Matha 11
11
1Agus ṫarla, nuair do ċríoċnuiġ Íosa múineaḋ a ḋáréag deisceabal, gur imṫiġ sé as an áit sin ċum teagasc agus craoḃscaoileaḋ do ḋéanaṁ ’n‐a gcaṫraċaiḃ‐sean.
2Agus nuair do‐ċuala Eoin, agus é sa bpríosún, i dtaoḃ a ndearna an Críost, do ċuir sé uaiḋ beirt d’á ḋeisceablaiḃ, 3g‐á ḟiafraiġe ḋe, An tusa an té atá le teaċt, nó an gcaiṫfimíd feiṫeaṁ le duine éigin eile? 4Agus aduḃairt Íosa leo g‐á ḃfreagairt, Imṫiġiḋ, agus innsiḋ d’Eoin na neiṫe do‐ċluin, agus do‐ċí siḃ: 5atá raḋarc ag dallaiḃ, agus siuḃlann bacaiġ, glantar na loḃair, agus atá éisteaċt ag boḋránaiḃ, aiṫḃeoḋtar na mairḃ, agus atá an soiscéal d’á innsint do na boċtaiḃ. 6Agus is beannuiġṫe an té naċ ḃfaiġiḋ aḋḃar scannail ionnam‐sa. 7Agus nuair do ḃí siad‐san imṫiġṫe, do ṫosnuiġ Íosa ar a ráḋ leis na sluaiġtiḃ i dtaoḃ Eoin, Cad é go ndeaċaiḋ siḃ amaċ sa ḃfásaċ le n‐a ḟeicsin? giolcaċ d’á luascaḋ le gaoiṫ? 8Aċt cad é go ndeaċaiḋ siḃ amaċ le n‐a ḟeicsin? Fear agus éadaiġe míne air? Féaċ, luċt an éadaiġ ṁín is i dtiġṫiḃ na ríoġ ḃíd‐sean. 9Aċt cad ċuige a ndeaċaiḋ siḃ amaċ? Ċum fáiḋ d’ḟeicsin? Go fírinneaċ adeirim liḃ, gur mó é ’ná fáiḋ? 10Is é seo an té go ḃfuil scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ,
Féaċ, atáim ag cur mo ṫeaċtaire ar m’aġaiḋ róṁam,
Agus ullṁóċaiḋ seisean do ḃealaċ róṁat.
11Adeirim liḃ go fírinneaċ, Ó n‐a rugaḋ ó ṁnáiḃ, níor éiriġ aon duine ba ṁó ’ná Eoin Baiste: aċt ċeana, an té is luġa le ráḋ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas, is mó é ’ná eisean. 12Agus ó laeṫiḃ Eoin Ḃaiste go dtí anois atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas d’á h‐éigniú, agus is iad luċt foiréiġin ḃíos g‐á fuadaċ. 13Óir do‐rinne na fáiḋe go léir agus an dliġe fáiḋeadóireaċt go dtí Eoin. 14Agus, má’s maiṫ liḃ a ġlacaḋ, is é seo Élias atá le teaċt. 15An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé. 16Aċt cia le n‐a saṁlóċad an díne seo? Is cosṁail í le leanḃaiḃ ’n‐a suiḋe ar áiteannaiḃ margaiḋ, ag glaoḋaċ ar a ċéile, 17agus g‐á ráḋ, Do ṡeinneamar ar an ḃfeadán daoiḃ, agus ní ḋearnaḃar rinnce; do ċaoineamar daoiḃ, agus ní ḋearnaḃar gol. 18Óir ṫáinig Eoin gan ḃeiṫ ag iṫe ná ag ól, agus adeirid, Atá deaṁan ann. 19Ṫáinig Mac an Duine ag iṫe agus ag ól, agus is é adeirid, Féaċ an duine craosaċ, agus póitire an ḟíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacaċ! Aċt ċeana is le n‐a gníoṁarṫaiḃ fíorṫar an eagna.
20Annsin do ṫosnuiġ sé ar ṁilleán do ṫaḃairt do na caṫraċaiḃ i n‐a ndearnaḋ furṁór a ġníoṁarṫa éaċtaċ, toisc naċ ndearnadar aiṫriġe. 21Mairg duit, a Ċorásín! mairg duit, a Ḃétsáida! óir dá ndéantaiḋe i dTuire agus i Sídóin na gníoṁarṫa éaċtaċa do‐rinneaḋ ionnaiḃ‐se, is fad ó do‐ġéanaidís aiṫriġe fá éadaċ róin agus fá luaiṫ. 22Aċt adeirim liḃ, gur sócaṁlaiġe do Ṫuire agus do Ṡídóin é, lá an ḃreiṫeaṁnais, ’ná ḋaoiḃ‐se. 23Agus tusa, a Ċafarnaúim, an suas go neaṁ árdóċar ṫú? síos go h‐ifreann ísleoċar ṫú: óir dá ndéantaiḋe i Sodom na gníoṁarṫa éaċtaċa do‐rinneaḋ ionnat‐sa, d’ḟanfaḋ sé ann go dtí an lá so. 24Aċt adeirim liḃ, gur saoráidiġe do ḋúṫaiġ Ṡodoim, lá an ḃreiṫeaṁnais, ’ná ḋuit‐se.
25Ins an am sin d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt, Molaim ṫú, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuigseana, agus gur noċtais do naoiḋeanaiḃ iad: 26is eaḋ, a Aṫair, mar ba é sin do ḋeaġ‐ṫoilse. 27Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ḋaṁ‐sa ag m’Aṫair: agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Mac, aċt ag an Aṫair; agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Aṫair aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a ḟoillsiú ḋó. 28Tigiḋ ċugam‐sa, siḃ uile ar a ḃfuil duaḋ agus trom‐ualaċ, agus do‐ḃéarfad fionnḟuaraḋ ḋaoiḃ. 29Tógaiḋ mo ċuing‐se oraiḃ, agus foġlaimiḋ uaim, óir atáim ceannsa agus uṁal im’ ċroiḋe: agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ faoiseaṁ d’ḃúr n‐anmannaiḃ. 30Óir is mín mo ċuing‐se, agus is éadtrom m’ualaċ.
Currently Selected:
Matha 11: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.