YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 8

8
1Agus ṫarla, tamall ’n‐a ḋiaiḋ sin, go ndeaċaiḋ sé tré ċaṫraċaiḃ agus tré ḃailtiḃ beaga, ag seanmórú agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil ríoġaċta Dé, 2agus an dáréag i n‐éinḟeaċt leis, agus roinnt ban do leiġeasaḋ ó ainspioraidiḃ agus ó aicídiḃ, Máire ar a dtugtar Magdaléné, as ar imṫiġ seaċt ndeaṁain amaċ, 3agus Ióhanna bean Ċúsa, feaḋmannaċ loruaiṫ, agus Súsanna, agus mórán eile díoḃ‐san do ḃí ag frioṫáileaṁ air as a ngustal féin.
4Agus nuair do ḃí sluaġ mór ag cruinniú le ċéile, agus daoine as gaċ caṫair ag triall air, 5do laḃair sé as saṁlaoid: D’imṫiġ síoladóir amaċ ag cur a ċuid síl: agus ag cur an tsíl dó, ṫuit cuid de le h‐ais an ḃealaiġ; agus do gaḃaḋ de ċosaiḃ ann, agus d’iṫ éanlaiṫ na spéire é. 6Agus do ṫuit cuid eile ḋe ar an gcarraig; agus ċóṁ luaṫ agus d’ḟás sé, do ṡearg sé, de ḃriġ naċ raiḃ úire aige. 7Agus do ṫuit cuid eile ḋe i measc an drisliġ; agus d’ḟás an drisleaċ i n‐éinḟeaċt leis, agus do ṫaċt sé é. 8Agus do ṫuit cuid eile ar an talaṁ maiṫ, agus d’ḟás sé, agus ṫug sé toraḋ uaiḋ, fá ċéad. Nuair aduḃairt sé an méid sin, do ġlaoḋ sé amaċ, An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.
9Agus d’ḟiafruiġ a ḋeisceabail de créad ba ċiall do’n tsaṁlaoid sin. 10Agus aduḃairt sé, Tugaḋ daoiḃ‐se rúin‐diaṁra ríoġaċta Dé d’aiṫint: aċt do ḋaoiniḃ eile i saṁlaoidiḃ; ionnas, ag féaċain dóiḃ naċ ḃfeicfidís, agus ag éisteaċt dóiḃ naċ dtuigfidís. 11Is í seo briġ na saṁlacide: Is é briaṫar Dé an síol. 12Iad‐san atá le h‐ais an ḃealaiġ is iad na daoine éisteas; annsin tig an diaḃal, agus tógann sé an briaṫar as a gcroiḋe, ar eagla go gcreidfidís agus go saorfaiḋe iad. 13Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ġlacas ċuca an briaṫar le h‐áṫas tar a éis dóiḃ éisteaċt leis; agus ní ḟuil fréaṁ aca‐san; creideann siad ar feaḋ tamaill, agus i n‐am caṫuiġṫe téiġeann siad ar gcúl. 14Agus an ċuid do ṫuit i measc an drisliġ, is iad‐san na daoine d’éist, agus sa tsliġe ḋóiḃ, múċtar iad le cúram, agus le saiḋḃreas, agus le pléisiúr an tsaoġail, agus ní ṫugaid toraḋ ċum abaiḋeaċta. 15Agus an ċuid atá sa talaṁ maiṫ, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriaṫar le deaġ‐ċroiḋe macánta, agus congḃuiġeann siad é, agus do‐ḃeir siad toraḋ go foiġdeaċ uaṫa.
16Agus ní ḟuil aon duine, ar lasaḋ lóċrainn dó, ċuṁduiġeas fá ḃéal soiṫiġ é, nó ċuireas fá leabaiḋ é; aċt cuireann sé ar ċoinnleoir é, i dtreo go ḃfeicfiḋ siad‐san ṫigeas isteaċ an solas. 17Óir ní curtar aon niḋ i ḃfolaċ naċ noċtfar; ná niḋ fá ċeilt, naċ n‐aiṫneoċar agus naċ dtiocfaiḋ ċum solais. 18D’á ḃriġ sin, taḃraiḋ do ḃúr n‐aire cionnas éistfeas siḃ: óir cibé duine ag a ḃfuil niḋ, do‐ḃéarfar dó; agus cibé duine naċ ḃfuil niḋ aige, tógfar uaiḋ a measann sé a ḃeiṫ aige.
