YouVersion Logo
Search Icon

Matha 7

7
1Ná beiriḋ breiṫ ionnas naċ mbéarfaiḋe breiṫ oraiḃ féin. 2Óir, de réir na breiṫe do‐ḃeir siḃ is eaḋ do‐ḃéarfar breiṫ oraiḃ: agus an tóṁas le n‐a dtóṁaiseann siḃ, is leis tóṁaisfear ċugaiḃ? 3Agus cad ċuige ḋuit an duḃradán atá i súil do ḃráṫar d’ḟeicsin, agus naċ mbreaṫnuiġeann tú an tsail atá id’ ṡúil fein? 4Nó cad ċuige ḋuit a ráḋ led’ ḃráṫair, leig dom an duḃradán do ḃaint as do ṡúil‐se; agus féaċ, atá an tsail id’ ṡúil féin? 5A ḃréig‐ḟíréin, bain an tsail as do ṡúil féin ar dtús; agus annsin ċífir go soiléir cionnas an duḃradán do ḃaint as súil do ḃráṫar.
6Ná taḃraiḋ an niḋ naoṁṫa do na madraiḃ, agus ná caiṫiḋ ḃúr bpéarlaí i láṫair na muc, ar eagla go ngaḃfaidís de ċosaiḃ orṫa, agus go n‐iompóċaidís agus go réabfaidís as a ċéile siḃ.
7Iarraiḋ, agus do‐ḃéarfar daoiḃ: loirgiḋ, agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ; cnagaiḋ, agus fosclóċar daoiḃ. 8Óir gaċ aoinneaċ iarras glacann sé; agus gaċ aoinneaċ loirgeas do‐ġeiḃ sé; agus an té ċnagas foscaltar dó. 9Nó cia h‐é an duine agaiḃ, má iarrann a ṁac arán air gur cloċ ṫiuḃras sé ḋó? 10Nó má iarrann sé iasc air gur naṫair niṁe ṫiuḃras sé ḋó? 11D’á ḃriġ sin, má’s eol daoiḃ‐se, atá go h‐olc, cionnas deaġ‐ḃronntanais do ṫaḃairt d’ḃúr gclainn, naċ dóċaiġe go mór go dtiuḃraiḋ ḃúr nAṫair atá ar neaṁ deaġ‐ḃronntanais dóiḃ‐sean iarrfas air iad? 12D’á ḃriġ sin, gaċ niḋ ba ṁaiṫ liḃ go ndéanfaḋ daoine ḋaoiḃ‐se, déanaiḋ‐se mar an gcéadna ḋóiḃ‐sean: mar is é sin an dliġe agus na fáiḋe.
13Téiġiḋ isteaċ an doras cuṁang: óir is fairsing an doras, agus is leaṫan an bealaċ ṡeolas fá ḋéin an léirscriosta, agus is iomḋa duine ġaḃas é. 14Óir is cuṁang an doras, agus is caol an bealaċ ṡeolas ċum na beaṫaḋ, agus is beag duine do‐ġeiḃ eolas air.
15Seaċnuiġiḋ na fáiḋe fallsa, ṫig ċugaiḃ i rioċt caoraċ, aċt atáid ’n‐a madraiḃ allta leaṫ istiġ. 16Ar a dtorṫaiḃ is eaḋ aiṫneoċas siḃ iad. An mbailiġtear caora fíneaṁna de’n driseaċ, nó figí de na feoċadánaiḃ? 17Mar sin do‐ḃeir gaċ deaġ‐ċrann toraḋ maiṫ; aċt do‐ḃeir an droċ‐ċrann droċ‐ṫoraḋ. 18Ní féidir do’n deaġ‐ċrann droċ‐ṫoraḋ do ṫaḃairt, ’ná do’n droċ‐ċrann toraḋ maiṫ do ṫaḃairt. 19Gaċ crann naċ dtugann toraḋ maiṫ gearrtar é, agus caiṫtear sa teiniḋ é. 20D’á ḃriġ sin, ar a dtorṫaiḃ is eaḋ aiṫneoċas siḃ iad. 21Ní h‐é gaċ aoinneaċ adéarfas liom, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, raċas isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas; aċt an té do‐ġní toil m’Atar atá ar neaṁ. 22Is iomḋa duine adéarfas liom an lá sin, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, naċ id’ ainm‐se dorinneamar fáiḋeadóireaċt, agus naċ id’ ainm‐se do ċaiṫeamar amaċ na deaṁain, agus naċ id’ ainm‐se do‐rinneamar mórán míorḃail? 23Agus annsin dearḃóċad‐sa ḋóiḃ, Ní raiḃ aon aiṫne agam oraiḃ riaṁ: imṫiġiḋ uaim, a luċt déanta an uilc.
24D’á ḃriġ sin, gaċ aoinneaċ do‐ċluin na briaṫra so agam‐sa agus ċuireas i ngníoṁ iad, saṁlóċar é le duine ciallṁar do ṫóg a ṫeaċ ar an gcarraig: 25agus do ṫuit an ḟearṫainn, agus ṫáinig na tuilte, agus do ṡéid na gaoṫa; agus do ḃuaileadar i gcoinniḃ an tiġe sin; agus níor ṫuit sé; mar do ḃí sé tógṫa ar an gcarraig. 26Agus gaċ aoinneaċ do‐ċluin na briaṫra so agam‐sa, agus naċ gcuireann i ngníoṁ iad, saṁlóċar eisean le duine gan ċéill do ṫóg a ṫeaċ ar an ngainiṁ: 27agus do ṫuit an ḟearṫainn, agus ṫáinig na tuilte, agus do ṡéid na gaoṫa, agus do ḃuaileadar i gcoinniḃ an tiġe sin; agus do ṫuit sé: agus ba éaċtaċ é a ṫuitim.
28Agus ṫarla, nuair do ḃí na briaṫra sin críoċnuiġṫe ag Íosa, go ndearna an sluaġ iongnaḋ d’á ṫeagasc: 29óir do ṫeagaisc sé iad aṁail duine ag a raiḃ uġdarás, munarḃ ionann agus na scríoḃaiḋṫe.

Currently Selected:

Matha 7: JOYNTG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in