YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 12

12
1Agus do ṫosnuiġ sé ar laḃairt leo i saṁlaoidiḃ. Do ċuir duine áiriṫe fíon‐ġort, agus do ċuir sé fál ’n‐a ṫimċeall, agus do rinne sé clais ann le h‐aġaiḋ daiḃċe an ḟíona, agus do ṫóg se túr, agus ṫug sé ar cíos do scológaiḃ é, agus d’imṫiġ sé go tír eile. 2Agus nuair ṫáinig an séasúr, do ċuir sé searḃónta ċum na scológ, ċum cuid de ṫoraḋ an ḟíon‐ġuirt d’ḟáġáil ó na scológaiḃ. 3Agus do rugadar air, agus do ġaḃadar air, agus do ċuireadar uaṫa folaṁ é. 4Agus arís do ċuir sé searḃónta eile ċuca; agus do ġoineadar eisean sa gceann, agus ṫugadar tarcuisne ḋó. 5Agus do ċuir sé duine eile ċuca; agus do ṁarḃadar é: agus a lán eile; do ġaḃadar ar ċuid aca, agus do ṁarḃadar cuid eile. 6Do ḃí aige aon ṁac aṁáin, ionṁain: agus do ċuir sé eisean ċuca sa deireaḋ mar an gcéadna, ’g‐a ráḋ, Do‐ḃéarfaid urraim dom’ ṁac. 7Aċt aduḃairt na scológa le n‐a ċéile, Is é seo an t‐oiġre; téanam, marḃaimís é. Agus béiḋ an oiġeaċt againne. 8Agus do rugadar air, agus do ṁarḃadar é, agus do ċaiṫeadar as an ḃfíon‐ġort amaċ é. 9Créad do‐ġéanas tiġearna an ḟíon‐ġuirt annsin? tiocfaiḋ sé agus scriosfaiḋ sé na scológa, agus do‐ḃéarfaiḋ sé an fíon‐ġort do ḋaoiniḃ‐eile. 10An é nár léiġeaḃar an scrioptúir seo:
An ċloċ d’ar ḋiúltaiġ na saoir,
Atá cloċ ċinn ċúinne déanta ḋí:
11Is é an Tiġearna do rinne é
Agus is iongnantaċ é in ár súiliḃ?
12Agus do ḃíodar ag iarraiḋ faille ċum greim d’ḟáġáil air, aċt do ḃí eagla an ṗobail orṫa; óir do ṫuigeadar gurab ’n‐a n‐aġaiḋ féin d’innis sé an tsaṁlaoid sin: agus d’ḟágadar é agus d’imṫiġeadar.
13Agus do ċuireadar ċuige cuid de na Fairisíneaċaiḃ, agus de ṁuinntir Ioruaiṫ, ċum go gcuirfidís i dteannta é sa gcainnt. 14Agus nuair ṫángadar, aduḃradar leis, A Ṁáiġistir, atá a ḟios againn gur duine fírinneaċ ṫú, agus naċ ḃfuil beann agat ar aoinneaċ: óir is cuma leat pearsa aon duine, aċt múineann tú sliġe Dé de réir na fírinne. An dleaġṫaċ cáin do ṫaḃairt do Ċéasar, nó gan a taḃairt? 15An dtiuḃraimíd i, nó naċ dtiuḃraimíd? Aċt d’aiṫin seisean a gcealg, agus aduḃairt sé leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag cur caṫuiġṫe orm? taḃraiḋ pinginn ċugam go ḃfeicead í. 16Agus ṫugadar ċuige í. Agus aduḃairt sé leo, Cia leis an íoṁáiġ agus an scríḃinn seo? agus aduḃradar leis, Le Céasar. 17Agus aduḃairt Íosa leo, Taḃraiḋ do Ċéasar na neiṫe is le Céasar, agus do Ḋia na neiṫe is le Dia. Agus do b’iongnaḋ mór leo é.
18Agus ṫáinig Saddúicíniġ ċuige, daoine adeir naċ ḃfuil aiséirġe ann; agus d’ḟiafruiġeadar de, ’g‐a ráḋ, 19A Ṁáiġistir, do scríoḃ Maois dúinn, Dá ḃfaġaḋ dearḃráṫair duine bás, agus dá ḃfágaḋ sé bean ’n‐a ḋiaiḋ, agus naċ ḃfágfaḋ sé clann, go nglacfaḋ a ḋearḃráṫair an ḃean, agus go dtógfaḋ sé slioċt d’á ḋearḃráṫair. 20Is aṁlaiḋ do ḃí móir‐ṡeisear dearḃráṫar ann: agus do ṗós an ċéad duine aca bean, agus fuair sé bás gan slioċt d’ḟágáil; 21agus do ġlac an dara duine aca í, agus fuair seisean bás gan slioċt d’ḟágáil; agus an treas duine mar an gcéadna: 22agus do ġlac an móir‐ṡeisear í gan slioċt d’ḟágáil. I n‐a ḋiaiḋ sin fuair an ḃean féin bás. 23Nuair ṫiocfas an aiséirġe, cia aca ḋíoḃ gur leis an ḃean? óir do ḃí sí ’n‐a mnaoi ag an móir‐ṡeisear. 