Lúcás 13
13
1Agus do ḃí daoine láiṫreaċ an t‐am céadna sin d’innis dó i dtaoḃ na nGaliléaċ, gur ṁeasc Píoláid a gcuid fola le n‐a n‐íoḋbartaiḃ. 2Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo, An measann siḃ gur ṁeasa mar ṗeacaiġ na Galiléaiġ úd ’ná an ċuid eile de na Galiléaċaiḃ, de ċionn gur ḟulaingeadar an méid sin? 3Adeirim liḃ, Níorḃ eaḋ: aċt muna ndéanaiḋ siḃ‐se aiṫriġe, bascfar siḃ uile ar an gcuma ċéadna. 4Nó an t‐oċtar déag úd gur ṫuit an túr i Silóam orṫa, agus gur ṁarḃ sé iad, an measann siḃ gur ṁó ba ċionntaċ iad‐san ṫar a ḃfuil de ḋaoiniḃ i nIarúsalem? 5Adeirim liḃ, Níorḃ eaḋ: aċt muna ndéanaiḋ siḃ‐se aiṫriġe, bascfar siḃ uile ar an gcuma ċéadna.
6Agus do laḃair sé leo an tsaṁlaoid seo; Do ḃí crann fige curṫa ag duine áiriṫe ’n‐a ḟíonġort; agus ṫáinig sé ar lorg torṫa air, agus ní ḟuair. 7Agus aduḃairt sé leis an ḃfíon‐ċuradóir, Féaċ, atáim le trí bliaḋnaiḃ ag teaċt ar lorg torṫa ar an gcrann fige seo, agus ní ḟaġaim: leag é; cad ċuige an talaṁ do ċur amuġa gan tairḃe d’á ḋeascaiḃ? 8Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leis, A ṫiġearna, leig dó an ḃliaḋain seo, 9go róṁarad ’n‐a ṫimċeall, agus go gcuiread aoileaċ faoi: agus má ḃeir sé toraḋ annsin, béiḋ go maiṫ; aċt muna dtugaiḋ, leagfaiḋ tú é.
10Agus do ḃí sé ag teagasc i sionagóig áiriṫe, lá na sabóide. 11Agus féaċ, bean ’n‐a raiḃ spioraid lag‐ḃriġe le h‐oċt mbliaḋnaiḃ déag; agus do ḃí sí cromṫa, agus ní raiḃ ar ċumas dí í féin do ḋíriú ar ċor ar biṫ. 12Agus nuair do ċonnaic Íosa í, do ġlaoḋ sé ċuige í, agus aduḃairt sé léi, A ḃean, atá tú saor ód’ laige. 13Agus do ċuir sé a láṁa uirṫi: agus ar an láṫair d’éiriġ sí díreaċ, agus ṫug sí glóir do Ḋia. 14Agus d’ḟreagair uaċtarán na sionagóige, agus é go díombuiḋeaċ d’Íosa toisc leiġeas do ḋéanaṁ, lá na sabóide, agus aduḃairt sé leis an sluaġ, Atá sé lá ann ’n‐ar ceart obair do ḋéanaṁ: tagaiḋ ar na laeṫiḃ sin go leiġeasfar siḃ, agus ná biḋiḋ ag teaċt lá na sabóide. 15Aċt d’ḟreagair an Tiġearna é, agus aduḃairt, A ḃréigḟíréana, naċ scaoileann gaċ duine agaiḃ a ḋaṁ nó a asal ó’n mainnséar, lá na sabóide, agus naċ gcinnireann sé ċum uisce é? 16Agus an ḃean so, inġean Abraċaim, do ḃí fá ċeangal ag Sátan le h‐oċt mbliaḋna déag anuas, nár ċeart í do scaoileaḋ ó’n gceangal sin, lá na sabóide? 17Agus nuair aduḃairt sé na neiṫe sin, do ċuir sé náire orṫa‐san do ḃí ’n‐a aġaiḋ: agus do ḃí an‐áṫas ar an sluaġ de ḃárr na neiṫe glórṁar go léir do ḃí aige d’á ndéanaṁ.
