Matha 18
18
1Le n‐a linn sin ṫáinig na deisceabail ċum Íosa, g‐á ráḋ, Cé h‐é an duine is mó i ríoġaċt na ḃflaiṫeas? 2Agus do ġlaoḋ sé ċuige leanḃ beag, agus do ċuir sé ’n‐a lár é, 3agus aduḃairt sé, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Muna n‐iompuiġiḋ siḃ, agus ḃeiṫ ar nós na leanḃ, ní raċaiḋ siḃ isteaċ i ríoġaċt neiṁe ar ċor ar biṫ. 4D’á ḃriġ sin, an té ísleoċas é féin ar nós an leinḃ ḃig seo, is é sin an duine is mó i ríoġaċt na ḃflaiṫeas. 5Agus cibé duine ġlacfas ċuige aon leanḃ beag aṁáin d’á leiṫéid seo im’ ainm‐se, 6glacann sé mise: aċt cibé duine ṫiuḃras scannal d’aoinneaċ de na rudaiḃ beaga so ċreideas ionnam‐sa, do b’ḟearr dó go gcroċfaiḋe cloċ ṁór muilinn ar a ṁuineál, agus go mbáḋfaiḋe é i ndoimneaċt na fairrge. 7Is mairg do’n tsaoġal mar ġeall ar na scannalaiḃ! ní foláir do na scannalaiḃ teaċt; aċt ċeana is mairg do’n duine tré n‐a dtig an scannal! 8Agus má ḃeir do láṁ nó do ċos aḋḃar scannail duit, gearr díot í, agus caiṫ uait í: is fearr duit dul isteaċ sa mbeaṫaiḋ ar leaṫ‐láiṁ nó ar leaṫ‐ċois, ’ná do ḋá láiṁ agus do ḋá ċois do ḃeiṫ agat agus ṫú ċaiṫeaṁ sa teiniḋ ṡíorraiḋe. 9Agus má ḃeir do ṡúil aḋḃar scannail duit, srac amaċ í, agus caiṫ uait í: is fearr duit dul isteaċ sa mbeaṫaiḋ ar leaṫ‐ṡúil, ’ná an dá ṡúil do ḃeiṫ agat agus ṫú ċaiṫeaṁ i n‐ifreann na teineaḋ. 10Taḃraiḋ aire gan díṁeas do ċaiṫeaṁ ar aoinneaċ de’n ṁuinntir ḃig seo; óir adeirim liḃ, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neaṁ, ag sír‐ḟéaċaint ar ġnúis m’Aṫar atá ar neaṁ. 12Créad is dóiġ liḃ? Má ḃíonn céad caora ag duine, agus má ṫéid caora ḋíoḃ ar seaċrán, naċ ḃfágann sé na naoi gcinn déag agus ceiṫre fiċid, agus naċ n‐imṫiġeann sé ar na sléiḃtiḃ ar lorg an ċinn do ċuaiḋ ar seaċrán? 13Agus má éiriġeann leis a fáġáil, go fírinneaċ adeirim liḃ, gur mó an t‐áṫas atá air mar ġeall uirṫi‐se ’ná atá air mar ġeall ar na naoi geinn déag agus ceiṫre fiċid naċ ndeaċaiḋ amuġa. 14Ar an gcuma ċéadna ní toil le n‐ḃúr nAṫair atá ar neaṁ go gcaillfiḋe aoinneaċ de’n ṁuinntir ḃig seo.
15Agus má ṗeacuiġeann do ḃráṫair id’ aġaiḋ, imṫiġ, agus ceartuiġ é idir ṫú féin agus é féin: má éisteann sé leat, atá do ḃráṫair buaiḋte agat. 16Aċ muna n‐éistiḋ sé leat, beir leat duine nó beirt eile, ionnas go seasfaiḋ gaċ focal ar ḟiaḋnaise béil beirte nó trír. 17Agus má ḋiúltuiġeann sé d’éisteaċt leo‐san, innis do’n eaglais é: agus má ḋiúltuiġeann sé d’éisteaċt leis an eaglais, bíoḋ sé ’n‐a Ṗágánaċ agus ’n‐a ṗoibleacán agat. 18Go fírinneaċ adeirim‐se liḃ, Cibé neiṫe ċeanglóċas siḃ ar talaṁ ceanglóċar iad ar neaṁ: agus cibé neiṫe scaoilfeas siḃ ar talaṁ scaoilfear iad ar neaṁ. 19Adeirim liḃ fós, má ḃíonn beirt agaiḃ ar aon aigne ar talaṁ i dtaoḃ niḋ ar biṫ d’á n‐iarraid, do‐ġéantar dóiḃ é óm’ Aṫair‐se atá ar neaṁ. 20Oir áit ar biṫ ’n‐a mbíonn beirt nó triúr cruinniġṫe le ċéile im’ ainm‐se, bím‐se féin annsin ’n‐a measc.