24Aduḃairt Íosa leo, Naċ é an t‐aḋḃar atá ag ḃúr gcur amuġa, gan eolas do ḃeiṫ agaiḃ ar na scrioptúiriḃ, ’ná ar ċuṁaċt Dé? 25Óir, nuair éireoċas siad ó na marḃaiḃ, ní ḃéiḋ daoine ag pósaḋ ná ag taḃairt le pósaḋ; aċt ḃéiḋ siad mar na h‐aingil ins na flaiṫeasaiḃ. 26Aċt i dtaoḃ na marḃ, go n‐aiséiriġeann siad; nár léiġeaḃar i leaḃar Ṁaoise, mar a dtráċtar ar an sceiċ, cionnas do laḃair Dia leis, ’g‐a ráḋ, Is mise Dia Abraċaim, agus Dia Iosóig, agus Dia Iácóib? 27Ní h‐é Dia na marḃ é, aċt Dia na mbeo: d’á ḃriġ sin, atá siḃ‐se amuġa go mór.
28Agus ṫáinig ċuige duine de na scríoḃaiḋṫiḃ do ḃí ag éisteaċt leis an diospóireaċt do ḃí eadorṫa, agus ó do ḃí a ḟios aige a ḟeaḃas d’ḟreagair sé iad, d’ḟiafruiġ sé ḋe, Créad í an ṗríoṁ‐aiṫne de na h‐aiṫeantaiḃ uile? 29Agus d’ḟreagair Íosa, Is í an ṗríoṁ‐aiṫne ḋíoḃ uile, Éist, a Israel; is aon Dia aṁáin do Ṫiġearna‐sa: 30agus gráḋfaiḋ tú an Tiġearna do Ḋia ó do ċroiḋe go h‐iomlán, agus ó t’anam go h‐iomlán, agus ó t’inntinn go h‐iomlán, agus ó do neart go h‐iomlán. 31Is í an dara h‐aiṫne, Gráḋfaiḋ tú do ċóṁarsa mar tú féin. Ní ḟuil aiṫne eile is mó ’ná iad so. 32Agus aduḃairt an scríoḃaiḋe leis, Is fíor ḋuit é, a Ṁáiġistir, is maiṫ aduḃrais gurab aon Dia aṁáin é; agus naċ ḃfuil ann aċt é: 33agus a ġráḋaḋ ó’n gcroiḋe go h‐iomlán, agus ó’n dtuigsin go h‐iomlán, agus ó’n neart go h‐iomlán, agus an ċóṁarsa do ġráḋaḋ mar an duine féin, gur mó sin go mór ’ná na h‐íoḋbarṫa dóiġte agus na h‐ofrála go léir. 34Agus nuair do ċonnaic Íosa gur ḟreagair sé go ciallṁar, aduḃairt sé leis, Ní ḟuilir‐se i ḃfad ó ríoġaċt Dé. Agus níor láṁ aon duine ceist do ċur air as sin amaċ.
35Agus ag teagasc d’Íosa sa teampall, aduḃairt sé, Cionnas adeir na scríoḃaiḋṫe gur mac do Ḋáiḃi Críost? 36Adeir Dáiḃi, féin tríd an Spiorad Naoṁ:
Aduḃairt an Tiġearna lem’ Ṫiġearna‐sa,
Suiḋ ar mo láiṁ ḋeis,
Nó go ndéanad stól ded’ náiṁdiḃ fá ḃonn do ċos.
37Goireann Dáiḃi féin Tiġearna ḋe; agus cionnas atá sé ’n‐a ṁac aige? Agus d’éist an sluaġ go fonnṁar leis.
38Agus sa teagasc dó aduḃairt sé, Seaċnaiḋ na scríoḃaiḋṫe, gur mian leo siuḃal i róbaiḃ fada, agus go n‐uṁlóċṫaiḋe ḋóiḃ ar áit na margaḋ, 39agus na suiḋeaċáin tosaiġ d’ḟáġáil ins na sionagógaiḃ, agus ins na fleaḋannaiḃ: 40iad‐san ṡloigeas tiġṫe na mbaintreaḃaċ, ar scáṫ urnaiġṫe fada; do‐ġeoḃaid‐sean an breiṫeaṁnas is truime.
41Agus do ṡuiḋ sé os cóṁair an ċiste, agus ṫug sé fá deara cionnas do ċuireaḋ na daoine airgead isteaċ sa gciste: agus do ċuir a lán daoine saiḋḃir mórán isteaċ ann. 42Agus ṫáinig baintreaḃaċ ḃoċt aṁáin, agus do ċuir sise isteaċ ann dá ċianóig, do‐ġní feoirling. 43Agus do ġlaoḋ sé ċuige a ḋeisceabail, agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is mó do ċuir an ḃaintreaḃaċ ḃoċt so isteaċ ’ná iad‐san uile d’á ḃfuil ag cur niḋ ann: 44Óir is d’á n‐acfuinn do ċuireadar‐san ann aċt do ċuir sise ann, d’á dealḃas, a raiḃ aici, a cuid de’n tsaoġal.

Currently Selected:

Marcus 12: JOYNTG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in