19Agus ṫáinig ċuige a ṁáṫair agus a ḋearḃráiṫre, agus níor ḟéadadar teaċt ’n‐a aice mar ġeall ar an sluaġ. 20Agus do h‐inniseaḋ ḋó, Atá do ṁáṫair agus do ḋearḃráiṫre ’n‐a seasaṁ amuiġ, agus ba ṁaiṫ leo ṫú d’ḟeicsin. 21Aċt d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leo, Is iad mo ṁáṫair agus mo ḃráiṫre‐se iad‐san éisteas le briaṫraiḃ Dé, agus do‐ġní d’á réir.
22Agus ṫarla, lá de na laeṫiḃ sin, go ndeaċaiḋ sé féin agus a ḋeisceabail isteaċ i mbád; agus aduḃairt sé leo, Téiġmís trasna anonn go dtí an taoḃ eile: agus d’imṫiġeadar rómpa. 23Act ag imṫeaċt fá ṡeol dóiḃ do ṫuit a ċodlaḋ airsean: agus d’éiriġ stoirm gaoiṫe ar an loċ; agus do ḃíodar d’á líonaḋ agus do ḃíodar i gcontaḃairt. 24Agus ṫángadar ċuige, agus do ḋúisiġéadar é, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, a Ṁáiġistir, atáimíd d’ár mbáḋaḋ. Agus do ḋúisiġ sé, agus do ḃagair sé ar an ngaoiṫ agus ar ġargaint na tuinne: agus do stadadar agus ṫáinig ciúnas. 25Agus aduḃairt sé leo, Cá ḃfuil ḃúr gcreideaṁ? Agus do ḃí eagla orṫa agus do ḃí iongnaḋ mór orṫa, agus iad g‐á ráḋ le n‐a ċéile, Cia h‐é seo, go dtugann sé órdú do na gaoṫaiḃ agus do na tonnaiḃ féin, agus go n‐uṁluiġid dó?
26Agus do ṡroiċeadar críoċ na nGerasénaċ, atá os cóṁair na Galilé ṫall. 27Agus nuair ṫáinig sé i dtír, do casaḋ air fear áiriṫe as an gcaṫair go raiḃ deaṁain ann; agus naċ raiḃ éadaiġe air ar feaḋ i ḃfad, agus nár ċóṁnuiġ i n‐aon tiġ, aċt aṁáin ins na tuamaiḃ. 28Agus nuair do ċonnaic sé Íosa, do ġlaoḋ sé amaċ agus do ṫuit sé ar lár roiṁe, agus aduḃairt sé de ġuṫ árd, Caidé an ċuid atá agam‐sa ḋíot, a Íosa, a Ṁic Dé is Aoirde? 29Aṫċuinġim ort gan mo ṗianaḋ. Óir do ḃí sé g‐á órdú do’n spioraid neaṁ‐ġlain teaċt amaċ as an duine. Óir ba ṁinic do‐ḃeireaḋ sí air: agus do coiṁéadṫaiḋe é fá ġárda, agus do ceangailtiḋe é le slaḃraiḃ agus le geiṁliḃ; agus ag réabaḋ na gcuiḃreaċ ó ċéile ḋó, do ruaigeaḋ an deaṁan amaċ sa ḃfásaċ é. 30Agus d’ḟiafruiġ Íosa ḋe, Cad is ainm duit? Agus aduḃairt seisean, Léigiún; óir do ḃí mórán deaṁan tar éis dul isteaċ ann. 31Agus d’impiḋeadar air gan a órdú ḋóiḃ dul síos san aiḃéis. 32Agus do ḃí tréad mór muc ag inḃear ar an sléiḃ: agus d’impiḋeadar air a leigint dóiḃ dul isteaċ ionnta. 33Agus ṫug sé an cead dóiḃ. Agus ṫáinig na deaṁain amaċ as an duine, agus do ċuadar isteaċ ins na mucaiḃ: agus do riṫ an tréad de ruaṫar le fánaiḋ síos isteaċ sa ḃfairrge, agus do báḋaḋ iad. 34Agus nuair do ċonnaic siad‐san a ḃí g‐á mbuaċailleaċt an niḋ ṫarla, do ṫeiċeadar, agus d’inniseadar sa gcaṫair agus sa tír é. 35Agus do ċuadar amaċ go ḃfeicfidís créad do ṫuit amaċ; agus ṫángadar ċum Íosa, agus fuaradar an fear as ar imṫiġ na deaṁain, a éadaiġe air, agus é ’n‐a ṡuiḋe ’n‐a ġlain‐ṁeaḃair ag cosaiḃ Íosa: agus do ḃí eagla orṫa. 36Agus d’innis siad‐san do ċonnaic é cionnas mar slánuiġeaḋ an duine ’n‐a raiḃ na deaṁain. 37Agus muinntear críċe na nGerasénaċ ṫart timċeall, d’iarr siad air imṫeaċt uaṫa; óir ba ṁór an eagla do ḃí orṫa: agus do ċuaiḋ sé isteaċ i mbád, agus d’ḟill sé ar ais. 38Aċt an fear as ar imṫiġ na deaṁain, d’iarr sé d’impiḋe air go ḃfanfaḋ sé ’n‐a ḟoċair: aċt do ċuir sé uaiḋ é, g‐á ráḋ, 39Imṫiġ ċum do ṫiġe féin, agus innis na neiṫe móra do‐rinne Dia ḋuit. Agus d’imṫiġ sé ar a ḃóṫar, agus é ag innsin ar fud na caṫraċ ar fad i dtaoḃ na neiṫe mór do‐rinne Íosa ḋó.