21Annsin ṫáinig Peadar ċuige, agus aduḃairt sé leis, A Ṫiġearna, Créad a ṁionca ḋéanfas mo ḃráṫair coir im’ aġaiḋ, agus go maiṫfead dó é? seaċt h‐uaire, an eaḋ? 22Aduḃairt Íosa leis, Ní abraim leat, Seaċt h‐uaire, aċt seaċt h‐uaire fó ṡeaċt ndeiċ. 23D’á ḃriġ sin, is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le riġ áiriṫe gur ṁian leis cunntas do ḋéanaṁ le n‐a ṡeirḃíseaċaiḃ. 24Agus nuair do ṫosnuiġ sé ar an gcunntas do ḋéanaṁ, tugaḋ ċuige duine go raiḃ deiċ míle talann aige air. 25Aċt, de ċionn naċ raiḃ an oiread aige agus d’íocfaḋ na fiaċa, d’órduiġ a ṫiġearna go ndíolfaiḋe é féin, agus a ḃean, agus a ċlann, agus a raiḃ aige, mar ḋíol fiaċ. 26Annsin do ċaiṫ an seirḃíseaċ é féin roiṁe, agus do ċuir sé aṫċuinġe air, g‐á ráḋ, A ṫiġearna, déan foiġid liom, agus íocfad an t‐iomlán leat. 27Agus do ġaḃ truaġ ṁór an tiġearna do’n tseirḃíseaċ sin, agus do scaoil sé saor é, agus do ṁaiṫ sé na fiaċa ḋó. 28Aċt do ċuaiḋ an seirḃíseaċ sin amaċ, agus fuair sé duine d’á ċóiṁ‐ṡeirḃíseaċaiḃ go raiḃ céad pingin aige air; agus ag breiṫ ar scórnaċ air, aduḃairt sé, Íoc liom a ḃfuil agam ort. 29Agus do ċaiṫ a ċóiṁ‐ṡeirḃíseaċ é féin roiṁe, agus do ċuir sé aṫċuinġe air, g‐á ráḋ, Déan foiġid liom, agus íocfad ṫú. 30Agus níorḃ áil leis é: aċt d’imṫiġ sé agus do ċuir sé sa bpríosún é, nó go n‐íocaḋ sé na fiaċa. 31Agus nuair do ċonnaic a ċóiṁ‐ṡeirḃísiġ a raiḃ déanta, do ġoill sé go mór orṫa, agus ṫángadar, agus d’inniseadar d’á dtiġearna gaċ a dtarla. 32Annsin do ġlaoḋ a ṫiġearna ċuige é, agus aduḃairt sé leis, A ropaire ṡeirḃísiġ, do ṁaiṫeas‐sa ḋuit‐se na fiaċa úd go léir, toisc gur ċuiris aṫċuinġe orm: 33Nár ċóir ḋuit‐se, d’á ḃriġ sin, truaġ do ṫaḃairt dod’ ċóiṁ‐ṡeirḃíseaċ, fá mar ṫugas‐sa truaġ ḋuit‐se? 34Agus do ḃí fearg ar a ṫiġearna, agus ṫug sé do na céasadóiriḃ é, nó go n‐íocaḋ sé na fiaċa go léir. 35Agus is mar sin ḋéanfas m’Aṫair neaṁḋa ḋaoiḃ‐se, muna maiṫfiḋ gaċ aon duine agaiḃ d’á ḃráṫair ó ċroiḋe.
Currently Selected:
Matha 18: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.