnte ḋó, ṫáinig Iúdás Iscariót, duine de’n dá‐réag, agus sluaġ i n‐éinḟeaċt leis, ó uaċtaránaiḃ na sagart, agus ó na scríoḃaiḋṫiḃ, agus ó na seanóiriḃ, agus claiḋṁte agus bataí aca. 44Agus an té do ḃraiṫ é, ṫug sé cóṁarṫa ḋóiḃ, ’g‐á ráḋ, An té úd d’á dtiuḃrad‐sa póg, is eisean é; beiriḋ air, agus taḃraiḋ liḃ slán é. 45Agus nuair ṫáinig sé, ar an láṫair do ċuaiḋ sé ċuige, agus aduḃairt sé, A Ṁáiġistir; agus ṫug sé póg dó. 46Agus rugadar‐san air agus do ġaḃadar é. 47Aċt do ḃí duine ḋíoḃ‐san do ḃí láiṫreaċ ’n‐a seasaṁ do ṫarraing a ċlaiḋeaṁ, agus do ḃuail sé seirḃíseaċ an árd‐ṡagairt, agus do ḃain sé an ċluas de. 48Agus aduḃairt Íosa leo, An dtángaḃar amaċ le breiṫ orm, le claiḋṁtiḃ agus le bataiḃ, mar ṫiocfaḋ siḃ le breiṫ ar ḃiṫeaṁnaċ? 49Do ḃíos gaċ lá ’n‐ḃúr measc ag teagasc sa teampall, agus ní rugaḃar orm: aċt do‐ġnítear é seo ċum na scrioptúirí do ċóiṁlíonaḋ. 50Agus do ṫréigeadar uile é agus do ṫeiċeadar.
51Agus do lean ógánaċ áiriṫe é, naċ raiḃ aċt brat línéadaiġ ’n‐a ṫimċeall ar a noċta: agus do rugadar air‐sean; 52aċt d’ḟág sé an brat línéadaiġ aca, agus do ṫeiċ sé lomnoċt uaṫa.
53Agus ṫugadar Íosa leo ċum an árd‐ṡagairt: agus do ċruinniġ i n‐éinḟeaċt leis uaċtaráin na sagart go léir, agus na seanóirí, agus na scríoḃaiḋṫe. 54Agus do lean Peadar é i ḃfad uaiḋ, nó go raiḃ sé istiġ i gcúirt an árd‐ṡagairt; agus do ḃí sé ’n‐a ṡuiḋe i ḃfoċair na n‐oifigeaċ, ’g‐á ġoraḋ féin cois na teineaḋ. 55Agus do ḃí uaċtaráin na sagart agus an ċóṁairle uile ag iarraiḋ fiaḋnaise d’ḟáġáil i n‐aġaiḋ Íosa le n‐a ċur ċum báis; agus ní ḟuaradar í. 56Óir ṫug mórán daoine fiaḋnaise ḃréige ’n‐a aġaiḋ, agus ní ṫáinig a ḃfiaḋnaise le ċéile. 57Agus d’éiriġ daoine áiriṫe, agus ṫugadar fiaḋnaise ḃréige ’n‐a aġaiḋ, ’g‐a ráḋ, 58Do‐ċualamar‐ne é ’g‐a ráḋ, Leagfad‐sa an teampall so do rinneaḋ le láṁaiḃ daoine, agus i gcionn trí lá tógfad teampall eile gan a ḃeiṫ déanta le láṁaiḃ. 59Aċt, mar sin féin, ní raiḃ a ḃfiaḋnaise ag teaċt le ċéile. 60Agus d’éiriġ an t‐árd‐ṡagart ’n‐a ṡeasaṁ ’n‐a lár, agus do ċuir sé ceist ar Íosa, agus aduḃairt, Naċ ḃfuil freagra ar biṫ agat? Créad é atá aca‐san d’á ċur id’ leiṫ? 61Aċt d’ḟan seisean ’n‐a ṫost, agus ní ṫug sé freagra ar biṫ. Agus d’ḟiafruiġ an t‐árd‐ṡagart de arís, agus aduḃairt sé leis, An tusa Críost, Mac Dé Ḃeannuiġṫe? 62Agus aduḃairt Íosa, Is mé: agus do‐ċífiḋ siḃ Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe ar láiṁ ḋeis na cuṁaċta, agus é ag teaċt le scamallaiḃ neiṁe. 63Agus do réab an t‐árd‐ṡagart a éadaiġe, agus aduḃairt sé, Cread é an gáḃaḋ atá againn le fiaḋnaiḋṫiḃ a ṫuilleaḋ? 64Do‐ċualaḃar an dia‐ṁaslaḋ: créad do‐ċítear daciḃ? Agus aduḃradar‐san d’aon ġuṫ go raiḃ bás tuillte aige. 65Agus do ṫosnuiġ cuid aca ar ṡeilí do ċaiṫeaṁ air, agus ar a aġaiḋ d’ḟolaċ, agus ar a ḃualaḋ le dornaiḃ, agus iad ’g‐a ráḋ, Déan fáiḋeadóireaċt: agus do ġaḃ na h‐oifigiġ é agus iad ag gaḃáil de ḃuilliḃ baise air.
66Agus le linn do Ṗeadar ḃeiṫ ins an gcúirt ṫíos, ṫáinig cailín de ċailíniḃ an árd‐ṡagairt; 67agus nuair do ċonnaic sí Peadar ’g‐a ġoraḋ féin, do ḋearc sí air, agus aduḃairt sí, Do ḃís‐se, leis, i ḃfoċair Íosa Nasarḋa. 68Aċt do ṡéan seisean, agus aduḃairt, Ní ḟuil a ḟios agam, ná ní ṫuigim créad adeirir: agus do ċuaiḋ sé amaċ taoḃ amuiġ de’n ċúirt; agus do ġlaoḋ an coileaċ. 69Agus do ċonnaic an cailín é arís, agus do ṫosnuiġ sí ar a ráḋ leis na daoiniḃ do ḃí ’n‐a seasaṁ ann, Is duine aca‐súd é seo. 70Agus do ṡéan seisean arís. Agus tar éis tamaill ḃig eile, aduḃairt an ṁuinntear do ḃí ’n‐a seasaṁ ann le Peadar, Gan aṁras is duine aca‐súd ṫusa, mar is Galiléaċ ṫú. 71Aċt do ṫosnuiġ seisean ar eascainiġe, agus ar a ṁionnú, Ní ḟuil aon aiṫne agam ar an duine so adeir siḃ. 72Agus ar an láṫair do ġlaoḋ an coileaċ an dara h‐uair. Agus do ċuiṁniġ Peadar ar an ḃfocal aḋuḃairt Íosa leis, Sara nglaoḋfaiḋ an coileaċ ḋá uair, séanfair mé fá ṫrí. Agus ag cuiṁniú air ḋó, do ḃris a ġol air.

Currently Selected:

Marcus 14: JOYNTG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in