40Agus ag teaċt ar ais d’Íosa, do ċuir an sluaġ fáilte roiṁe; óir do ḃíodar go léir ag feiṫeaṁ leis. 41Agus féaċ, ṫáinig fear darḃ ainm Iárus, duine d’uaċtaránaiḃ na sionagóige, agus do ċaiṫ sé é féin ag cosaiḃ Íosa, agus d’iarr sé d’impiḋe air teaċt ċum a ṫiġe; 42óir do ḃí inġean aṁáin aige agus í tuairim ḋá ḃliaḋain déag d’aois, agus do ḃí sí ’n‐a luiġe i rioċtaiḃ báis. Aċt sa tsiuḃal dó do ḃí an sluaġ ag brúġaḋ air.
43Agus bean ar a raiḃ sruṫ fola le ḋá ḃliaḋain déag, agus go raiḃ a maoin iomlán caiṫte aici ar liaġaiḃ, agus gan leiġeas le fáġáil aici ó ḋuine aca, 44ṫáinig sí taoḃ ṫiar de, agus do ċuir sí a lám ar ḟaḃra a ḃrait: agus ar an láṫair do cuireaḋ stad leis an sruṫ fola. 45Agus aduḃairt Íosa, Cia h‐é do ḃain liom? Agus nuair ṡéan gaċ uile ḋuine é, aduḃairt Peadar agus siad‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair, A Ṁáiġistir, atá na sluaiġte ag teannaḋ umat agus ag brúġaḋ ort. 46Aċt aduḃairt Íosa, Do ḃain duine éigin liom: óir do ṁoṫuiġeas buaiḋ ag dul amaċ asam. 47Agus nuair ṫug an ḃean fá deara nár ceileaḋ í, ṫáinig sí ar criṫ, agus d’á caiṫeaṁ síos ag a ċosaiḃ ḋí, d’innis sí i ḃfiaḋnaise na ndaoine go léir cad ċuige ar ḃain sí leis, agus cionnas mar do leiġeasaḋ í ar an mball. 48Agus aduḃairt seisean léi, A inġean, do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú; imṫiġ i síoṫċáin.
49Le linn cainnte ḋó, ṫáinig duine de ṫeaġlaċ uaċtaráin na sionagóige, g‐á ráḋ, Atá t’inġean tar éis báis; ná cuir a ṫuilleaḋ buaiḋearṫa ar an Máiġistir. 50Aċt, ar n‐a ċlos sin d’Íosa, d’ḟreagair sé é, Ná bíoḋ eagla ort: creid aṁáin, agus slánóċar í. 51Agus nuair do ṡroiċ sé an teaċ, níor leig sé d’aoinneaċ teaċt isteaċ i n‐éinḟeaċt leis, aċt Peadar, agus Eoin, agus Séamas, agus aṫair agus máṫair an ċailín. 52Agus do ḃíodar go léir ag gol, agus g‐á caoineaḋ: aċt aduḃairt seisean, Ná biḋiḋ ag gol; ní marḃ atá sí, aċt n‐a codlaḋ. 53Agus do‐rinneadar gáiriḋe magaṁail faoi, agus a ḟios aca go raiḃ sí marḃ. 54Aċt do rug seisean ar láiṁ uirṫi, agus do ġlaoḋ sé os árd, A ċailín, éiriġ. 55Agus ṫáinig a h‐anam ar ais, agus d’éiriġ sí aniar ar an láṫair: agus d’órduiġ seisean rud le n’iṫe ṫaḃairt dí. 56Agus do ḃí iongnaḋ an‐ṁór ar a h‐aṫair agus ar a máṫair; aċt d’órduiġ sé ḋóiḃ gan a innsin d’aon duine créad do ḃí déanta.

Currently Selected:

Lúcás 8: JOYNTG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in