18Agus aduḃairt sé, Cad leis gur cosṁail ríoġaċt Dé? agus cad leis go saṁlóċad í? 19Is cosṁail í le gráinne síl mustaird, do ġlac duine ċuige, agus do ċuir ’n‐a ġarrḋa féin; agus d’ḟás sé, agus d’éiriġ sé ’n‐a ċrann; agus do neaduiġ éanlaiṫe na spéire ’n‐a ġéagaib. 20Agus aduḃairt sé arís, Cad leis go saṁlóċad ríoġaċt Dé? 21Is cosṁail í le laiḃín do ġlac bean ċuiċi, agus d’ḟoluiġ sí i dtrí peiciḃ mine nó gur ġlac an t‐iomlán an laiḃín.
22Agus do ġluais sé roiṁe tríd na caṫraċaiḃ agus tríd na sráid‐ḃailtiḃ, ag teagasc, agus é ag dul fá ḋéin Iarúsalem. 23Agus aduḃairt duine leis, A Ṫiġearna, an aṁlaiḋ naċ slánuiġṫear aċt beagán? 24Agus aduḃairt sé leo, Déanaiḋ díċeall ar ḋul isteaċ an doras cuṁang: óir adeirim liḃ gur ab iomḋa duine ḃéas ag iarraiḋ dul isteaċ, agus ní éireoċaiḋ leo. 25Ċóṁ luaṫ agus ḃéas fear an tiġe éiriġṫe, agus doras an tiġe dúnta aige, agus ṫosnuiġeas siḃ‐se ar ḃeiṫ ’n‐ḃúr seasaṁ amuiġ, agus ar an doras do ḃualaḋ, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, foscail dúinn; agus freagróċaiḋ seisean agus adéarfaiḋ sé liḃ, Ní ḟuil a ḟios again cad as daoiḃ‐se; 26annsin tosnóċaiḋ siḃ‐se ar a ráḋ, D’iṫeamar agus d’ólamar id’ ḟoċair, agus do‐rinnis‐se teagasc ’n‐ár sráidiḃ; 27agus adéarfaiḋ seisean, Adeirim liḃ, Ní ḟuil a ḟios agam cad as daoiḃ; imṫiġiḋ uaim a luċt an uilc do ḋéanaṁ. 28Annsin béiḋ gol agus gíoscán fiacal, nuair do‐ċífiḋ siḃ Abraċam, agus Íosóg, agus Iácób, agus na fáiḋe go léir i ríoġaċt Dé, agus siḃ féin díbearṫa amaċ. 29Agus tiocfaiḋ siad ó’n doṁan ṫoir, agus ó’n doṁan ṫiar, andeas agus adtuaiḋ, agus suiḋfiḋ siad síos i ríoġaċt Dé. 30Agus féaċ, atá daoine ar deireaḋ ḃéas ar tosaċ, agus atá daoine ar tosaċ ḃéas ar deireaḋ.
31An lá céadna sin ṫáinig cuid de na Fairisíneaċaiḃ, g‐á ráḋ leis, Imṫiġ agus fág an áit seo; óir atá Ioruaṫ ar tí do ṁarḃṫa. 32Agus aduḃairt sé leo, Imṫiġiḋ agus abraiḋ leis an sionnaċ sin, Féaċ, atáim ag cur deaṁan amaċ, agus ag déanaṁ leiġiseann indiu agus amáraċ, agus béiḋ deireaḋ liom an treas lá. 33Aċt ċeana caiṫfead ḃeiṫ ag gluaiseaċt róṁam indiu, agus amáraċ agus arḃu amáraċ: óir ní féidir go ḃfaiġeaḋ fáiḋ bás taoḃ amuiġ de Iarúsalem. 34A Iarúsalem, a Iarúsalem, ṁarḃas na fáiḋe, agus ġaḃas de ċloċaiḃ orṫa‐san a curtar ċugat! cad é a ṁiniciġe dob’ áil liom do ċlann do ċruinniú le ċéile, mar ċruinnuiġeas cearc a h‐ál féin fá n‐a sciaṫánaiḃ, agus níorḃ áil leat é! 35Féaċ, fágṫar ḃúr dteaġlaċ i n‐uaigneas agaiḃ: agus adeirim‐se liḃ, Ní ḟeicfiḋ siḃ mise arís go dtí go n‐abróċaiḋ siḃ, Is beannuiġṫe an té ṫig i n‐ainm an Tiġearna.
Currently Selected:
Lúcás 13: JOYNTG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.